Stuaim Luimnigh, ábhar dóchais do Ghaillimh agus gach cúnamh tugtha ag an gClár do na Cait

Caitheann Tuairisc súil siar ar na babhtaí leathcheannais i gCraobh Shinsir Iomána na hÉireann

Stuaim Luimnigh, ábhar dóchais do Ghaillimh agus gach cúnamh tugtha ag an gClár do na Cait

Stuaim Luimnigh cinniúnach ar deireadh

Nuair a chas Gaillimh agus Luimneach ar a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann in 2018, ba cheart go mbeadh an cluiche buaite i bhfad níos éasca ag foireann John Kiely. Bhí siad ocht bpointe chun tosaigh agus an 70 nóiméad imeartha ach bhuail scaoll fir Luimnigh. Agus iad ag iarraidh Craobh na hÉireann a bhuachan don chontae den chéad uair ó 1973, scaoil siad Gaillimh ar ais sa chluiche.

Tharla an rud céanna arís sa chluiche leathcheannais idir na foirne dhá bhliain ó shin ach léirigh Luimneach Dé Domhnaigh seo caite gur fhoghlaim siad a gceacht ó na cluichí sin agus gur foireann stuama, chiallmhar í ceann John Kiely anois.

Bhí freagra ag Luimneach i gcónaí ar scóranna na Gaillimhe sa chuid dheireanach den chluiche leathcheannais ach léiríodh an stuaim sin go soiléir sa phointe a fuair David Reidy sa 68ú nóiméad chun Luimneach a chur chun tosaigh arís.

Sciob Barry Nash an liathróid daichead slat amach ó chúl Luimnigh agus tar éis do Dan Morrissey agus Reidy seilbh an tsliotair a fháil, tugadh pas do Conor Boylan leathchéad slat ó chúl na Gaillimhe. Chuaigh Boylan ar ruathar ach bhí Jack Grealish na Gaillimhe san áit cheart chun brú a chur air agus é a bhrú siar. Thug Boylan pas do Peter Casey, a rinne iarracht dul thar bheirt ach arís, cuireadh siar é. Tugadh an sliotar do Cathal O’Neill, ach bhí Daithí Burke ann chun é a stopadh. Chuir O’Neill an sliotar siar chuig Aaron Gillane, a smachtaigh é go hálainn. Thóg sé soicind chun a cheann a ardú, chonaic sé David Reidy agus spás aige ar an líne 45m. Nuair a chuir Gillane chuige an sliotar chuige sheol an t-ionadaí é thar an trasnán agus bhí a fhoireann chun cinn arís.

Bheadh sé chomh héasca ag aon duine d’imreoirí sin Luimnigh seilbh an tsliotair a chailliúint, pas a chur ar strae, nó tabhairt faoi dhroch-iarracht ar na postaí ach choinnigh siad greim ar an sliotar, thug siad an pas uathu ag an am ceart agus bhí an fhoighne acu fanacht go raibh fear san áit cheart chun tabhairt faoi scór.

Ar an taobh eile, bhí an tuirse agus an brú ag cur as do Ghaillimh agus rinne siad roinnt botún i dtaobh iarrachtaí a chur ar strae nó drochphasanna a thabhairt. Más leo an chéad chéim eile a bhaint amach, caithfidh siad foghlaim, mar a d’fhoghlaim Luimneach.

 

David Burke agus Darragh O’Donovan. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ábhar dóchais do Shefflin agus do Ghaillimh

Cé gur chaill Gaillimh an deis iontach seo Luimneach a bhualadh i gcluiche leathcheannais na hÉireann, tabharfaidh an taispeántas a thug an fhoireann misneach do lucht iomána an chontae. A bhuíochas do thaispeántas an lae inné, ag féachaint chun cinn atá daoine anois seachas a bheith ag breathnú siar ar bhliain a bhí thuas seal, thíos seal.

Spreag ceapachán Shefflin an-chuid cainte i rith an gheimhridh agus ní raibh Gaillimh gan locht i rith na sraithe. Bhí bua maith acu in aghaidh Luimnigh thíos i bPáirc na nGael ach chailleadar cluichí in aghaidh Loch Garman agus i gcoinne Chorcaí sna seachtainí ina dhiaidh sin.

