Súil chun cinn ar 2016 le…Críona Ní Dhálaigh

Labhair Tuairisc.ie le Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath faoin mbliain atá amach romhainn

14/9/2015 Liffey SwimsAn bhfuil aon rún agat don bhliain 2016?

An rún céanna atá agam achan bhliain – bheith níos aclaí agus aiste bia níos sláintiúla a bheith agam. B’fhéidir gurb í 2016 an bhliain a gcomhlíonfaidh mé an rún sin?

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2016?

Tá clann Uí Dhálaigh uilig chun dul ar laethanta saoire le chéile agus níor tharla sin le blianta beaga anuas. Nuair a bhí ár bpáistí níos óga d’imigh muid uilig ar saoire le chéile agus bhíodh am ar dóigh againn go léir. Tá cuimhní cinn agam ar na laethanta saoire sin agus mar sin de, táim ag dúil go mór leis an samhradh go háirithe mar go mbeidh mo ghariníon Ciara ag teacht linn.

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2016?

An rud is mó nach bhfuilim ag dúil leis, is dócha, ná go dtiocfaidh deireadh le mo théarma mar Ard-Mhéara. Cé go mbím scriosta agus faoi strus scaití, táim ag baint sult mór as an téarma agus tuigim an onóir atá bronnta orm. Beidh sé deacair dul ar ais le bheith i mo chomhairleoir arís!

Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2016?

Ceiliúradh agus comóradh 1916 agus mé mar chéad saoránach na cathrach ársa seo. Is cúis áthais agus bróid go mbeidh mé mar Ard-Mhéara Bhaile Atha Cliath agus muid ag ceiliuradh 100 bliain Eirí Amach na Cásca. Is trua liom nach bhfuil m’athair beo mar go mbeadh sé i gcroílár na n-imeachtaí agus é chomh bróduil go raibh iníon s’aige ina céad saoránach.

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2016?

Go bhfuil meoin mhuintir na tíre ag athrú i leith na Gaeilge  agus go bhfuil féinmhuinín againn as ár dteanga agus ár gcultúr. Is cinnte go bhfuil borradh faoin teanga i mBaile Átha Cliath.

Cad é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach i 2015?

An rud is mó ba mhaith liom a bhaint amach in 2016 ná go mbeadh jab maith déanta agam agus mé mar Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath agus gur spreag mé níos mó ban chun páirt a ghlacadh sa pholaitíocht. Tá géarghá le níos mó ban i gcúrsaí polaitíochta.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann i 2015, cad a d’athrófá?

Dá bhféadfainn rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2016 , ba é an rud sin ná ghéarchéim tithíochta. Is mór an náire dúinn go bhfuil breis is 1600 páiste gan dídean sa tír seo agus tromlach acu ag maireachtáil i dtithe ósta nó B&Bs. Caithfidh muid teacht ar réiteach agus caithfidh an Rialtas na cinneadh ceart a dhéanamh agus gan na seanpholasaithe céanna a úsáid. Ní féidir an fhabhb seo a réiteach leis an meon ceannann céanna a chruthaigh an fhadhb ar an gcéad dul síos.

Fág freagra ar 'Súil chun cinn ar 2016 le…Críona Ní Dhálaigh'