Tá an cúlstad a theastaigh faighte. Féar plé, ach céard is fiú é?

Is é bun agus barr ár gcruacháis nach bhfuil tuairim ag duine ar bith fós cén toradh a bheas ar an gcíor thuathail i Londain

Tá an cúlstad a theastaigh faighte. Féar plé, ach céard is fiú é?

Tá ardmholadh tuillte ag an rialtas agus ag na státseirbhísigh abhus agus i gcéin a chosain leas na hÉireann agus an comhaontú Breatimeachta á dhréachtú le bliain anuas.

Ba léir a ndíograis do scríbhneoir an cholúin seo fiú roimh lá an reifrinn sa Ríocht Aontaithe in 2016. Bhí státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath ag ullmhú i gcomhair vóta imeachta thall ar feadh leathbhliana roimh ré ar a laghad, agus a thionchar ar iliomad gné de shaol na tíre á iniúchadh acu.

 ‘Ar fhaitíos na bhfaitíos’ a bhaist státseirbhíseach amháin ar an bplean sealadach a phléigh sé le Tuairisc.ie an uair sin. Faraor, tháinig scéala ó Londain cúpla lá ina dhiaidh sin a léirigh buaine an riachtanais.

Fógraíodh sa Bhruiséil Dé Céadaoin go raibh dea-thoradh ar an obair a rinneadh ó 2016 i leith.  Tá foráil láidir shoiléir sa chomhaontú Breatimeachta ina ndéantar cur síos láidir ar an gcúlstad a d’iarr an Rialtas, cheal aon réiteach eile ar cheist an Tuaiscirt. Bhí an cúlstad ann in ainneoin gach dícheall a rinne rialtas na Breataine lena chur i leataobh.

Faraor, is léir do chách an baol go mbeidh an focal ‘comhaontú’ as feidhm faoi cheann tamaill. Mura dtagann móramh in Westminster ar mhalairt tuairime roimh lár mhí Eanáir ar a dheireanaí, bheadh tréimhse mhór éiginnteachta romhainn tar éis don Ríocht Aontaithe scaradh leis an Aontas Eorpach ar an 29 Márta agus gan aon mhargadh déanta.

Ní cóir gach ábhar dóchais a chur as an áireamh. Má léirítear go leanúnach d’fheisirí parlaiminte i Londain nach bhfuil ceannairí an AE toilteanach an margadh Breatimeachta a chur ar an mbord arís, b’fhéidir go dtiocfadh cuid acu ar mhalairt intinne. Má thugtar droim láimhe leis an gcomhaontú in Westminster tar éis dó tacaíocht a fháil ag an gcruinniú mullaigh de chuid an AE ar an 25 Samhain, spreagfaidh díluacháil Sterling agus aslonnú comhlachtaí breis imní thall.

Idir an dá linn, is mar a chéile dáiríre síol an dainséir atá ag bagairt ar Éirinn i gcónaí.

“Dá mbeadh a fhios againn céard a theastaíonn ón Ríocht Aontaithe,” a dúirt státseirbhíseach i mBaile Átha Cliath agus toradh an reifrinn á phlé againn roimh ré in 2016, “d’fhéadfaí tús a chur le comhráite gan mhoill le súil go dtiocfaí ar réiteach. Faraor, nil a fhios acu féin céard a theastaíonn uathu, in aon chor.”

Tá a thuairim chomh bailí anois agus a bhí dhá bhliain ó shin, faraor. An bhfuil sé ar chumas pholaiteoirí na Breataine teacht ar chomhthuairim faoin gcineál Breatimeachta a ba cheart a chur i gcrích – is é sin, más féidir an Breatimeacht a chur i gcrích? Nó an amhlaidh go reáchtálfar reifreann eile ina gcuirfear cinneadh 2016 i leataobh? Cá bhfios?

Níl aon dul as ag an rialtas ach dlús a chur leis an bpleanáil a theastaíonn mar ullmhúchán don chás is measa: Breatimeacht cheal réitigh ina dtéann an caidreamh idir an tír seo agus ballstáit eile an AE leis an Ríocht Aontaithe in olcas, ar feadh scaithimh ar a laghad.

Is cúis bheag sóláis é mar sin gur labhair an Taoiseach le Theresa May arís ar an bhfón Déardaoin, cé nach ionann comhrá teileafóin agus comhartha dea-chaidrimh ná comhthuisceana. Beidh teagmháil leanúnach idir Baile Átha Cliath agus Londain de dhíth go géar mar sin féin má tharraingíonn an Bhreatain amach as an AE agus gan aon mhargadh déanta.

Is fiú ábhar dóchais eile a lua cé nach bhfuil ann ach féidearthacht. Dá gcaillfeadh an DUP smacht ar rialtas na Breataine tar éis olltoghcháin, nó de thoradh margadh nua comhrialtais (nach léir fós) in Westminster, bheadh dris chosáin shuntasach curtha i leataobh.

Ní foláir a admháil faoi láthair, áfach, gur ar éigean is fiú a bheith ag caint ar ábhair dóchais agus an Breatimeacht á phlé. Is é bun agus barr ár gcruacháis nach bhfuil tuairim ag duine ar bith fós cén toradh a bheas ar an gcíor thuathail i Londain. 

Tá géarghá le straitéis Éireannach nua chun déileáil leis an dúshlán is déanaí a bhaineann leis an mBreatimeacht, bíodh nach léir in aon chor cén dúshlán atá romhainn.

Tá an cúlstad a theastaigh ón rialtas bainte amach ag an rialtas. Fair play, ach céard is fiú é? Dada b’fhéidir.

Fág freagra ar 'Tá an cúlstad a theastaigh faighte. Féar plé, ach céard is fiú é?'

  • Magaoidh

    Ní mór do muintir na hÉireann léirsithe síochánta a eagrú ar an dá thaobh den teorann lenár n-imní a chur in iúl.