Suíochán Seanaid buaite ag Ó Clochartaigh

Ba é an dara duine toghadh ar an rolla Talmhaíochta i ndiaidh a chomhghleacaí Rose Conway-Walsh, comhairleoir contae de chuid Shinn Féin as Maigh Eo

27/4/2011 Seanad Elections

Tá Trevor Ó Clochartaigh (SF), as Conamara, atofa ina Sheanadóir. Toghadh Ó Clochartaigh chun an 25ú Seanad ar maidin ar an rolla Talmhaíochta. Ar an dara comhaireamh a toghadh é.

Tháinig Ó Clochartaigh sa tríú háit sa chéad chomhaireamh, agus ba é an dara duine toghadh i ndiaidh a chomhghleacaí Rose Conway-Walsh, comhairleoir contae de chuid Shinn Féin as Maigh Eo.

Is é seo an dara huair ag Ó Clochartaigh a bheith tofa ina Sheanadóir. Níor éirigh leis suíochán Dála a fháil i nGaillimh Thiar san Olltoghchán níos luaithe i mbliana.

Tá Ó Clochartaigh ar dhuine de na polaiteoirí is mó a thugann aird ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i dtithe an Oireachtais agus tá sé ina urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta ag Sinn Féin.

Tá an Seanadóir Ó Clochartaigh ina chónaí ar an gCeathrú Rua i gConamara agus bhíodh sé ag plé le cúrsaí teilifíse agus drámaíochta agus cúrsaí pobail sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht.

Fág freagra ar 'Suíochán Seanaid buaite ag Ó Clochartaigh'