Tá an domhan trí thine agus muide ag sárú faoi Mhainséar Beo

Bíonn páirtithe móra na tíre seo sásta cúrsaí aeráide a fhágáil faoin gComhaontas Glas, fad is a dhíríonn siad féin ar cheisteanna ‘móra’ eile

Tá an domhan trí thine agus muide ag sárú faoi Mhainséar Beo

Is iomaí duine a bhíonn ag gearán nuair a chloistear fógraí nó ceol na Nollag nó nuair a fheictear na maisiúcháin Nollag sna siopaí ag tús mhí na Samhna. Beidh cúis ghearáin nua againn i mbliana, de bharr na conspóide i mBaile Átha Cliath faoi láthair faoi Mhainséar na Nollag, ina mbíodh caoirigh, gabhair agus asal de ghnáth. Cumann Feirmeoirí na hÉireann seachas Dáil Éireann a cuireadh a cuireadh na caoirigh, gabhair agus asal ar fáil cé go bhfuil daoine ann a déarfadh go bhfuil a leithéid ar fáil san áit sin chomh maith.

Traidisiún láidir Nollag atá ann i mBaile Átha Cliath Mainséar Beo a bheith againn i lár na príomhchathrach, ach tá sé faoi bhagairt anois ag Ard-Mhéara na cathrach, Caroline Conroy ón gComhaontas Glas, a chinn gan dul ar aghaidh leis i mbliana chun sábháilteacht na n-ainmhithe a chinntiú.

Ní aontaíonn go leor leis an gcinneadh áirithe seo, áfach, agus tá comhairleoirí Fhine Gael go háirithe spréachta le Conroy. Eisíodh preasráiteas ag cur míshástacht an pháirtí in iúl agus dúradh go bhfuil rún éigeandála á ullmhú ag James Geoghegan faoi láthair chun dul siar ar an gcinneadh.

Ullmhaíodh íomhánna do na meáin shóisialta chomh maith ag impí ar an lucht leanúna “smaoineamh ar na páistí” ach scriosadh an giolc go gairid i ndiaidh a sheolta Dé hAoine seo caite Dúradh ag an am go mb’fhéidir go raibh baint aige sin leis an tuarascáil ar dhaoine gan dídean a foilsíodh an lá céanna, a thug le fios go raibh méadú ar líon na bpáistí gan dídean sa tír. Nuair a lorg mé ráiteas ó Fhine Gael faoi gceist seo, níor cuireadh aon cheo ar fáil dom.

Ach cá bhfágann sé sin muid? Chuir mé féin spéis in agallamh a rinne Micheál Mac Donnchadha ó Shinn Féin ar na meáin an tseachtain seo, agallamh nár dheimhnigh sé go vótálfadh sé ar son an rúin thuasluaite agus ar son an bheithilín bheo. Ní minic a bhíonn Sinn Féin agus Fine Gael ar aon fhocal faoi ábhar ar bith, ach an rud is annamh is iontach. Níor theastaigh ón dá pháirtí a fhógairt os ard go raibh siad ar aon fhocal ná níor theastaigh uathu an fuath atá acu don Chomhaontas Glas a thaispeáint.

Déarfadh daoine áirithe gur léiriú é seo ar sheafóid na polaitíochta, ach táimse den tuairim go dtugann sé léargas dúinn ar laigí an Chomhaontais Ghlais ó thaobh na cumarsáide de.

Ag deireadh na seachtaine seo, cuirfear tús le COP27 in Sharm el-Sheik san Éigipt. Comhdháil ollmhór idirnáisiúnta í COP27 ina bpléifear cúrsaí aeráide agus teip an domhain mhóir dul i ngleic leis an bhfadhb áirithe seo. Leagfar amach spriocanna uaillmhianacha chun astaíochtaí carbóin domhanda a laghdú.

Beidh Ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Eamon Ryan, ag freastal ar an gcruinniú thar ceann rialtas na hÉireann, agus beidh an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney ag dul anonn chomh maith. Bhí an Deireadh Fómhair is teo againn leis na scórtha bliain agus foilsíodh réamhaisnéis aimsire an tseachtain seo ag tuar teocht ollmhóir san Artach. Ach tá muid ag caint ar asail agus caoirigh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath?

Feictear dom go mbíonn páirtithe móra na tíre seo sásta cúrsaí aeráide a fhágáil faoin gComhaontas Glas, fad is a dhíríonn siad féin ar cheisteanna ‘móra’ eile. Is í an fhadhb leis sin go bhfuil scéal na haeráide cineál diúltach faoi láthair – is ar éigean a éireoidh leis an tír seo a spriocanna féin a bhaint amach faoin mbliain 2030 nó chaithfí athruithe ollmhóra a thabhairt isteach nach dtaitneodh le sciar maith den phobal – feiceann muid an raic ar fad faoi lánaí rothaíochta a chur ar fáil, samhlaigh dá gcuirfí cosc ar charranna móra nó ar thaisteal ar eitleáin?

De réir na bpobalbhreitheanna ar fad a fhoilsítear, aithnítear ceist na haeráide mar cheist mhórthábhachtach ár linne. Dá n-athródh an Comhaontas Glas a chur chuige i leith na cumarsáide ar an gceist sin – ag cur fáilte roimh dhul chun cinn na sochaí seachas cosc ar rudaí (ar nós Beithilín Beo na príomhchathrach), an mbeadh seans ann go gcreidfeadh níos mó daoine sa bhfís atá acu?

Fág freagra ar 'Tá an domhan trí thine agus muide ag sárú faoi Mhainséar Beo'

  • Máire

    Vótáil mé do na Glasaigh ach aontaím leat ar an gceann seo Eoin. Uaireanta ceapaim go bhfuil muid friggeáilte mar chine daonna agus nach bhfuil aon dóchas ann.