Stormont scortha le haghaidh an toghcháin ach amhras mór faoina bhfuil i ndán dó

Ní hé an t-amhras faoi thoil an DUP an t-aon cheist faoi thodhchaí Stormont

Stormont scortha le haghaidh an toghcháin ach amhras mór faoina bhfuil i ndán dó

Tamall roimh a sé a chlog ar an Déardaoin cuireadh clabhsúr ar Thionól Stormont. Agus roinnt na cumhachta go mór in amhras, arb é sin an t-amharc deiridh go ceann i bhfad ar rialtas díláraithe i dTuaisceart Éireann?

Bhí ceist eile ag dó na geirbe ag daoine freisin áfach, ceist íogair. I bhfianaise a bhfuil feicthe san dá bhliain a shuigh Stormont as na cúig bliana ón toghchán deiridh, an fiú é a choinneáil ag imeacht? Nó an bhfuil an déabhlóid, dá dhonacht í, níos fearr ná riail dhíreach na dTóraithe?

Bhí Stormont díomhaoin ar feadh trí bliana, nach mór, i dtús na mandáide i ngeall ar easaontas idir Sinn Féin agus an DUP. Ina dhiaidh, cé nach raibh láimhseáil na paindéime gan locht chruthaigh Stormont níos fearr ná rialtas Boris Johnson. Ag druidim le deireadh an téarma bhí sé gan Feidhmeannas arís ó shiúil an DUP amach as an gcéad-aireacht ar an 3 Feabhra mar agóid in aghaidh an phrótacail iarBhreatimeachta.

Murab ionann agus an folús ó 2017 go 2020 nuair nach raibh ach na damháin alla i mbun oibre in Stormont bhí na hairí, cé is moite den Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire, in ann fanacht in oifig an uair seo. Bhí a fhios go maith acu cé chomh míshásta is a bhí an pobal faoin bpairilis nó an leathphairilis nua seo. Dá réir bhí siad cíocrach chun oibre, iad ag iarraidh a léiriú gurbh fhiú an pholaitíocht logánta a chosaint.

Díol suntais is ea an méid oibre a rinneadh sna seacht seachtaine ó thit an Feidhmeannas. Ritheadh os cionn scór billí sa tréimhse sin (as 47 ar fad ó Eanáir 2020). Tugadh sé cinn chun críche ar an Déardaoin, cinn a raibh tábhacht shóisialta agus cearta ag baint leo.

Ina measc bhí reacht a chuireann iachall ar institiúidí cónaithe taifid na mban is na bpáistí a mhair iontu a chaomhnú, bille a chuireann bac ar lucht frith-ghinmhillte a bheith ag agóidíocht ag doirse clinicí, agus ceann a chuirfidh earraí míostraithe ar fáil saor in aisce i scoileanna agus foirgnimh phoiblí eile. Ina dteannta sin socraíodh go mbeadh deich lá saoire le pá sa bhliain ag daoine a fhulaingíonn foréigean baile. Cuirfear táillí páirceála ag ospidéil ar ceal i gceann dhá bhliain agus tá reachtaíocht comhionannas fostaíochta le haghaidh múinteoirí á tabhairt isteach.

Ar an láimh eile, b’údar mór conspóide iad na beartais éigeandála nárbh fhéidir a dhul i ngleic leo. Tá an ghéarchéim breosla agus an méadú mór ar an gcostas maireachtála ag goilliúint ar an-chuid daoine, tá oibrithe ar stailc agus na mílte ag brath ar bhancanna bia. D’uireasa Feidhmeannais, áfach, níorbh fhéidir leis an Aire Airgeadais, Conor Murphy ciste tarrthála a scaoileadh. Bhí £300 milliún punt aige le dáileadh ar dhaoine atá i gcruatan ach fuair sé comhairle dlí nach raibh cead aige é a íoc mura bhfaomhfadh an Feidhmeannas é. Dhiúltaigh an DUP an Feidhmeannas a athbhunú chun an tsáinn sin a fhuascailt.

Cúis bhuartha dá lán den aicme pholaitiúil an t-éagumas sin. Fágadh slán le scata mór Teachtaí a bhfuil an cinneadh déanta acu nach bhfillfidh siad. Bhí a thuilleadh neirbhíseach faoina bhfuil i ndán dóibh ó na vótóirí ar an 5 Bealtaine. Bhí coicís ag na hiarrthóirí a bheidh san iomaíocht don 90 suíochán chun a n-ainmniúcháin a chur isteach agus a dhearbhú

Tá póstaeir anairde ag roinnt acu cheana féin. Cé nach gcuirfear tús go hoifigiúil leis an bhfeachtas toghcháin go dtí amárach tá sé ar siúl le fada. Nocht na chéad tuairiscí, cúpla lá ó shin, faoi phóstaeir a bheith scriosta gur gnaithí mar is gnách a bheidh ann go ceann sé seachtaine.

Céard a tharlóidh ina dhiaidh sin? An mbeidh an DUP toilteanach filleadh ar Stormont? Dúirt Jeffrey Donaldson go mairfeadh a agóid go dtí go sásófaí a éileamh faoin bPrótacal. Fiú dá dtarlódh sé sin, an ndiúltódh an DUP filleadh ar Stormont dá mbeadh sé sa dara háit taobh thiar de Shinn Féin? An nglacfaidh se le roinnt na cumhachta mura mbíonn sé chun tosaigh?

Níl freagraí á dtabhairt ar na ceisteanna sin agus ní léir an nochtfar an cur chuige le linn an fheachtais. Ní hé an t-amhras faoi thoil an DUP an t-aon cheist faoi thodhchaí Stormont. Más fíor go mbeidh páirtithe an láir – Alliance agus an Comhaontas Glas – chomh láidir leis an dá eite thraidisiúnta an gcaithfear na forálacha faoin chomhdhéanamh a athrú lena gceart a thabhairt dóibh? A thuilleadh idirbheartaíochta? Agus flúirse éiginnteachta.

Fág freagra ar 'Stormont scortha le haghaidh an toghcháin ach amhras mór faoina bhfuil i ndán dó'