Súil go gceapfar bainisteoir nua ar iománaithe na Gaillimhe roimh dheireadh na míosa seo chugainn

Tháinig fógra Mhicheál Donoghue go raibh sé ag éirí as a chúram aniar aduaidh ar go leor daoine ach tá bord CLG na Gaillimhe ag iarraidh go mbeadh bainisteoir nua i bhfeighil gan mhoill

Súil go gceapfar bainisteoir nua ar iománaithe na Gaillimhe roimh dheireadh na míosa seo chugainn

Foireann iomána na Gaillimhe. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá súil go gceapfar bainisteoir nua ar fhoireann shinsir iomána na Gaillimhe roimh thús mhí Dheireadh Fómhair.

Tháinig fógra Mhicheál Donoghue go raibh sé ag éirí as a chúram aniar aduaidh ar dhaoine ach tá bord CLG na Gaillimhe ag iarraidh go mbeadh bainisteoir nua i bhfeighil gan mhoill.

Tá Mattie Kenny, Jeffrey Lynskey agus Brian Hanley i measc roghanna na n-údar i láthair na huaire chun ceannas a thógáil ar sheaimpíní na hÉireann 2017.

Bhí achrann ann i nGaillimh an uair dheireanach ar ceapadh bainisteoir iomána. D’éirigh Anthony Cunningham as a phost mar bhainisteoir ar an bhfoireann ag deireadh 2015 nuair a rinne imreoirí iarrachtaí fáil réidh leis.

Dúirt Cathaoirleach CLG na Gaillimhe Pat Kearney áfach nach mbeadh aon tionchar ag na himreoirí ar cheapachán an fhir nua.

“Ní bheidh aon bhaint dhíreach acu leis an bpróiseas ach labhróidh muid leo,” a dúirt Kearney san Irish Examiner.

Is é Jeffrey Lynskey rogha na coitiantachta ag na geallghlacadóirí faoi láthair chun an post a fháil. Bhí Lynskey ina bhainisteoir ar fhoireann mhionúir na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2015, 2017 agus 2018 agus tá sé anois i gceannas ar fhoireann faoi 20 an chontae.

Bhí Brian Hanley i gceannas ar fhoireann mhionúir na Gaillimhe a bhuaigh an chraobh arís i mbliana agus tá sé féin luaite chomh maith ina measc siúd a thiocfadh i gcomharbacht ar Donoghue, mar atá Mattie Kenny, atá ina bhainisteoir ar iománaithe Átha Cliath faoi láthair.

Bheadh an-tóir ar Eamon O’Shea, fear a bhfuil cónaí air i nGaillimh, go háirithe tar éis dó a bheith ar fhoireann bhainistíochta Thiobraid Árann a bhuaigh Corn Mhic Cárthaigh Dé Domhnaigh seo caite. Ní fios áfach an mbeadh suim ag an ollamh ollscoile sa phost.

I measc na ndaoine eile atá á lua leis an bhfolúntas a líonadh tá Anthony Daly, Louis Mulqueen, Derek McGrath agus Davy Fitzgerald.

Ceithre bliana atá caite ag Donoghue i gceannas na foirne sinsir agus, le linn an ama sin, threoraigh sé iad chuig Craobh na hÉireann sa bhliain 2017, an chéad uair le 29 bliain ag Gaillimh Corn Mhig Uidhir a thabhairt trasna na Sionainne.

Tháinig fógra fhear Dhroichead an Chláirín go raibh sé ag éirí as post an bhainisteora aniar aduaidh ar dhaoine ó tharla gur cuireadh síneadh dhá bhliain lena chonradh leis an gcontae ceithre mhí ó shin.

Dúirt Micheál Donoghue i ráiteas a thug sé do Galway Bay FM agus é ag fógairt an chinnidh éirí as an bpost gur chreid sé go raibh sé in am an cúram a thabhairt do dhuine nua agus gur ‘onóir, pribhléid agus deis saoil’ a bhí ann dó féin a bheith ina bhainisteoir ar fhoireann an chontae.

D’fhág imeacht Donoghue go bhfuil bainisteoirí nua á lorg ag trí mhórchontae iomána faoi láthair, Gaillimh, Port Láirge agus Corcaigh.

Fág freagra ar 'Súil go gceapfar bainisteoir nua ar iománaithe na Gaillimhe roimh dheireadh na míosa seo chugainn'