Tá a ‘basket of deplorables’ féin ag ‘daoine maithe’ na hÉireann

Is cosúil go bhfuil a fhios ag daoine maithe na hÉireann go bhfuil siad níos fearr agus níos cineálta agus níos cneasta ná an gnáthphleidhce – an cineál ciníoch a chaithfeadh vóta do Peter Casey

Tá a ‘basket of deplorables’ féin ag ‘daoine maithe’ na hÉireann

Faoi Shamhain a thosaíodh cuartaíocht an gheimhridh i gceart sna ceantracha tuaithe in Éirinn – sin nó gur chuir an teilifís deireadh leis an seanchas agus an scéalaíocht. Faoi Shamhain freisin a thagadh fuadar faoi shiúl agus faoi threabhadh na ‘ndaoine maithe’. Dá ngéillfeá do chomhrá an teallaigh bhí ‘daoine maithe’ istigh faoi chuile chraobh nó ag fánaíocht i ngarrantaí scáinte an gheimhridh.

Ach bhain an leictreachas siúl as na daoine maithe. Samhain gan scéalaíocht agus Samhain gan duine maith atá againn anois – nó an ea?

Seachain nach bhfuil dul amú orainn.

Beag beann ar an teilifís nó ar an leictreachas, tháinig ‘daoine maithe’ eile ar an bhfód i mí seo na Samhna sa tír seo. Ní faoin tuath ná istigh faoi chraobhacha ba mhinice a facthas na ‘daoine maithe’ seo. Cé gur beag dur a bhíodh as na ‘daoine maithe’ a bhí ag éalú leo faoi dhorchadas na hoíche, bhí na ‘daoine maithe’ nua-aoiseacha seo, ag cur a gcosa uathu i mí na Samhna 2018, iad glórach agus, go deimhin, féin – gaisciúil scaití.

Bhí an dream seo i bhfad chun cinn ar ‘phleidhce’ ar bith, nó drochdhuine a vótáil do Peter Casey i dtoghchán na hUachtaránachta. Bhí a fhios ag an dream uasal ‘daoine maithe’ seo a rinne gaisce as a ngnaíúlacht agus as a gcarthanacht féin agus as a thuisceanaí agus a chineálta agus a bhíodar gur phaca fíor-amadán – nó ‘racists’ – a bhí sna daoine a vótáil don Chathasach. Mar sméar mhullaigh ar uaisleacht na ndaoine maithe, bhí a fhios acu go rabhadar níos fearr agus níos daonna ná an ‘basket of deplorables’ (ar cuimhneach linn Hilary Clinton) a chaith vóta ciotach do Peter Casey.

Sórt diabhal a raibh col ceathrar aige in Ifreann a bhí sa gCathasach agus bhí gaol i bhfad amach leis an diabhal ag na “ruifínigh” a vótáil dó.

Is iontach go deo an tuiscint a fhaigheann na daoine maithe ar an saol. An gnáthphleidhce, pé ar bith diomar a bhíonn air, bíonn sé ag tuiscint – más de réir a chéile féin é – gur beag é a chuid eolais, is cuma cé mhéad eolais atá pioctha suas aige. An gnáthphleidhce freisin, tuigeann sé le himeacht na mblianta gur furasta duine níos cumasaí, níos ionraice agus níos uaisle ná é féin a fháil.

Is fada go gcloisfeá an diabhal bocht seo, a bhfuil iarrataí na mblianta faighte aige, ag maíomh as a chuid carthanachta ná a chuid dea-thréithe. Ach fág ag na daoine maithe é. Is cosúil go bhfuil a fhios acu go bhfuil siad níos fearr agus níos cineálta agus níos cneasta ná an gnáthphleidhce – an cineál ciníoch a chaithfeadh vóta do Peter Casey.

Fuireach orainn uilig anois; tuige dháiríre ar vótáil na ‘racists’ do Peter Casey?

