Súil siar ar ghníomhartha Thaidhg i gceann de na cláir is Gaelaí ar sceideal TG4

Tús taitneamhach, maoithneach curtha le sraith a dhéanann comóradh ar chúig bliana is fiche de Ros na Rún

Súil siar ar ghníomhartha Thaidhg i gceann de na cláir is Gaelaí ar sceideal TG4

Is deacair a chreidiúint go bhfuil cúig bliana is fiche gafa tharainn ó tosnaíodh ag insint scéal suaite eachtrúil Ros na Rún. Mar chomóradh ar fhad saoil shobaldráma an bhaile Gaeltachta, tá sraith sé chlár le craoladh a thabharfaidh siar bóithrín na smaointe sinn le féachaint ar chuid de míreanna is iontaí agus is suntasaí in athuair. Bunaithe ar an gcéad ghála, tá múnla an chláir faisnéise leagtha ar an drámaíocht agus carachtair ag labhairt le hagallóir, mar dhea, faoi charachtair eile.

Ní haon iontas gurb é Tadhg Ó Direáin, an tábhairneoir, adhlacóir, fear clis is cúblála, atá faoi chaibidil sa chéad chlár de Ros na Rún @25 (TG4, Dé Máirt). “Dá mbeadh na ballaí sa bpub sin in ann caint, bheadh scéalta le hinsint acu,” a deir Micheál Seoighe (Josie Ó Cualáin). “Fear trodach mímhúinte,” a deir sé ina dhiaidh sin. Is aige siúd atá fios óir bhí sé féin agus Tadhg i bpíobáin a chéile leis na cianta.

Ní haon iontas gur mó buille le dorn, agus ó bhéal, a tugadh i gcaitheamh na mblianta; iad ar fad nach mór ag teacht ó Thadhg nó ag dul ina threo. ’Siad muintir “Dunnegall” a bhíonn thíos lena chuid cabaireachta go minic agus is díol trua na mná, Frances (Ann Marie Horan) agus Angela (Mairéad Ní Ghallchóir) a bhí pósta leis.

Tá Tadhg (Macdara Ó Fatharta) ag tarraingt pínt is achrainn ó thosaigh an sobaldráma agus moladh thar cuimse fachta ag Ó Fatharta as an léiriú a dhéanann sé ar an tábhairneoir binbeach, sleamhain. Tá an carachtar sa Táin anois agus nuair a smaoiníonn daoine, lucht an Bhéarla fiú, ar Ros na Rún, smaoiníonn siad ar Thadhg. ’Siad na carúil agus na slaiseanna a chaitheann sé buaicphointí mórán de radharcanna na sraithe.

Is deas cuid de na seanfhondúirí a fheiscint arís, cuid acu imithe ar shlí na fírinne. Ba mhinic Séamus Mhicil Tom (Diarmaid Mac an Adhastair) agus Tadhg i mbun comhraic i gcaitheamh na mblianta agus bhí míreanna le Peadar (Joe Steve Ó Neachtain) againn chomh maith.

Níor mhiste a lua go bhfuil an tsraith i measc an fhíorbheagáin clár ina bhfuil forlámhas iomlán ag an nGaeilge. Bhaineas súp riamh as na ruthaig chainte ó leithéidí Thaidhg, Pheadair agus Shéamuis. Seo an leibhéal a dhein Peadar ar Thadhg tráth:

“Tá sé éasca go maith duitse anois a bheith ag magadh taobh istigh ansin den chabhantar ach an té a bhíonns ag magadh bíonn a leath faoi féin. Ba cheart duit a dhul anois agus beagáinín níos mó ómóis a bheith agat do na custaiméirí atá ag coinneáil greim id bhéal.”

Buille oird ar inneoin.

Tús taitneamhach curtha le comóradh le ceann de na cláir is seanbhunaithe agus is Gaelaí ar sceideal TG4.

Fág freagra ar 'Súil siar ar ghníomhartha Thaidhg i gceann de na cláir is Gaelaí ar sceideal TG4'