Súil le 550 milliún bairille ola amach ó na Blascaodaí i gCiarraí

Tá an comhlacht ola agus gáis Europa ag iarraidh comhpháirtí a mhealladh le dul i mbun druileála siar ó dheas ó na Blascaodaí agus súil acu os cionn 550 milliún bairille ola a aimsiú ann

Súil le 550 milliún bairille ola amach ó na Blascaodaí i gCiarraí

D’fhéadfadh sé go bhfuil suas le 553 milliún bairille ola amach na Blascaodaí, dar leis an gcomhlacht Europa Oil and Gas, a bhfuil suirbhéireacht déanta acu ar ghrinneall na farraige amach ó chósta Ghaeltacht Chiarraí.

Thug Europa le fios do Tuairisc.ie, áfach, nach mbeifí cinnte faoi ola a bheith ann go dtí go rachfaí i mbun druileála san áit agus go dtógfadh sé roinnt blianta sula mbeadh aon chinnteacht faoi.

Tugadh ceadúnais do Europa dul i mbun oibre sa cheantar anuraidh, agus bhí cead faighte cheana féin acu in 2011 a bheith ag obair díreach in aice leis an áit a measann siad stór mór ola a bheith ann anois.

Dúirt Phil Greenhalgh, ó Europa, le Tuairisc.ie go bhfuil an comhlacht anois ag lorg comhpháirtí le dul i mbun druileála agus go mbeidh tamall de bhlianta ann sula dtosófar an obair sin.

“Is comhlacht sách beag muid, agus mar sin tá muid ag iarraidh comhpháirtí a mhealladh chuig an togra le cúnamh a thabhairt dúinn leis an druileáil. Is dóigh go mbeadh dhá nó trí bliana i gceist leis sin, agus ní bheidh muid cinnte faoin méid ola atá thíos ann go mbeidh an druileáil tosaithe.

“Tá comhlacht eile, Providence, ar tí tosú ag druileáil in áit atá 50km ón áit a bhfuil muide. Má thagann siadsan ar stór mór ola ann, is dea-chomhartha a bheidh ann dúinne agus do chomhlachtaí eile sa cheantar,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil an earnáil ola “ciúin” in Éirinn le tamall de bhlianta anuas ach go bhfuil “spéis á cur arís” sa tír seo agus go mbeidh súil ag comhlachtaí móra ar nós Statoil, BP agus Woodside ar an obair atá ar bun i gCiarraí.

“Tá pleananna ann do dhá thobar an bhliain seo chugainn, agus tá seans ann go mbeidh gníomhaíocht eile ann amach anseo freisin. Cé nach ndéanfaidh dhá thobar nó trí cinn mórán difríocht do Chiarraí, dá dtiocfaí ar ‘Obar Dheathain’ [Aberdeen, ceantar mór ola] eile, bheadh dea-thionchar aige sin ar iardheisceart na hÉireann [ó thaobh fostaíochta de],” a dúirt sé.

Dúirt sé freisin gur dóichí ná a mhalairt nach mbeadh aon phíopa i gceist i gCiarraí ach gur ar thancaer a thabharfaí an ola chuig an scaglann. Tá seans ann freisin, a mhaígh sé, gur gás seachas ola atá sa cheantar, ach dúirt sé arís nach mbeifí cinnte faoi sin go dtí go mbeadh an druileáil tosaithe.

Tá seacht gceadúnas ar fad ag an gcomhlacht Europa le dul i mbun taiscéalaíochta in Éirinn.

Fág freagra ar 'Súil le 550 milliún bairille ola amach ó na Blascaodaí i gCiarraí'

  • Brendan Keane

    Tá an óla ag Norway Statoil amháin. Tabhair úinéaríocht amach in Éirinn chun stainséaraí.