T-Léine nua inbhuanaithe ar fáil atá déanta as plaisteach athchúrsáilte

Tá daoine ag iompú ar éadach inbhuanaithe agus cúl á thabhairt acu le comhlachtaí a bhfuil dochar á dhéanamh ag a gcuid modhanna táirgeachta don timpeallacht

T-Léine nua inbhuanaithe ar fáil atá déanta as plaisteach athchúrsáilte

Tá t-léine nua atá déanta as plaisteach athchúrsáilte curtha ar an margadh ag an gcomhlacht The North Face.

Is fada cáil ar an gcomhlacht Meiriceánach as a gcuid éadaigh, bróga agus trealamh sléibhteoireachta ach seo iarracht nua acu aird a tharraingt ar fhaisean inbhuanaithe agus ar chúrsaí timpeallachta.

As buidéil phlaisteacha a bailíodh ar shléibhte na nAlp san Eoraip agus i bpáirceanna náisiúnta ar fud Mheiriceá a rinneadh na t-léinte nua.

Doibrigh The North Face i gcomhpháirt le heagraíochtaí carthanachta a bhíonn ag plé le cúrsaí comhshaoil san Eoraip agus i Meiriceá ar an tionscnamh seo.

Bailíodh 18,000 cileagram de bhuidéil phlaisteacha sna hAlpa agus beagnach a dheich n-oiread sin i Meiriceá do na léinte.

Theastaigh uathu aird a tharraingt ar an lear mór dramhaíola a fhágann cuairteoirí ina ndiaidh ar na sléibhte agus sna páirceanna náisiúnta. Ba mhian leo freisin fiántas agus nádúr na n-áiteanna sin a chosaint agus an dochar a dhéanann earraí plaisteacha don timpeallacht a laghdú.

Tá na t-léinte ar fáil le muinchillí fada nó muinchillí gearra agus iad oiriúnach dfhir agus do mhná. Tá rogha dathanna ar tairiscint – bán, gorm, glas agus bándearg – agus tá lógó beag néata de chuid The North Face ar gach ceann acu.

Costas €45 an ceann atá orthu agus rachaidh sciar beag den bhrabús as gach ceann a dhíoltar chuig eagraíocht charthanachta chomhshaoil.

Agus má tá péire jíons nua uait le dul le do t-léine níor mhiste smaoineamh ar Levis agus an dearadh is deireanaí uathu a mhaíonn siad a bheith ar na jíons is inbhuanaithe fós acu.

Úsáidtear cadás saibhrithe orgánach iontu agus circulose, ábhar éadaigh atá athchruthaithe as jíons seanchaite. Baintear úsáid as níos lú uisce agus níos lú ceimiceán i dtáirgeadh na jíons seo freisin. Caitheadh cúig bliana i mbun obair thaighde ar na jíons nua seo atá déanta as 60% cadás orgánach, 20% deinim athchruthaithe agus 20% vioscós.

WellThread an t-ainm atá tugtha ag Levis ar na jíons nua – bunaithe ar an stíl Levis 502 atá na cinn nua dfhir agus ar dhearadh clasaiceach ó na 90idí atá cinn na mban.

Thart ar €125 an costas a bheidh orthu nuair a bheidh fáil orthu sna siopaí – ar ndóigh ní raibh jíons Levis saor riamh.

Agus ní hiad an t-aon bhranda iad atá ag cur jíons inbhuanaithe ar an margadh na laethanta seo. Tá leaganacha deasa le fáil freisin nach ndéanann dochar don timpeallacht ó Everlane, Warp + Weft agus Boyish Jeans.

Ar ndóigh, tá cuid mhór daoine ag iompú ar éadach inbhuanaithe na laethanta seo agus cúl á thabhairt acu le comhlachtaí a bhfuil éadach an-saor ar díol acu ach a bhfuil sé curtha ina leith go bhfuil scrios á dhéanamh ag a gcuid modhanna táirgeachta ar an timpeallacht, go bhfuil fíor-dhrochphá á íoc acu le hoibrithe agus gur dumpáilte i gcarnáin dhramhaíola a bhíonn an t-éadach ar fad nach ndíolann siad.

Fág freagra ar 'T-Léine nua inbhuanaithe ar fáil atá déanta as plaisteach athchúrsáilte'