Súil le hiomaíocht ghéar i gcluichí tábhachtacha ar fud na tíre

Tá cluichí iomána ríspéisiúla ar siúl sna cúigí go léir an deireadh seachtaine seo

Súil le hiomaíocht ghéar i gcluichí tábhachtacha ar fud na tíre

Conor Kavanagh (Cumann Liam Uí Mhaoilíosa) agus Cathal Burke agus Cian Mahoney ó Naomh Tomás ag imirt i gcluiche ceannais na Gaillimhe anuraidh. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Tá comórtais na gcúigí faoi lán seoil arís an deireadh seachtaine seo ach tá cluiche ceannais contae amháin fós le himirt.

Sea imreofar cluiche ceannais na Gaillimhe amárach agus na foirne céanna a d’imir i gcluiche ceannais na bliana seo caite ag dul chun páirce arís i bPáirc an Phiarsaigh.

Ag Naomh Tomás a bhí an bua anuraidh agus iad sa tóir ar an tríú craobh le ceithre bliana.

Seaimpíní 2017 Cumann Liam Uí Mhaoilíosa atá rompu amárach.

Coicís ó shin a imríodh an dá chluiche leathcheannais. Sa chéad cheann bhí cúl farasbairr ag na ‘Mellows’ar Cheapach an tSeagail agus bhí bua le cúig chúilín ag Naomh Tomás ar an Turlach Mór .

Sa chluiche ceannais anuraidh bhí Naomh Tomás róláidir ón tús. Bhíodar ag comóradh caoga bliain ó bunaíodh an club agus thugadar taispeántas iontach mar cheiliúradh ar an gcloch mhíle sin. Bhí sé soiléir ó thosach an chluiche sin go raibh Naomh Tomás i mbarr a maitheasa.

Ní bhfuair na Mellows a gcéad scór ón imirt nó go raibh cúig nóiméad caite sa dara leath. Faoi dheireadh bhí bearna naoi gcúilín idir na foirne.

Dar ndóigh, sraith atá anois i gcraobh na Gaillimhe sraithe agus dhá ghrúpa de shé fhoireann ann. Bhí na Mellows agus Naomh Tomás sa ghrúpa céanna agus nuair a d’imríodar a chéile ag tosach mhí Aibreáin bhí an lá leis na Mellows.

Ach is iad Naomh Tomás an fhoireann is láidre faoi láthair agus fuair siad an ceann is fearr ar an Turlach Mór, an fhoireann ab fhearr sna réamhbhabhtaí.

Tá scata Búrcach agus Cooneys ag Naomh Tomás agus iad go léir thar a bheith cumasach agus láidir. Beidh ionadh orm má chailleann siad.

Ní mórán ama a bhí ag seaimpíní nua Thiobraid Árann ceiliúradh a bhí ag seaimpíní nua Thiobraid Árann Buiríos Ó Luigheach mar go bhfuil siad ag dul chun páirce arís amárach i gcoinne thánaistí Chorcaí, Fánaithe an Ghleanna. Dar ndóigh i gCorcaigh ba iad Uí Mac Coille, an fhoireann dúiche ach ní cheadaítear do chlubanna dúiche imirt i gcraobh club na Mumhan.

Is deacair a rá conas mar a bheidh ag an Ghleann. I gcluiche ceannais an chontae bhí Uí Mac Coille go láidir mar rogha na n-údar agus cé go raibh an bua acu bhí foireann an Ghleanna fós san iomaíocht go dtí an deireadh.

Ach caithfidh go bhfuil an móiminteam ag leaideanna Thiobraid Árann cé gur dócha gur deineadh cuid mhaith ceiliúrtha. Má éiríonn le Buiríos Ó Luigheach an sliotar a choinneáil ó Patrick Horgan beidh siad róláidir don Ghleann.

I bPort Láirge, n’fheadar an gcuirfidh an tuirse isteach ar Bhaile Gonair a bhí an-mhaith seachtain ó shin nuair a thug siad greadadh ceart d’fhoireann Davy FitzGerald, Droichead Abhann Ó gCearnaigh.

Beidh siad i bPáirc an Bhreathnaigh amárach agus iad i gcoinne Thobar Phádraig as Luimneach.  Tá sé cinn de chraobhacha contae i ndiaidh a chéile buaite ag fir na nDéise agus dar ndóigh is iad a bhuaigh craobh an chúige anuraidh. Tá an-taithí ar fad acu agus beidh sé thar a bheith deacair ar ionadaithe Luimnigh iad a stopadh. É sin ráite tá cúrsaí iománaíochta i Luimneach an-láidir agus tá cúpla imreoir thar a bheith cumasach ag ‘An Tobar’, go háirithe an triúir a bhuaigh bonn uile-Éireann anuraidh, Diarmaid Byrnes, Cian Lynch agus Aaron Gillane.

Ní dóigh liom go mbeidh mórán idir na foirne seo.

Ó thuaidh imreofar cluiche ceannais an chúige idir sárchlub Dhoire, Roibeard Eiméid, Sleacht Néill, a bhfuil seacht gcraobh contae i ndiaidh a chéile buaite acu, agus Cúchulainn Dhún Lathaí as Aontroim.

Ní dóigh go mbeidh mórán idir na foirne seo ach an oiread.

Fág freagra ar 'Súil le hiomaíocht ghéar i gcluichí tábhachtacha ar fud na tíre'