‘Storm Front in Mayo’ – an bhean óg ar an bhFód Dubh a bhí lárnach i roghnú D-Day

Léirítear i scannán faisnéise nua nár bhain neodracht na hÉireann le linn an dara cogadh domhanda le faisnéis aimsire…

‘Storm Front in Mayo’ – an bhean óg ar an bhFód Dubh a bhí lárnach i roghnú D-Day

Seachtó a cúig bliain go ham seo a tharla an t-ionradh mór ar chósta na Fraince, an lá ar tugadh ‘D-Day’ air. Tharla sé ar an 6 Meitheamh 1944. Ach bhí an 5 Meitheamh beartaithe ar dtús don aicsean mór seo a chasfadh an taoide do na Comhghuaillithe sa Dara Cogadh Domhanda.

Agus bhí bean óg ar an bhFód Dubh, i gcontae Mhaigh Eo lárnach sa chinneadh sin. Bhí sí ag obair in oifig an phoist agus bhí cúram breise uirthi agus ar an bhfoireann ar fad – cuntas a choinneáil ar na comharthaí aimsire agus iad a chur ar aghaidh chuig an gceanncheathrú aimsire i mBaile Átha Cliath.

Tá bunfhíricí an scéil ar eolas ag go leor daoine. Chonaic mé féin an fógra ar an teach solais ag an bhFód Dubh go minic agus mé ar cuairt ann. Deirtear ann gurb as an áit sin a tháinig an réamhaisnéis chinniúnach a chuir tús leis an ngníomhaíocht ar ‘D-Day.’

Ach tá roinnt fíricí eile ann nach raibh aon eolas fúthu i gcaitheamh na mblianta. I gclár teilifíse de chuid New Decade, stiúrtha ag Gerry Gregg, a bheas ag dul amach ar RTÉ cothrom an lae sin, an 6 Meitheamh, nochtar an cúlra suimiúil stairiúil i dtaobh na heachtra seo sin. Storm Front in Mayo an teideal atá ar an gclár.

Is é croílár an scéil, ná go raibh an t-ionradh mór ‘D-Day’ beartaithe ar dtús don 5 Meitheamh. Bheadh an taoide i gceart, bheadh solas na gealaí ann agus bhí gach rud réidh faoi stiúir an Cheannasaí, an Ginearál Eisenhower. Ach cuireadh ar athló é ag an nóiméad deiridh de bharr stoirme a bhí ag teacht ón Atlantach agus a bhuailfeadh cósta theas na Breataine an lá sin.

Bhí go leor foinsí eolais maidir leis an aimsir ag Eisenhower, ach ba é an stáisiún aimsire i Maigh Eo a thug an t-eolas agus na figiúirí faoi bhrú atmaisféar etc, a chinntigh go raibh an stoirm le teacht. Tugadh an t-eolas don Ghrúpchaptaen Stagg a bhí i gceannas ar chúrsaí aimsire don ionradh thall sa mBreatain.

Nuair a cuireadh an t-ionradh ar athló, bhí rudaí ag féachaint go dona don fhórsa ollmhór a bhí bailithe le chéile sa mBreatain – longa, eitleáin, saighdiúirí, píolótaí, mairnéalaigh – na mílte, mílte daoine ar fad as an mBreatain, as an Fhrainc, as Ceanada agus as na Stáit Aontaithe. Bhí sé ar an ngníomhaíocht mhíleata ón bhfarraige ba mhó i stair ar domhain.

Ní fhéadfaí iad a choinneáil i bhfad sna hionaid éagsúla sula dtabharfadh na Naitsithe faoi deara go raibh plean ionraidh ann.

Agus an stoirm ag réabadh sa mBreatain, thug an stáisiún aimsire i Maigh Eo faoi deara go raibh athrú ar na comharthaí aimsire.

Tugadh faoi deara go raibh an brú atmaisféir seasmhach ar feadh tamaill agus ansin ag ardú de réir a chéile – rud a chiallaigh go lagfadh an stoirm. Cuireadh an t-eolas ar aghaidh ón bhFód Dubh, ag úsáid na gcód a tugadh dóibh, agus fuair Stagg an réamhaisnéis nua.

