Tá fáilte curtha roimh shuirbhé náisiúnta ar riachtanais tithíochta sa nGaeltacht seolta ag Údarás na Gaeltachta ach tá imní ar lucht feachtais go mbainfidh Aire na Gaeltachta agus a chuid státseirbhíseach leas as an taighde le moill breise a chur ar phlean a chur le chéile chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa nGaeltacht. Deir an brúghrúpa Bánú go bhfuil an baol ann go n-úsáidfear an suirbhé mar leithscéal le réiteach na faidhbe a chur ar an méar fhada.
Deir an tÚdarás go bhfuil sé i gceist “tabhairt faoi mheasúnú cuimsitheach ar riachtanais tithíochta ar fud na Gaeltachta” leis an suirbhé seo.
Iarrtar ar phobail Ghaeltachta, ar eagrais phobail, ar úinéirí tithe agus ar dhaoine aonair a dtuairimí a roinnt “chun bonn eolais a chur faoi bheartas tithíochta amach anseo a fhreastalóidh ar riachtanais ar leith na gceantar Gaeltachta”.
Mhol Bánú chomh maith do chainteoirí Gaeilge ar mhaith leo cur fúthu sa Ghaeltacht an suirbhé a líonadh, cé go ndúirt an eagraíocht gur trua nár tapaíodh an deis ceist a chur ar dhaoine sa suirbhé cén dearcadh atá acu faoin moladh go dtabharfaí ar ais an deontas tithíochta a bhíodh ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.
Tá grúpaí feachtais ag éileamh le roinnt blianta anuas go ndéanfadh an rialtas gníomh chun tabhairt faoin ngéarchéim thithíochta sa nGaeltacht agus é ráite go bhfuil an easpa tithíochta ag cur todhchaí na Gaeltachta i mbaol.
Deir an tÚdarás go bhfuil an eagraíocht ag obair le húdaráis áitiúla agus geallsealbhóirí eile le cur leis an soláthar tithíochta sa nGaeltacht do dhaoine ag a bhfuil Gaeilge.
Tá scór ceist sa suirbhé agus ceisteanna ann faoin gceangal atá agat leis an nGaeltacht, an caighdeán Gaeilge atá agat agus an saghas áite inar mhaith leat maireachtáil.
Beidh suirbhé an Údaráis ar fáil go dtí an 17 Aibreán agus is féidir é a líonadh amach anseo.
Aire na Gaeltachta Dara Calleary a sheol an suirbhé agus é ar cuairt ar cheantair Ghaeltachta Chiarraí.
“Tabharfaidh an suirbhé seo deis do gach duine a bhfuil baint acu leis an gceist a rá linn go díreach céard iad na riachtanais atá acu. Ní féidir beartas éifeachtach a cheapadh gan an t-eolas sin a bheith againn.”
Le linn a chuairt ar Chorca Dhuibhne, thug an tAire Calleary cuairt ar an suíomh i mBaile an Fheirtéaraigh ar a bhfuil Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teoranta ag tógáil tithe. Tá ceithre thigh leathscoite trí stór á tógáil le cabhair deontais caipitil beagnach €275,000 ó Údarás na Gaeltachta agus cuirfear na tithe ar fáil do theaghlaigh a bheidh sásta scoláirí Gaeilge a thógáil.
“Léiríonn an togra i mBaile an Fheirtéaraigh go bhfuil bealaí nuálacha ann chun dul i ngleic le géarchéim na tithíochta sa Ghaeltacht. Bealaí ina n-oibríonn tithíocht, teanga agus pobal as lámha a chéile,” a dúirt an tAire.
Bhí an tAire i láthair freisin d’fhógairt 23 post nua sa gcomhlacht Net Feasa, cliantchomhlacht teicneolaíochta de chuid Údarás na Gaeltachta atá lonnaithe sa Daingean.
Chuaigh an tAire Calleary ó dheas ansin chun mol nua gteic de chuid an Údaráis a oscailt go hoifigiúil in Uíbh Ráthach.
Donncha
Ár ndóigh cuirfidh sé moill ar rudaí. Níl anseo ach an tÚdarás ag déanamh gníomh ar mhaithe le rá go bhfuil siad ag déanamh gníomh. Tiocfaidh moladh uathu go dteastaíonn tithe atá déanta ag AI!
Sorcha
Roinn na Gaeltachta amhlaidh! Níl feidhm acu!