Súil leis na mílte i mBéal Feirste don agóid is mó ar son na Gaeilge le blianta

Na gealltanais gan chomhlíonadh faoin reachtaíocht teanga don Tuaisceart an spreagadh don ‘Lá Dearg’ atá á eagrú ag An Dream Dearg

Súil leis na mílte i mBéal Feirste don agóid is mó ar son na Gaeilge le blianta

Táthar ag súil leis an agóid is mó ar son na Gaeilge le roinnt mhaith blianta an deireadh seachtaine seo agus 25 bus lán lucht feachtais ag triall ar Bhéal Feiste don ‘Lá Dearg’. 

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, go raibh an “spiorad” céanna le braistint roimh ‘An Lá Dearg’ is a bhí ann in 2014 nuair a thug na mílte aghaidh ar shráideanna Bhaile Átha Chliath do Lá Mór na Gaeilge. 

An uair sin ba é éirí as an chéad Choimisinéara Teanga mar agóid in aghaidh fhaillí an Stáit i leith na Gaeilge a spreag an mórshiúl a ghin an téarma ‘Dearg le Fearg’. 

Na gealltanais gan chomhlíonadh faoin reachtaíocht teanga don Tuaisceart an spreagadh don ‘Lá Dearg’ atá á eagrú ag An Dream Dearg. 

“Tá an pobal bréan de na gealltanais agus an easpa gnímh agus tá siad ag iarraidh deis lena bhfearg agus a bhfrustrachas a chur in iúl. Níl muinín ag daoine as Rialtas na Breataine,” a deir Julian de Spáinn. 

“Tá comharthaí ann go bhfuil siad chun rud éigin a dhéanamh faoin reachtaíocht faoi dheireadh in Westminster ach caithfear leanúint leis an mbrú.” 

Deir ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald go bhfuil Rialtas na Breataine “ag tarraingt na gcos” i leith na reachtaíochta ach go raibh “gealltanas docht” tugtha anois go ndéanfaí na beart in Westminster, 

Ag labhairt di ag seoladh ‘An Lá Dearg‘ lasmuigh de Dháil Éireann, dúirt sí go mb’fhearr go mbeadh an reachtaíocht á tabhairt isteach in Stormont seachas Westminster ach go raibh práinn leis an scéal. 

“D’éirigh sé an-soiléir nach raibh an t-aontachtas polaitiúil sásta reachtaíocht a thabhairt isteach ná aitheantas agus meas a thabhairt do na daoine atá ina gcónaí lena n-ais,” a dúirt ceannaire Shinn Féin. 

“Is fada muid ag fanacht leis seo. Cothrom na Féinne atá i gceist, agus meas agus aitheantas chomh maith. Ní le haon pháirtí polaitíochta an Ghaeilge ná go deimhin le haon traidisiún polaitíochta.” 

Ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald. Pic: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá go leor comhairlí chun hallaí agus foirgnimh s’acu a shoilsiú le soilse dearga chun tacú leis an Lá Dearg – Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, a bheidh ‘dearg’ anocht, Comhairle Chathair Dhoire agus an tSratha Báin, a shoilseoidh an Guild Hall le soilse dearga ag an deireadh seachtaine, Halla na Cathrach i mBéal Feirste, a bheidh á shoilsiú inniu, agus Comhairle Cathrach Chorcaí, a bheidh á soilsiú le soilse dearga amárach. 

“Cuireann An Dream Dearg agus pobal na Gaeilge fáilte mhór roimh na comhairlí sin atá i ndiaidh tacaíocht shoiléir dhearg a léiriú don fheachtas Acht Anois ó thuaidh agus muid ag tarraingt ar an Lá Dearg,” a deir Padaí Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide le Conradh na Gaeilge.  

“Is léiriú é seo ar an tacaíocht fhorleathan agus traspháirtí atá againn do chearta teanga anseo ó thuaidh, agus léiríonn sé sin an méid tacaíochta atá ann i measc an phobail don reachtaíocht seo teacht isteach.” 

