‘Stopaigí na buamaí’ – achainí na Palaistíne ar cheannairí an domhain

Deir Iosrael gur ‘ag fáil faoi réir don chéad chéim eile den chomhrac’ a bhíothas le hionsaí inar tugadh tancanna isteach in Gaza aréir

‘Stopaigí na buamaí’ – achainí na Palaistíne ar cheannairí an domhain

Ambasadóir na Palaistíne chun na Náisiún Aontaithe, Riyad Mansour. Pic: UN/Violaine Martin

D’impigh ambasadóir na Palaistíne chun na Náisiún Aontaithe ar cheannairí domhanda “na buamaí a stopadh”.

Ag labhairt dó ag cruinniú éigeandála de na Náisiúin Aontaithe i Nua-Eabhrac inniu, léigh Riyad Mansour, amach scéalta cuid de na páistí a maraíodh in ionsaithe Iosrael ar Gaza. Dúirt sé go raibh 40% de na tithe in Gaza scriosta sna hionsaithe.

Dúirt Gilad Erdan, ambasadóir Iosrael, gurb iad Hamas na “Naitsithe nua” agus go raibh cogadh á fhearadh ag Iosrael ar Hamas “agus ar Hamas amháin”. Rinne sé cur síos ag an gcruinniú ar an sléacht a rinne Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair.

Deir Fórsa Cosanta Iosrael (IDF) go ndearna siad “ionsaí spriocdhírithe” isteach thar teorainn go dtí tuaisceart Gaza aréir.

Deir Iosrael gur “ag fáil faoi réir don chéad chéim eile den chomhrac” a bhíothas leis an ionsaí inar tugadh tancanna isteach in Gaza. Mhaígh an IDF gur mhair an ruathar roinnt uaireanta an chloig, gur maraíodh “sceimhlitheoirí” agus nár gortaíodh aon duine ar thaobh Iosrael.

Tá físeán eisithe ag lucht míleata Iosrael ina bhfeictear tancanna Iosrael agus iad ag scaoileadh sliogán taobh istigh de chríocha Gaza, in aice le teorainn thuaidh an limistéir.

Dúirt údaráis mhíleata Iosrael go raibh Gaza á bhuamáil acu ón aer gan stad gan staonadh, agus go ndearna siad 250 ionsaí ón aer le ceithre huaire fichead.

Spriocanna a bhaineann le Hamas atá á n-ionsaí acu a deir siadsan ach tá Palaistínigh cáinteach agus iad ag cur ina leith go bhfuil sibhialtaigh á marú acu as éadan.

Cé nach bhfuil aon dearbhú neamhspleách ar na figiúirí, deirtear go bhfuil ar a laghad 7,028 Palaistíneach maraithe sna hionsaithe atá déanta ag Iosrael ar Gaza ón 7 Deireadh Fómhair. Deirtear go bhfuil 2,913 leanbh i measc na marbh.

Mhaígh Hamas gur maraíodh sna hionsaithe aeir atá á ndéanamh ar Gaza 50 duine a bhí á gcoinneáil ina ngialla sa cheantar.

Maraíodh breis is 1,400 duine in Iosrael san ionsaí thar teorainn a rinne Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair agus deir údaráis Iosrael go bhfuil os cionn 220 duine á gcoinneáil ina ngialla in Gaza.

Tá sé beagnach trí seachtaine anois ó thosaigh an cogadh seo agus ní léir go fóill cén uair a dhéanfaidh Iosrael ionsaí talún ar Gaza, má dhéanann siad in aon chor é.

Thug an Príomh-Aire Benjamin Netanyahu le fios gur dóigh go ndéanfaí an t-ionsaí sin le talamh ach níor thug sé aon sonraí eile faoi.

D’admhaigh Iosrael go ndearna cuid dá chuid saighdiúirí ruathar talún gairid eile isteach go Gaza coicís ó shin.

Ón Satharn seo caite go dtí maidin Déardaoin ní raibh ach 74 leoraí soláthairtí bailithe isteach go Gaza as an Éigipt cé go measann na Náisiúin Aontaithe go dteastaíonn 100 leoraí sa lá sna críocha atá faoi léigear ag Iosrael.

Tá achainí déanta ag an Aontas Eorpach go n-osclófaí “bealaí nó conairí daonnúla” agus go dtógfaí “sosanna” ó na hionsaithe sliogán le deis a thabhairt bia, uisce agus riachtanais cúram sláinte a thabhairt chomh fada leis an Palaistínigh.

Deir áisíneacht fóirithinte agus oibreacha na Náisiún Aontaithe do mhuintir na Palaistíne gur dóigh go mbeidh an soláthar breosla i Gaza ídithe ar fad inniu.

Fág freagra ar '‘Stopaigí na buamaí’ – achainí na Palaistíne ar cheannairí an domhain'

  • Pádraig O'hEipicín

    Ní dhéanann 2 éagóir ceart.

  • Mary Quinn

    Té sé thar am go raibh brú curtha ag na tíortha go léir ar Iosrael, cosúil leis an Rúis. Nach bhfuil na Palaistínigh ar comhchéim le daoine eile ar fud an domhain.