Le dhá mhí anuas, no b’fhéidir níos minice, tá díospóireachtaí cloiste agam sa gComhairle Chathrach agus sa gComhairle Contae i nGaillimh faoi dhaoine atá ag teannadh isteach in eastáit tithíochta agus ag cur as go mór don dream a bhí ina gcónaí go réasúnta sona sásta ansin roimhe sin. Tá téarmaí ar nós ‘undesirable elements’ (agus cinn níos tromchúisí ná sin) cloiste agam. Bhí an scéal a bhí ag an gComhairleoir Tom McHugh as Tuaim faoi eastát tithíochta a cuireadh ó rath uilig i mbaile Áth Eascrach beagnach dochreidte.

Le gairid, ag cruinniú den Chomhairle Chathrach, chuir go leor de chomhairleoirí na Gaillimhe fainic ar an rannóg tithíochta faoin gcineál daoine a ligfí isteach i gceithre theach atá ceannaithe amach in áiteanna éagsúla sa gcathair le ligean ar cíos mar thithe sóisialta.

Bhí an Comhairleoir Pearse Flannery as iarthar na cathrach ar dhuine acu sin a labhair.

“Tá sé de dhualgas ar an gComhairle Chathrach seo aird a thabhairt ar chearta na ndaoine a éiríonn luath ar maidin agus a théann amach ag obair,” a dúirt an Comhairleoir Flannery.

“Caithfidh siadsan cothrom na Féinne a fháil chomh maith céanna leo siúd atá ar an ‘liosta tithíochta’.”

Dúirt Pearse Flannery go raibh fíordhroch-chás i gceantar in iarthar na cathrach de bharr gur cuireadh dream isteach i dteach a bhí ceannaithe ag an gComhairle Chathrach do dhaoine a bhí ar an liosta tithíochta. “Tá saol na ndaoine atá ina gcónaí ar an eastát seo millte anois de bharr a bhfuil ar bun thart orthu ó cuireadh daoine áirithe isteach i dtithe a cheannaigh an Chomhairle Chathrach,” a deir sé.

Dúirt an Comhairleoir Noel Larkin go mbíonn go leor imní ar dhaoine ar eastáit phríobháideacha anois nuair a chloiseann siad go bhfuil teach ceannaithe ansin ag an gComhairle Chathrach. “An féidir linn a bheith cinnte go bhfuil iniúchadh iomlán déanta sula roghnaítear na daoine atá le cur sna tithe seo?” a d’fhiafraigh Noel Larkin.

Ach an oiread leis an gComhairleoir Flannery, dúirt an Comhairleoir Lyons go gcaithfear cuimhneamh ar na daoine atá ag caitheamh an tsaoil go síochánta gan cur isteach ar dhuine ar bith eile. Is féidir le dream beag daoine an áit a chur trína chéile ar eastát, a deir sé.

Cé hiad an ‘undesirable element’ agus cé hiad na daoine “áirithe” seo a bhfuil an oiread sin imní fúthu ar eastáit phríobháideacha? Chaithfeadh sé go bhfuil fianaise sách láidir ag na hionadaithe poiblí agus go bhfuil údar imní ag na daoine atá imníoch.

Ceart go leor. Tá sé de cheart againn uilig cloí le cultúr áirithe, cloí le traidisiúin, cloí le bealaí saoil – an fhaid agus nach bhfuil muid ag cur as do chearta nó do chompord agus do bhealaí saoil dhaoine eile.

Fágadh muid as an ‘ciníochas’ agus an tseafóid faoi lucht na heite deise. Caitheann go leor daoine vóta do leithéidí Peter Casey mar go dteastaíonn uathu an saol a chaitheamh go réasúnta síochánta. Ba mhaith leo compord a bheith acu sa tréimhse ghearr saoil atá tugtha dúinn uilig agus suaimhneas dá réir a bheith acu féin agus a gclann san áit a gcónaíonn siad.

Sin údar amháin.

An bhfuil aon locht ar dhaoine a bhfuil na cuspóirí sin acu? B’fhéidir go bhfuil siad ionann agus a bheith chomh maith mar dhaoine leis na ‘daoine maithe’ féin?

Fág freagra ar 'Tá a ‘basket of deplorables’ féin ag ‘daoine maithe’ na hÉireann'