Dhiúltaigh Comhairle Cathrach Lios na gCearrbhach agus an Chaisleáin Riabhaigh a gceannáras a shoilsiú le soilse dearga mar chomhartha tacaíochta don éileamh ar chearta teanga do phobal na Gaeilge. 

An Dream Dearg a rinne iarratas leis an gComhairle go ndéanfaí an foirgneamh a shoilsiú an Satharn beag seo.  

Mhol ceannasaí cumarsáide Chomhairle Cathrach Lios na gCearrbhach agus an Chaisleáin Riabhaigh go ndiúltófaí d’iarratas An Dream Dearg mar nach raibh sé ag teacht le polasaí soilsithe na Comhairle agus nár léir gur cás eisceachtúil a bhí ann ach oiread. 

Dúradh nach bhfuarthas an t-iarratas dhá mhí roimh an dáta a bhí á mholadh do shoilsiú an cheannárais agus nach carthanacht chláraithe, grúpa comhdhéanaimh nó comhlacht poiblí a bhí sa Dream Dearg. 

Owen Gawith ó Pháirtí na Comhghuaillíochta agus Nicholas Trimble ón UUP a mhol an rún go ndiúltófaí d’iarratas An Dream Dearg. 

Dhiúltaigh baill na Comhairle chomh maith d’iarratas ó Chomhairle Buirge na hArda agus an Dúin Thuaidh go ndéanfaí an ceannáras a shoilsiú mar chomhartha tacaíochta don Úcráin. Dúradh nár cheadmhach an foirgneamh a shoilsiú don ghrúpa céanna ach uair amháin sa bhliain agus gur soilsíodh an ceannáras cheana don Úcráin i mí Feabhra.  

Dúirt Padaí Ó Tiarnaigh gur “mór an trua” gur dhiúltaigh cúpla comhairle do na hiarratais. “Ach ní ligfidh muid dó sin cur isteach orainn,” ar sé. 

“Tá an Satharn beag seo chun a bheith ollmhór, tá sé chun a bheith iontach dearfach, iontach dearg, agus tá pobal na Gaeilge ag súil go mór le tarraingt ar chroílár Bhéal Feirste agus teachtaireacht s’againne a thabhairt chuig an Rialtas i mBaile Átha Cliath, an Rialtas i Londain agus arís i mBéal Feirste. Táimid i dteideal cearta teanga, agus táimid i dteideal sochaí níos fearr agus níos ionchuimsithí do chách,” ar sé. 

Padaí Ó Tiarnaigh

Thug Banríon Shasana le fios an tseachtain seo caite go dtabharfaidh Rialtas na Breataine reachtaíocht don Ghaeilge isteach in Westminster. 

Tá an reachtaíocht chultúir, féiniúlachta agus teanga ina hábhar conspóide ó thuaidh le roinnt blianta. Gealladh acht don Ghaeilge ar dtús in 2006 agus bhí reachtaíocht chultúir, féiniúlachta agus teanga mar chuid den chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua a aontaíodh breis is dhá bhliain ó shin. 

Gheall Rialtas na Breataine anuraidh go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster mura ndéanfaí an beart i Stormont ach tá pobal na Gaeilge ó thuaidh fós ag fanacht uirthi. 

Nuair nár tharla sin gealladh i mí Eanáir go dtabharfaí isteach an reachtaíocht teanga a aontaíodh sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua mí Eanáir 2020 roimh thoghchán na seachtaine seo caite sa Tuaisceart 

Tá roinnt beartas don Ghaeilge geallta, ina measc coimisinéir teanga agus stádas oifigiúil don teanga. 

Fág freagra ar 'Súil leis na mílte i mBéal Feirste don agóid is mó ar son na Gaeilge le blianta'

  • Paul Laughlin

    Dán don lá a bheidh ann amarach-

    Seas an Fód

    Foighne ort, coinnigh ort,
    Is beag an rud nach cuidiú é.
    Suas leat, ar aghaidh leat,
    Sin an dóigh a ndéantar é.
    Stroic leat, oibrigh leat,
    Más gá déan as úire é.
    Cuir do chos dheas romhat 
    Gan a bheith buartha 
    Go mbeidh sé mar atá sé,
    Dá fhad an oíche tagann do lá.