“Caithfimid é a chuimilt le páipéar gainimh… agus na meallta agus cnapanna atá ag gobadh amach as a bhaint de.” Ní ag caint ar chrann darach a shnoí a bhí Boris Johnson, Príomh-Aire na Breataine. Is ag cur síos ar an bPrótacal iarBhreatimeachta a bhí sé agus ar na mionathruithe air a theastaíonn uaidh.
Beag an seans gur chothaigh an cur chuige bambairneach doiléir sin muinín i measc an phobail a bhí ag faire air ar BBC Thuaisceart Éireann. Léirigh pobalbhreith d’Ollscoil na Ríona a rinneadh roimh chíréibeacha na Cásca gur ar éigean atá muinín ag duine ar bith abhus i rialtas Johnson i dtaca leis an bPrótacal. Níl an scéal mórán níos fearr i gcás éinne eile de na rialtóirí atá ag déileáil leis an gceist.
Údar mór imní é cé chomh holc is atá an easpa muiníne atá ag daoine, is cuma cén dearcadh atá acu faoin mBreatimeacht, as a bpolaiteoirí.
Is léir ó fheachtas na n-aontachtach i gcoinne ‘teorainn i Muir Éireann’ go bhfuil go leor de lucht tacaíochta an Bhreatimeachta míshásta le lucht na Bruiséile, leis an rialtas i mBaile Átha Cliath agus le Boris Johnson, cé go bhfuilid fós ag iarraidh brú a chur air.
Tá sé soiléir ón suirbhé nach bhfuil iontaoibh sa Phríomh-Aire Johnson ag grúpaí frithBhreatimeachta a ghlacann leis an bPrótacal mar rogha an dá dhíogha.
Tá móramh, 57%, fós den bharúil gur drochrud é an Breatimeacht.
Tá an coimhthíos leis an mbunadh polaitiúil domhain agus forleathan.
Ní dea-thuar do bhuanseasmhacht na polaitíochta logánta é tráth nach féidir brath air go mbeadh crios sábhála le fáil ó Whitehall/Westminster.
Ní raibh ach duine amháin as gach scór, 5% den phobal, a raibh muinín ar bith acu as rialtas na Breataine chun an Prótacal a bhainistiú ar leas Thuaisceart Éireann. Lena chois sin ní raibh muinín ach ag 15% , triúr as scór, as Feidhmeannas Stormont agus beagán sa bhreis air sin 19% as an gcomhchoiste de chuid na Ríochta Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh um riaradh an Phrótacail. Ní bhfuair rialtas na hÉireann an chraobh ach oiread cé gurb é ab fhearr den aicme rialaithe a chruthaigh agus muinín ag 34% as.
Bhí iontaoibh ag 52% sna hionadaithe ar an lucht gnó – an dream is mó a mbíonn teachtaireacht dhearfach acu. Ní shéanann siad na deacrachtaí a bhaineann le feidhmiú an Phrótacail ach déanann siad moltaí praiticiúla amanta. Fuascailt na bhfadhbanna a éilíonn siad seachas scrios.
Dúirt breis agus leath na bhfreagróirí, 57%, gur mhaith leo go n-aontódh an Ríocht Aontaithe ailíniú rialála leis an Aontas Eorpach i dtaca le bia agus tréidliacht. Réiteodh sé sin na fadhbanna is mó a bhaineann leis n bPrótacal.
Chreid 42% gur sheift chuí é an Prótacal chun a dhul i ngleic le héifeacht an Bhreatimeachta, d’easaontaigh 46%.
Mar sin féin bhí móramh mór, 65%, den bharúil gur ghá socruithe speisialta do Thuaisceart Éireann chun déileáil leis an mBreatimeacht.
Maítear go minic gur chuma cén cur chuige a bheidh ag páirtithe gurb iad an DUP agus Sinn Féin a bheidh ar thús cadhnaíochta i dtoghchán, áireamh na dtreabh. Fiafraíodh den bhreis is 2,000 duine a ghlac páirt sa phobalbhreith an mbeadh tionchar ag leagan amach iarrthóra i leith an Phrótacail ar a vóta. Díol suntais ab ea é gur dhúirt triúr as ceathrar, 77%, go n-athródh siad a vóta an chéad uair eile, bunaithe ar dhearcadh iarrthóra ar an bPrótacal. Dúirt 42% go gcaithfeadh iarrthóir a bheith ar son an Phrótacail, dá dhonacht é, chun a vóta a shaothrú i dtoghchán an Tionóil an bhliain seo chugainn. 39% a bheadh ag iarraidh go mbeadh iarrthóir in aghaidh an Phrótacail le go dtabharfaidís vóta dó.
Ba é an suirbhé seo, Testing the Temperature, an chéad cheann de shraith a dhéanfar gach ráithe go ceann trí bliana. An comhlacht Lucid Talk a dhéanfaidh na pobalbhreitheanna don tionscnamh ollscoile faoi stiúir na n-ollúna Katy Hayward agus David Phinnemore. Chomh maith le monatóireacht a dhéanamh ar thuairimí an phobail, foilseoidh siad anailís ar fheidhmiú an Phrótacail agus ar iompar na ndaoine sa bhaile, san Aontas Eorpach agus sa Bhreatain Mhór, arb é a gcúram cúrsaí a riaradh san ré iarBhreatimeachta. Scoláirí inmhuiníne iad an dream atá i bhfeighil na hoibre luachmhaire seo. Cá bhfios ach go ngabhfadh a gcuid oibre i gcion ar na polaiteoirí?
An Fiach Liath
“Údar mór imní é cé chomh holc is atá an easpa muiníne atá ag daoine, is cuma cén dearcadh atá acu faoin mBreatimeacht, as a bpolaiteoirí.” Ba cheart gur mhéanar sin dúinn. Ceistítigh gach rud. Déan do chuid taighde agus tar ar do thuairim féinig as sin. Ní lia duinne ná tuairim agus tá sé de cheart ag GACH UILE DHUINE teacht ar a thuairim féin pé acu an aontaíonn údar an ailt seo leis nó nach naontaíonn, go dtí go gceiltear sin orainn ag dream an “cheart mhachnaimh”.
An Teanga Bheo
Ta an honeymoon imithe le fada on Priomh Aire sin