Tá “an-díomá go deo” ar an iar-aire Gaeltachta agus Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív faoina laghad atá ráite faoin nGaeilge sa cháipéis polasaí nua a d’aontaigh a pháirtí le Fine Gael.
Dúirt Ó Cuív, a bhfuil amhras léirithe aige faoi phlean cheannairí Fhianna Fáil dul i mbun rialtais le Fine Gael, nach bhfuil aon “spriocanna dearfacha ar chor ar bith” faoin nGaeilge sa cháipéis agus gur ábhar mór díomá é freisin nach bhfuil “tada luaite ann faoi thábhacht na Gaeltachta agus na n-oileán”.
Thug Ó Cuív le fios do Tuairisc.ie chomh maith go ndearnadh neamhaird ar mholtaí éagsúla faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht a chuir sé féin faoi bhráid lucht idirbheartaíochta Fhianna Fáil le linn na gcainteanna le Fine Gael.
“Sa bhreis ar an méid a bhí sa manifesto toghcháin maidir leis an nGaeilge, rinne mé aighneachtaí chuig an dream a bhí i mbun idirbheartaíochta agus bhí míreanna faoin nGaeilge ansin. Tá an-díomá go deo orm maidir lena laghad atá ráite faoin nGaeilge agus mar nach bhfuil aon spriocanna dearfacha luaite ina taobh.”
“Mar shampla ní luaitear cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus is léir nach mbeidh aire sinsearach ann a bheidh freagrach as an nGaeilge agus as an nGaeltacht ach oiread. Maidir leis an nGaeltacht agus na hoileáin, is cúis díomá dom nach bhfuil siad luaite ar chor ar bith sa gcáipéis,” a dúirt an t-iar-aire Gaeltachta.
Tá cáineadh déanta chomh maith ag Sinn Féin ar cháipéis pholasaí nua Fhianna Fáil agus Fhine Gael mar gheall ar a laghad atá inti faoin nGaeilge agus toisc gan aon tagairt ar chor ar bith a bheith inti don Ghaeltacht.
Tá dhá thagairt don Ghaeilge sa chreatcháipéis pholasaí atá aontaithe ag ceannairí Fhianna Fáil agus Fhine Gael ar mhaithe le rialtas nua a bhunú.
Níl slánú na teanga luaite ar chor ar bith sa cháipéis agus níl aon tagairt ann do chás na Gaeltachta.
Tá deich mbunsprioc, nó croímhisean mar a thugtar orthu, sa cháipéis 24 leathanach a chuirfear faoi bhráid bhaill parlaiminte an dá pháirtí tráthnóna.
Tá an chéad tagairt don Ghaeilge luaite mar chuid de ‘Mission: A Better Quality of Life for All’.
Gealltar anseo go n-aithneofar “the role of the arts, culture and the Irish language in our personal and community wellbeing”.
Tá an dara tagairt do chéad teanga oifigiúil na tíre luaite sa mhír ‘Mission: Supporting Young Ireland”.
Maítear ansin go dtabharfar an deis do gach páiste “to develop their creativity, appreciate the Irish language, and learn history”.
Tá cur chuige an dá pháirtí i leith chás na Gaeilge agus na Gaeltachta cáinte go láidir ag Sinn Féin agus ag Conradh na Gaeilge.
Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh:
“Tá díomá orm nach bhfuil an Ghaeilge ná an Ghaeltacht mar thosaíocht ag an dá pháirtí ach níl iontas ar bith orm. Ní cheart do phobal na Gaeilge ná na Gaeltachta ná aon chuid de phobal na tíre a bheith ag súil go gcomhlíonfar geallúintí a tugadh aimsir an toghcháin.
“Níl le feiceáil sa cháipéis ach an rud céanna atá feicthe againn le blianta anuas. Is léir nach mbeidh aon fhuadar fúthu maidir le réiteach a fháil ar an ngéarchéim teanga sa Ghaeltacht. Déanfaidh siad beagáinín maidir le ceantair thuaithe agus beidh an Ghaeltacht snoite leis an gcuid sin, b’fhéidir, ach is léir nach mbeidh aon bheartais mhóra ann maidir le tarrtháil na Gaeltachta nó cosaint na Gaeltachta, ó thaobh na teanga ná ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta de.
“Thug rialtas i ndiaidh rialtais geallúintí maidir le ceantair Ghaeltachta ach fós féin tá siad ar na ceantair is imeallaí, is boichte dá bhfuil sa tír,” arsa urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur údar díomá don eagraíocht é nach bhfuil cur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta i measc na mbunspriocanna a luaitear sa cháipéis.