Ní raibh ach bearna bheag ama ann agus seans deiridh ag na ginearáil éagsúla a n-intinn a dhéanamh suas. Ní rabhadar ar aon intinn faoi. Faoi Eisenhower a bhí sé an glaoch a dhéanamh. ‘Okay, let’s go,’ a dúirt sé.

Thug Eisenhower an t-ordú dul ar aghaidh le ‘Operation Overlord’, an t-ainm a tugadh ar an ionradh ar chósta na Fraince ar ‘D-Day, ar an 6 Meitheamh. Agus cad iad na rudaí nach raibh ar eolas againn cheana faoi seo ar fad?

Insítear dúinn sa scannán gur beag an t-eolas a bhí ag na Naitsithe faoin aimsir san Atlantach. Ní fhéadfaidís longa a choinneáil ar faire ann. Bheidís faoi ionsaí go héasca ag an mBreatain. Agus níor foilsíodh aon eolas faoin aimsir in Éirinn – sna nuachtáin ná in aon áit eile.

Agus céard faoin tír neodrach seo a bhí in ainm is a bheith ag coinneáil amach as an gCogadh?

Deir Gerard Fleming ó Met Éireann sa scannán, gur síníodh comhaontú idir an Bhreatain agus Éirinn ag tús an chogaidh, faoina roinnfeadh an tír seo gach eolas faoin aimsir leis an tseirbhís meitéareolaíochta sa mBreatain. Socrú rúnda a bhí ann agus ní dhearna de Valera scéal mór de riamh.

Ba iad muintir Mhic Suibhne, a raibh oifig an phoist faoina gcúram ar an bhFód Dubh a bhí i mbun na hoibre ansin. (Bhí trí cinn eile de stáisiúin aimsire in Éirinn i mbun na hoibre céanna ar chósta an Atlantaigh.)

Tháinig Maureen Flavin as Ciarraí ina bean óg ag obair in oifig an phoist ansin i 1942. Fuair sí amach go raibh cúraimí maidir leis an aimsir ar na daoine a d’oibrigh sa bpostoifig.

Ach toisc go mbíodh orthu na staitisticí aimsire a léamh gach cúpla uair an chloig nó mar sin, thóg gach duine sa chlann a seal ag an trealamh aimsire. Is mar sin a chaith Maureen an oíche agus í ag ceiliúradh a lá breithe 21 bliain d’aois. Nuair a tháinig an crú ar an tairne i dtús mhí an Mheithimh, b’éigean dóibh an ‘léamh’ a dhéanamh gach uair an chloig. Ní raibh a fhios acu go raibh aon bhaint aige leis an gCogadh ag an am.

Tá Maureen anois 96 bliain d’aois agus thug sí agallamh do léiritheoir an chláir teilifíse anuraidh.

‘That’s my handwriting,’ a dúirt sí agus í ag caitheamh súil ar na figiúirí a bhí scríofa i bpeann luaidhe, figiúirí a chabhraigh le Eisenhower an cinneadh cinniúnach siúd a dhéanamh.

Tá daoine eile sa chlár atá amach sna nóchaidí anois – fear aimsire (Ginearál san Arm) ó na Stáit Aontaithe a bhí ar dualgas sa Ghraonlainn ag an am agus saighdiúir as an mBreatain a chuaigh anonn i gceann de na longa. Ní i bhfad eile a bheas éinne in ann clár den chineál seo a dhéanamh agus agallamh a chur ar dhaoine a mhair le linn na heachtra.

Agus mar a deir David McCullagh, ó RTÉ ag deireadh an chláir – bhíomar neodrach, ach toisc gur shínigh muid an comhaontú rúnda sin faoin réamhaisnéis aimsire leis na Briotanaigh, bhí tionchar i bhfad ní ba mhó ag De Valera ar thoradh an chogaidh ná mar a bheadh súil aige leis!

Fág freagra ar '‘Storm Front in Mayo’ – an bhean óg ar an bhFód Dubh a bhí lárnach i roghnú D-Day'