Súil ag ceithre chlub ar an duais mhór

Tá beagnach caoga bliain ó imríodh an chéad chraobh clubanna agus i neart atá an comórtas imithe

Súil ag ceithre chlub ar an duais mhór

Adrian Mullen, Chrissy McKaigue, Brendan Maher agus Conor Cooney. Pictiúr: INPHO

Amárach beidh ceithre chlub ag iarraidh áit a bhaint amach i gcluiche ceannais sinsir na hÉireann agus táimid ag súil go mór leis. 

Tá beagnach caoga bliain ó imríodh an chéad chraobh clubanna agus ba iad Ros Cré a thug leo corn Tommy Moore nuair a bronnadh den chéad uair é. Ina dhiaidh sin ba iad foirne móra Chorcaí – an Charraig Dubh, Cumann Barra agus Fánaithe an Ghleanna – a bhuaigh gach cluiche ceannais eile go dtí 1979-1980 nuair a d’éirigh leis an gCaisleán Gearr, agus na deartháireacha iomráiteacha Connolly ina mbuncloch acu, an corn a thabhairt go Gaillimh. Ó shin i leith is foirne as Gaillimh is mó a thug leo an chraobh. Go deimhin tá an comórtas seo buaite ag seacht gclub as contae na Gaillimhe trí huaire déag ar fad. 

Ar an taobh eile den scéal, d’éirigh le cumann  Ráth an Iúir, as contae Loch Garman  dul chomh fada le cúig cinn de na cluichí ceannais idir 1972 agus 1999 ach mo léan, dealbh a bhíodar i ndiaidh an uile cheann acu.

Mar a bheifeá ag súil leis tá an comórtas seo buaite ag clubanna iomána ó na contaetha láidre iomána go léir nach mór. Níor éirigh le haon fhoireann as Port Láirge an beart a dhéanamh fós, cé gur éirigh le Cnoc Síon agus De La Salle an cluiche ceannais a bhaint amach. Is fiú a lua freisin go bhfuil an chraobh tugtha leo faoi dhó ag Seamróga Loch gCaol ó chontae maorga Aontroma. Sa cheann deireanach de na craobhacha sin in 2012, scóráil Liam Watson 3-7, curiarracht nár sáraíodh fós. Tráthúil go leor, cúpla seachtain ó shin, d’fhógair Watson go raibh deireadh tagtha lena shaol iomána agus go raibh sé ag crochadh suas an chamáin agus an chlogaid. 

Ach is Seamróga eile atá ar bharr liosta na mbuaiteoirí agus seacht gcraobh crochta leo acu go dtí seo. Sea is iad Seamróga Bhaile Héil Chill Chainnigh atá ina ríthe ar an gcomórtas.  

Agus is iad  féin agus seaimpíní Uladh Sleacht Néill a bheidh ag tabhairt aghaidh ar a chéile ar Pháirc Esler ar an Iúr amárach.

Scríobh mé ar an suíomh seo cheana faoin meas atá agam ar chlub Sleacht Néill agus na héachtaí atá déanta ag fir agus mná an chlub sin ach d’fhéadfadh go gcuirfeadh an cluiche seo deireadh le séasúr na bhfear.

É sin ráite cheapas go mbeadh bua éasca ag Baile Héil i gcoinne Naomh Moling Cheatharlach, rud nár tharla. Tá taithí agus spiorad iontach ag Sleacht Néill agus má éiríonn leo tionchar TJ Reid agus Colin Fennelly a laghdú, bhuel, b’fhéidir go mbeadh seans éigin acu.

Ach nuair a bheidh deireadh déanta is dóigh liom go mbeidh a rás rite agus gurb iad na seaimpíní a bheidh fós ina seasamh.

Táim ag súil le an-choimhlint sa dara cluiche idir Buiríos Ó Luigheach Thiobraid Árann agus Naomh Tomás na Gaillimhe. Rinne foireann Thiobraid Árann éacht i gcoinne Bhaile Gunnair, (a bhí ina rogha láidir na coitiantachta) i gcluiche ceannais na Mumhan. Léirigh siad an-spiorad agus díocas agus ba é Brendan Maher an máistir an lá sin. Tabharfaidh siad aghaidh anois ar fhoireann Naomh Tomás atá lán taithí ach cheal feachtas cúige, táid faoi mhíbhuntáiste. Is deacair a rá cé a bhuafaidh an ceann seo.

Mar a deirim go minic, an lá mór féin a neosfaidh. Ní fada uainn sin anois.

Fág freagra ar 'Súil ag ceithre chlub ar an duais mhór'