“Níl an Ghaeilge ná an Ghaeltacht luaite mar thosaíocht sa cháipéis. Níl na gealltanais a tugadh san olltoghchán le feiceáil ar chor ar bith, fiú na cinn nach bhfuil aon airgead ag baint leo. Tá muid ag glacadh leis faoin am a chuirfear an clár rialtas le chéile go mbeidh na gealltanais a tugadh san áireamh, ar nós, polasaí oideachais don Ghaeilge ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal agus leasuithe ar an bhille teanga agus an Straitéis 20 Bliain 2020-2030 san áireamh.
Deir lucht an dá pháirtí go leagtar amach sa cháipéis plean don téarnamh eacnamaíochta tar éis ghéarchéim Covid-19.
Deirtear sa cháipéis a d’aontaigh Leo Varadkar agus Micheál Martin nach raibh a leithéid de ghéarchéim ann lenár linn agus gur gá rialtas láidir le móramh láidir dá réir.
Chomh maith leis an téarnamh eacnamaíochta i ndiaidh na géarchéime sláinte dírítear chomh maith ar fheabhas a chur ar “the wellbeing of the Irish people and society”.
Chuige sin leagtar amach 10 mbunsprioc, nó croímhisean mar a thugtar orthu. Is iad na misin sin: athbheochan an gheilleagair, cúram sláinte do chách, tithíocht do chách; conradh sóisialta nua; margadh ‘glas’ nua; saol níos fearr do chách; tacaíocht do dhaoine óga na tíre; deiseanna taighde agus oideachais a chur ar fáil; oileán comhroinnte, i gcroílár na hEorpa; agus an tsaoránacht dhomhanda.
Gealltar nach n-ardófar cáin ioncaim ná an Muirear Sóisialta Uilíoch agus nach laghdófar na bunrátaí leasa shóisialaigh.
Mórchuid mianta agus gannchuid sonraí ceann de na tréithe is mó a bhaineann leis an gcáipéis agus é i gceist aici creatlach polasaí a leagan amach a bhféadfadh rialtas nua tógáil uirthi.
Mairéad
Billeogaí eolais i mBéarla amháin a scaipeadh sa Ghaeltacht le déanaí.
Le fada tá FF-FG ag cur brú orainn glacadh le feidhm siombalach ornáideach “chultúrtha oidhreachtúil” seachas feidhm praiticiúil sa ghnáthshaol do bheith ag an teanga náisiúnta.
Breathnóir1
Cúis díomá ach ní cúis iontais, b´fhéidir? Is beag duine i ´Fianna Gael´ a bhfuil suim acu sa Ghaeilge, agus sin an fhírinne lom.
Con Ó Murchú
Iontas go n-iontas!
Dáithí Mac Cárthaigh
Cuirigí rphoist agus brú ar bhur TDanna áitiúla. Tá an t-am anois agaibh.
Áine
An Ghaeilge agus an Ghaeltacht brúite in áit na leithphingne aríst ag lucht ceannais – tús áite don ghéarchéim agus leithscéal eile nach gcaithfear aghaidh a thabhairt orainn – tuilleadh fianaise den méid atáthar ag rá le blianta go bhfuil an Béarla agus cultúr an Bhéarla á bhrú orainn go leanúnach sa nGaeltacht agus go deimhin ar Ghaeilgeoirí taobh amuigh den Ghaeltacht – cinnteofar go mbeidh an Ghaeltacht fágthaí chomh lag agus nach fiú dhóibh a bheith ag cur airgid amú díriú uirthi mar phobal beo bríomhar – oidhreacht, oidhreacht, oidhreacht.. is furasta freastal ar dream na cúpla focal agus iad sásta le leathsheirbhís a thuigfidh chuile dhuine mar beag a baol go bhfeicfí go mbeifí ag maslú aon duine atá ag déanamh iarrachta…. ach táthar sásta fanacht glan uileag ar na daoine atá ag coinneáil na Gaeilge beo sa nGaeltacht ach gur fuath leob fhéin an bureaucracy agus an tinneas cinn a chruthaíonn lucht an phinn – amach faoin aer anois ach tás againn uileag an fhírinne agus tá sé in am é a admháil gur cúpla focal ag ócáidí stairiúla/oidhreachta atá uaidh rialtaisí agus ní bheith ag tacú le pobail bhríomhara Gaeltachta.
Mícheál Mac Aonghusa
Tá an ceart ar fad ag Ó Cuív. Níl oiread agus an gnáth-bhéalghrá á thabhairt don Ghaeilge ná don Ghaeltacht sa cháipéis chomhaontaithe.
Gabriel Rosenstock
Tréas.