‘Tá an cárta mór imeartha ag an DUP, níl aon bhac anois ar reachtaíocht Ghaeilge’ – Conradh na Gaeilge

Deir Conradh na Gaeilge go leanfaidh siad orthu ag cur brú ar Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann na gealltanais atá tugtha acu maidir le cúrsaí teanga ó thuaidh a chur i bhfeidhm

‘Tá an cárta mór imeartha ag an DUP, níl aon bhac anois ar reachtaíocht Ghaeilge’ – Conradh na Gaeilge

Deir Conradh na Gaeilge nár cheart go mbeadh aon bhac roimh reachtaíocht Ghaeilge do Thuaisceart Éireann a thabhairt isteach in Westminster fiú agus amhras ann faoina bhfuil i ndán do Thionól Stormont.

D’éirigh Paul Givan an DUP as a phost mar Chéad-Aire inné, rud a fhágann nach bhfuil an Feidhmeannas ábalta cinneadh ar bith a dhéanamh faoi aon pholasaí úr.

Dúirt Státrúnaí Thuaisceart Éireann Brandon Lewis an mhí seo caite go raibh Rialtas na Breataine meáite reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach in Westminster sula ndéanfar Stormont a scor do thoghchán an Tionóil ach ní fios go fóill cén tionchar a bheidh ag an scéal is deireanaí seo ar chúrsaí.

Deir Conradh na Gaeilge go leanfaidh siad orthu ag cur brú ar Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann na gealltanais atá tugtha maidir le cúrsaí teanga ó thuaidh a chur i bhfeidhm.

“Anois go bhfuil an cárta mór imeartha ag an DUP, creideann muid nach bhfuil aon rud eile ag cur bac roimh Rialtas na Breataine an reachtaíocht teanga a thabhairt isteach fríd Westminster,” a deir Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide Chonradh na Gaeilge.

“Beidh muid ag eagrú go mór agus go minic sa tréimhse atá amach romhainn chun ceist na Gaeilge a choinneáil ar an chlár pholaitiúil.”

Deir an eagraíocht teanga nárbh aon ábhar iontais dóibh go bhfuiltear fós ag fanacht ar an reachtaíocht don Ghaeilge cé gur gealladh í breis is 15 bliain ó shin i gComhaontú Chill Rímhínn.

“Tá seal Feidhmeannais eile caite agus arís eile dhiúltaigh páirtithe aontachtaithe cearta teanga a chur i bhfeidhm ó thuaidh. Tá muid ag caint anseo ar chearta a aontaíodh in 2006, agus arís, ar an dréachtreachtaíocht a foilsíodh in Eanáir 2020. Níl iontas orainn, ach fós féin tá díomá orainn.

“Cinntíonn an teip seo arís eile nár cuireadh aon socrú polaitiúil ó thuaidh i bhfeidhm riamh le cothrom na Féinne a thabhairt do phobal na Gaeilge agus na gealltanais a tugadh dúinn, ach go háirithe ó bhí Comhaontú Aoine an Chéasta ann. Mandáid i ndiaidh mandáide rinneadh neamhaird orainn, diúltaíodh dár gcuid éileamh agus rinneadh imeallú orainn mar phobal,” arsa Pádraig Ó Tiarnaigh.

Deir an Conradh nár tháinig aon athrú ar an gcur chuige seo sa mhandáid is deireanaí, “in ainneoin na hathruithe móra ar fad a gealladh” sa chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua arú anuraidh.

“Mar gheall air sin, níl aon chúis ann go gcuirfeadh pobal na Gaeilge aon mhuinín in aon chomhaontú nua amach anseo,” arsa Ó Tiarnaigh.

“Is trí thaithí phianmhar thar 20 bliain a d’fhoghlaim muid an ceacht sin.”

Deir an Conradh nach ligfear do pháirtithe aontachtaithe “neamhaird, leatrom agus imeallú” a dhéanamh ar phobal na Gaeilge.

“Ní ghlacfaidh muid le sop in áit na scuaibe. Mura réitítear an cheist seo láithreach anois, tiocfaidh sí chun cinn arís agus arís eile le linn agus i ndiaidh an toghcháin atá romhainn.”

Aontaíodh mí Eanáir 2020 go dtabharfaí reachtaíocht teanga – don Ghaeilge agus don Ultais – isteach taobh istigh de 100 lá ach tá pobal na Gaeilge i dTuaisceart Éireann fós ag fanacht uirthi.

Gheall Rialtas na Breataine anuraidh go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster mí Dheireadh Fómhair mura ndéanfaí an cúram in Stormont roimhe sin. Nuair a cailleadh an sprioc sin, measadh go mbeadh an beart déanta roimh dheireadh mhí Eanáir i mbliana ach cuireadh sin siar arís.

Tá roinnt beartas don Ghaeilge geallta sa reachtaíocht, ina measc coimisinéir teanga agus stádas oifigiúil don teanga.

Fág freagra ar '‘Tá an cárta mór imeartha ag an DUP, níl aon bhac anois ar reachtaíocht Ghaeilge’ – Conradh na Gaeilge'