Bhí an scéal céanna acu i gCraobh Laighean. Ba cheart go mbeadh na Carmannaigh sáraithe ag Gaillimh sa chéad bhabhta ach thiteadar as a chéile i dtreo dheireadh na himeartha agus cé gur bhuadar ansin ar Chill Chainnigh, chlis orthu arís in aghaidh na foirne céanna i gcluiche ceannais an chúige.

Dea-theist ar chumas Shefflin mar bhainisteoir é gur thug na Gaillimhigh taispeántas na bliana sa chluiche is tábhachtaí a bhí acu. Níor tugadh seans dóibh in aghaidh Luimnigh ach thug siad dúshlán ceart do sheaimpíní na hÉireann Dé Domhnaigh.

D’oibrigh an-chuid de na cinntí a rinne Shefflin freisin. Measadh roimh an gcluiche go bhféadfaí Joseph Cooney a chur siar mar leathchúlaí láir toisc Gearóid McInerney a bheith gortaithe ach bhí Cooney ar fheabhas ar an gcliathán agus d’éirigh leis Tom Morrissey a cheansú.

Thug Shefflin treoir do Cooney agus do Fintan Burke, a bhí ag marcáil Ghearóid Hegarty, coinneáil lena gcéilí comhraic nuair a ghabaidís siar an pháirc, rud nach mbíonn gach bainisteoir sásta a dhéanamh, ach d’éirigh le cinneadh Shefflin agus baineadh Hegarty agus Morrissey den pháirc agus an cluiche fós idir dhá cheann na meá.

Níor cheart dearmad a dhéanamh gurb í seo an chéad bhliain ag Shefflin ina bhainisteoir idirchontae agus rachaidh an taithí seo uile chun tairbhe dó amach anseo.

Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Gach cúnamh tugtha ag an gClár do Chill Chainnigh

Níl aon amhras ach go raibh Cill Chainnigh an-mhaith in aghaidh an Chláir Dé Sathairn seo caite ach chaithfeá a rá freisin gur thug na Cláirínigh neart cúnaimh dóibh freisin.

Bhí tionchar ollmhór ar líon na n-iarrachtaí a chuir an Clár ar strae – 27 san iomlán – ar an gcluiche ach d’fheil na teaicticí a d’úsáid siad do Chill Chainnigh freisin. Caithfidh go raibh Brian Cody breá sásta nuair a chonaic sé céard a bhí á dhéanamh ag an gClár

Ar thaobh amháin den pháirc, bhí cosantóirí an Chláir agus tosaithe Chill Chainnigh fágtha fear ar fhear. Is minic le Cill Chainnigh a bheith ag streachailt in aghaidh foirne a imríonn le cosantóir nó dhó sa bhreis ach ní raibh tada mar sin le feiceáil Dé Sathairn. Ní raibh ar chosantóirí Chill Chainnigh ach an liathróid a chur suas i dtreo na dtosaithe agus súil acu go bhfaigheadh leithéidí TJ Reid nó Eoin Cody an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic, rud a rinneadar minic go leor.

Ar an taobh eile, d’fheil stíl imeartha an Chláir do na Cait freisin. Bhí fir bheaga, Ian Galvin agus David Reidy, sna cúinní ag an gClár ach níor tugadh seans dá laghad dóibh seilbh a fháil ar an sliotar leis na pasanna a bhí á gcur isteach ina dtreo sa chéad cheathrú uaire. Anuas air sin, bhí an ceann is fearr á fháil ag Huw Lawlor ar Peter Duggan ar imeall na cearnóige, rud a d’fhág go raibh an sliotar á ghlanadh amach ag líne lánchúil Chill Chainnigh chomh luath agus a cuireadh isteach é. Le déileáil leis sin, thosaigh na Cláirínigh ag tabhairt faoi na postaí ó lár na páirce níos minice agus, mar a léirigh an 13 iarracht a chuir siad amú sa chéad leath féin, níor éirigh rómhaith leis an teaictic sin ach an oiread.

Is cinnte nach mbeidh rudaí chomh héasca ag Cill Chainnigh in aghaidh Luimnigh sa chluiche ceannais.

Fág freagra ar 'Stuaim Luimnigh, ábhar dóchais do Ghaillimh agus gach cúnamh tugtha ag an gClár do na Cait'