Suíomh nua do ‘Pádraic Ó Conaire’ agus é le filleadh ar an bhFaiche Mhór

Beidh an dealbh nua chré-umha de Ó Conaire níos troime ná mar atá an ceann cloiche agus ní fhéadfaí an dealbh a chur san áit a mbíodh an seancheann mar go mbeadh an baol ann nach mbeadh an talamh fúithi in ann an meáchan a iompar

Pádraic Ó Conaire

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag súil go mbeidh dealbh nua den scríbhneoir mór le rá Pádraic Ó Conaire ar an bhFaiche Mhór an samhradh seo – ach ní bheidh sé san áit a mbíodh an dealbh chloiche den údar.

Beidh an dealbh nua chré-umha de Ó Conaire níos troime ná mar atá an ceann cloiche, atá anois ina suí i Músaem Chathair na Gaillimhe ó bogadh ann í deich mbliana ó shin, agus dúirt urlabhraí de chuid na Comhairle le Tuairisc.ie nach bhféadfaí an dealbh a chur san áit a mbíodh an seancheann mar go mbeadh an baol ann nach mbeadh an talamh fúithi in ann an meáchan a iompar.

Tógadh dealbh Uí Chonaire ón bhFaiche Mhór ar an 11 Márta 2004, i ndiaidh di 70 bliain a chaitheamh i lár na cathrach, agus cuireadh os comhair Halla na Cathrach í ar feadh tamaill sular aistríodh go Músaem Chathair na Gaillimhe é in 2006.

Cuireadh go teilgcheárta i mBaile Átha Cliath an dealbh anuraidh i ndiaidh don Chomhairle Contae a fhógairt go raibh sé i gceist acu macasamhail na deilbhe a chur sa chathair arís. Chaith an dealbh tamall ansin a fhad is a bhí na saoir chré-umha ag déanamh múnla de le go mbeadh an leagan nua chomh cosúil céanna le bunsaothar Albert Power agus ab fhéidir.

Rinne go leor rudaí damáiste do Phádraic i gcaitheamh na mblianta, idir aois, aimsir agus mhailís. Tá mantanna ar a shrón agus ar a chaipín agus ar ndóigh, baineadh an cloigeann ar fad de ag deireadh na nóchaidí. Ach tá cion ag pobal na cathrach air agus níl rud ar bith sa chathair ar tógadh níos mó grianghraif de. Tá muid ag súil go mbeidh sé ar ais i mí an Mheithimh agus go mbainfidh sé an gradam sin amach arís gan mhoill,” a dúirt Gary McMahon ón gComhairle Cathrach.

Tá an dealbh á cur ann mar chuid de Chlár Comórtha 1916 na cathrach. Ní raibh baint dhíreach ag Ó Conaire leis an Éirí Amach ach ba mhinic é i gcomhluadar na ndaoine a raibh baint acu leis tríd a chuid oibre le Conradh na Gaeilge. Bhí an Conaireach i láthair ag Oireachtas na Samhna 1913 a reáchtáladh sa chathair agus tá sé le feiceáil sna grianghraif atá roghnaithe ag an gComhairle Cathrach mar íomhá gclár comórtha.

“Ar ndóigh, ba é Ó Conaire a scríobh Seacht mBua an Éirí Amach agus tá muid ag obair le Diarmuid de Faoite agus le Cló Iar-Chonnacht le leagan Béarla den chnuasach cáiliúil sin a chur ar fáil. Is í ‘Seachtain Éamoinn Cheannt’, idir 13 – 19 Meitheamh, buaic an chláir comórtha agus tá muid ag súil le Pádraic Ó Conaire a chomóradh le linn na seachtaine sin leis an dealbh nua agus taispeántas de ghrianghraif den tseandealbh sa Mhúsaem,” a dúirt McMahon.

Fág freagra ar 'Suíomh nua do ‘Pádraic Ó Conaire’ agus é le filleadh ar an bhFaiche Mhór'