Súil chun cinn ar 2016 le…Colm Ó Fátharta

Labhair Tuairisc.ie leis an aisteoir Colm Ó Fátharta, ó Ros na Rún, faoin mbliain atá amach romhainn...

Pic Colm Ó Fatharta cropped

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2016?

Ní bhíonn rúin mar sin agam ag tús na bliana. Ní fiú iad a dhéanamh mar ní choinnítear ariamh iad agus ansin airíonn tú go dona fúthu. Mura ndéanann tú an chéad lá riamh iad, ní bheidh aon chúis aiféala nó bróin ort nuair nach gcoinníonn tú iad.

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis i 2016?

Tá muid ag pleanáil a dhul amach agus an Camino de Santiago a dhéanamh i mí Aibreáin. Bhí sé de rún agam a dhul amach ann le blianta fada ach ní bhfuair mé deis ariamh. Tá mé ar bís faoi anois. Tá mé ag súil go mór freisin le tosaí ar scoil nua aisteoireachta i mí Mheán Fómhair thuas i mBaile Átha Cliath. 

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis i 2016?

Níl mé ag súil leis an gcuid eile de mhí Eanáir nuair a bheas séasúr na Nollag thart. Beidh na pócaí folamh agus an cloigeann tinn agus tamall fada le dhul sula mbeidh sé ina shamhradh geal arís.

Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis i 2016?

Tá mé ag gabháil go Meiriceá i mí Bhealtaine le haghaidh bhainis mo chol ceathrair; seachtain i mBostún agus seachtain i Nua Eabhrac. Ní raibh mé i Meiriceá ó 2007 agus ní fhaca mé ó shin é. 

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2016?

Tá cúrsa eacnamaíochta ag dul i bhfeabhas, tá níos mó postanna sa tír agus tá muinín agus meon dearfach sa tír arís, rud atá ag teastáil go géar.

Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach i 2016?

Ba mhaith liom níos mó taistil a dhéanamh. Tá mé ag dul go dtí an Iorua i mí Mhárta, an Camino i mí Aibreáin agus Meiriceá i mí Bhealtaine. Tá mé ag iarraidh cuid d’Oirthear na hEorpa a fheiceáil freisin mar tá go leor tíorachaí in Iarthar na hEorpa feicthe agam ach níl mórán ar an taobh eile. Tá sé an-tábhachtach ag daoine cultúr daoine eile a fheiceáil, go háirithe don dream óg.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann i 2016, céard a d’athrófá?

Ba mhaith liom an dearcadh faoi mheabhairshláinte a athrú sa tír seo. Ba mhaith liom go mbeadh chuile dhuine in ann labhairt faoi go hoscailte. Tá go leor cainte faoi sna meáin anois ach ina ainneoin sin, bíonn drogall ar dhaoine labhairt lena gcuid cairde nó lena muintir faoi na fadhbanna a bhíonn acu. 

Fág freagra ar 'Súil chun cinn ar 2016 le…Colm Ó Fátharta'