Suíomh faoi sheirbhísí máithreachais in Ospidéal OÉ, Gaillimh curtha ar fáil i mBéarla agus i bPolainnis amháin

Tugadh tús áite don leagan Polainnise den suíomh nua mar gheall ar an ‘líon ard Polannach’ a bhíonn ag freastal ar aonad máithreachais in Ospidéal OÉ, Gaillimh agus deirtear go mbeidh leagan Gaeilge, Fraincise, Araibise agus Portaingéilise ar fáil go luath

Suíomh faoi sheirbhísí máithreachais in Ospidéal OÉ, Gaillimh curtha ar fáil i mBéarla agus i bPolainnis amháin

I mBéarla agus i bPolainnis amháin atá suíomh nua de chuid ‘Saolta’ a chuireann seirbhísí máithreachais ar fáil i gcathair na Gaillimhe.

I ráiteas a d’iarr Tuairisc.ie ar an eagraíocht Saolta, dúradh gur tugadh tús áite don leagan Polainnise den suíomh nua mar gheall ar an “líon ard Polannach a bhíonn ag freastal ar an aonad” – aonad máithreachais in Ospidéal Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Ar an suíomh nua “ilteangach” de chuid an Ghrúpa Ollscoile Cúram Sláinte Saolta, is i mBéarla agus i bPolainnis amháin atá an cur síos ar na seirbhísí a chuireann an t-aonad máithreachais in Ospidéal Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ar fáil.

Dúradh go bhfuil i gceist acu leagan Gaeilge a chur ar fáil “sna seachtainí amach romhainn”, i dteannta leaganacha Fraincise, Araibise agus Portaingéilise den suíomh.

Bíonn an Grúpa Ollscoile Cúram Sláinte Saolta ag plé le hospidéil i nGaillimh, Maigh Eo, Ros Comáin agus Leitir Ceanainn, cé go mbaineann an suíomh nua seo leis na seirbhísí atá á gcur ar fáil ag an aonad atá in Ospidéal Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Dúirt urlabhraí ó Thuismitheoirí na Gaeltachta, grúpa tacaíochta teaghlaigh atá lonnaithe i gConamara, go bhfuil teaghlaigh Ghaeltachta agus Ghaelacha fágtha “in áit na leathphingine arís” ag cinneadh an ghrúpa an suíomh nua a sheoladh i mBéarla agus i bPolainnis amháin.

“Seirbhís iontach í seo, ach tá an-díomá ar Thuismitheoirí na Gaeltachta nach bhfuil sí ar fáil i nGaeilge agus dá réir sin nach bhfuil aitheantas tugtha do theaghlaigh Ghaeltachta agus Ghaelacha atá faoi scáth na seirbhíse seo.

“B’iontach an teachtaireacht a bheadh ann do lánúineacha óga agus ábhar misnigh a bheadh ann dóibh a leithéid de sheirbhís a bheith ar fáil ina dteanga dhúchais,” a dúirt an t-urlabhraí ó Thuismitheoirí na Gaeltachta le Tuairisc.ie.

Léiriú a bheadh ina leithéid de sheirbhís Gaeilge, dar le Tuismitheoirí na Gaeltachta go bhfuil “aitheantas, meas agus tacaíocht” ar fáil ón stát do theaghlaigh atá ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge.

Tá gearán déanta ag an eagraíocht leis an gCoimisinéir Teanga agus tá sé i gceist acu an cheist a ardú le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Dheimhnigh Oifig an Coimisinéara Teanga go bhfuil an scéal seo á fhiosrú acu.

Fág freagra ar 'Suíomh faoi sheirbhísí máithreachais in Ospidéal OÉ, Gaillimh curtha ar fáil i mBéarla agus i bPolainnis amháin'

  • Áine

    Tháinig mo chuid gasúir ar an saol in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh agus is iomaí duine le Gaeilge a casadh dhom a bhí ag baint leasa as an tseirbhís seo agus atá go fóill agus go leanúnach.

    An tOspidéal atá ar leic an cheantair Ghaeltachta is mó sa tír, ach léiriú arís eile ar an dearcadh diúltach maslach atá ag an státchóras/seirbhísí do mhná agus do ghasúir ar dhaoine arb í an Ghaeilge a gcéad teanga, a dteanga dúchais nó an teanga a roghnaíonn siad a labhairt nó a roghnódh siad a labhairt sa gcás go mbeadh tacaíocht ar bith ar fáil dóibh chun cuidiú leo.

    Tá muintir na Gaeltachta san Ospidéal sin chuile lá agus cloistear neart Gaeilge ann ach tá an dearcadh ann go dtuigeann muid Béarla agus cén fáth go gcuirfí ‘airgead amú’ le seirbhís Ghaeilge ar leith a chur ar fáil dúinn. Anois is léir go bhfuil níos mó luach ar theanga na Polainnise díreach mar gheall ar an dearcadh gur teanga ó thír eile… mura amhlaidh gur ea… cén mhíniú eile a bheadh air?
    Cur i gcéill ceart do stádas Chathair na Gaillimhe mar Chathair Dhátheangach!!

    Beag agus fiú déanta arís agus arís eile dá dteanga dhúchais, ní iontas ar bith gur deacair do dhaoine an cinneadh a dhéanamh a gclann a thógáil le Gaeilge nuair a fheictear dóibh nach dtabharfar aon lámh chúnta dóibh agus nach mbeidh seirbhísí ar fáil dóibh ina dteanga féin.

    Caithfidh mé a rá mar thuismitheoir go ngoileann sé seo orm, an é nach nglacann an státchóras/córas reachtála na seirbhísí bunúsacha dár saol leis go mbíonn an Ghaeilge in úsáid againn chuile lá mar ‘chaitheamh aimsire’ ach nach fiú seirbhísí a chur ar fáil.