Straitéis nua cúig bliana seolta chun déileáil le foréigean teaghlaigh agus inscne

Faoi phlean nua an Rialtais dúblófar an phianbhreith is mó ar féidir a ghearradh ar an té a chiontaítear as duine a ionsaí agus díobháil a dhéanamh don duine sin 

Straitéis nua cúig bliana seolta chun déileáil le foréigean teaghlaigh agus inscne

D’fhógair an Rialtas straitéis nua cúig bliana chun déileáil le foréigean sa teaghlach agus foréigean a bhaineann le hinscne. 

Tá €363 milliún ceaptha don phlean a bhfuil sé mar aidhm aige a chinntiú nach mbeidh aon ghlacadh in aon chor leis an bhforéigean sin.

Faoin bplean dúblófar an phianbhreith ar an té a chiontófar in ionsaí dá leithéid. Gealltar go gcuirfear 100% le líon na n-áiteanna a bheidh ar fáil sna hionaid tearmainn laistigh de na cúig bliana sin. 

Faoi láthair is cúig bliana an phianbhreith is faide is féidir a ghearradh ar dhuine a ionsaíonn duine agus a dhéanann díobháil don duine sin agus is í sin an choir is coitianta a dhéantar i gcásanna drochíde sa teaghlach. Faoin straitéis seo dúblófar an uas-phianbhreith sin go dtí deich mbliana. 

An tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee agus an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Leanaí Roderic O’Gorman a d’fhógair Straitéis na Neamhfhulaingthe inniu ina ndearbhaítear nach nglacfar beag ná mór feasta le foréigean ar bith sa teaghlach ná le foréigean a bhíonn bunaithe ar ghnéas nó inscne. 

Díreoidh straitéis nua seo an Rialtais chomh maith ar oideachas a chur ar fáil do dhaoine ina luathóige faoi ábhair amhail toiliú, caidreamh folláin gnéis agus foréigean sa teaghlach. 

Tá Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte chun oiliúint nua a chur ar fáil d’oibrithe cúram sláinte agus oibrithe eile ar an líne thosaigh le cuidiú leo foréigean sa teaghlach a aithint agus na daoine atá ag fulaingt a chur i dtreo na seirbhísí tacaíochta cuí. 

Sna cúig bliana atá sa bplean cuirfear leis an líon spásanna sna hionaid tearmainn – ón 141 atá ann anois go dtí 280. Fágfaidh an soláthar nua sin go mbeidh ionad tearmainn ar fáil i ngach contae den chéad uair riamh.  

Gealltar go mbeidh ar a laghad 100 de na spásanna nua sin réidh roimh dheireadh na bliana seo chugainn. 

Faoi láthair níl ar fáil in Éirinn ach 30% den soláthar áiteanna tearmainn a mholtar i gCoinbhinsiún Iostanbúl, conradh cearta an duine de chuid Chomhairle na hEorpa in aghaidh foréigean sa teaghlach. 

Tá naoi gcontae sa tír nach bhfuil aon tearmann iontu don té a bheadh ag fulaingt ó fhoréigean sa teaghlach.

Tá 144 beart luaite le feidhmiú an phlean seo agus orthu sin tá feasacht agus oideachas níos fearr a chur ar fáil faoin meon agus an dearcadh is bonn le foréigean sa teaghlach agus le foréigean a mbíonn gnéas agus inscne á spreagadh.  

Foilseofar plean gnímh gach bliain de na cúig cinn agus gach sé mhí foilseofar tuairisc faoi conas atá ag éirí leis an obair ar na bearta sa bplean.  

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee go gcinnteodh an plean nua seo nach bhféadfadh aon duine a “súile a dhúnadh” ar fhoréigean feasta. 

“Ciallaíonn sé gan do shúile a dhúnadh nuair a tharlaíonn drochíde, díreach mar gheall gur taobh thiar den doras dúnta a tharlaíonn sé nó do dhaoine atá i gcaidreamh lena chéile. Ciallaíonn sé nach féidir cúis gháire a dhéanamh faoi chaint nó lámha míchuí, is cuma cé acu a dtarlaíonn sin ar an láthair nó i ngrúpa WhatsApp. 

“Ciallaíonn sé freisin go gcaithfear dul ar ais agus a mhúineadh do dhaoine óga céard atá i gceist le caidreamh folláin,” a dúirt an tAire McEntee. 

Fág freagra ar 'Straitéis nua cúig bliana seolta chun déileáil le foréigean teaghlaigh agus inscne'