Stoirm ‘Saoirse’ ag teacht? Ainmneacha ‘Gaelacha’ do stoirmeacha geallta anocht ag Met Éireann

Tá ‘Saoirse’ i measc na n-ainmneacha Gaeilge atá á lua leis an liosta ainmneacha ‘stoirmeacha’ a fhoilsíonn Met Éireann agus Oifig Met na Breataine gach bliain

Stoirm ‘Saoirse’ ag teacht? Ainmneacha ‘Gaelacha’ do stoirmeacha geallta anocht ag Met Éireann

Beidh trí ainm ‘Gaelach’ ar an liosta ainmneacha stoirmeacha a bheidh á fhógairt ag Met Éireann ag meán oíche anocht.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Evelyn Cusack, an meitéareolaí aitheanta ó Met Éireann, go mbeidh trí ainm Gaeilge i measc na n-ainmneacha a chuirfidh Met Éireann chun cinn i mbliana.

Dúirt Cusack gur i gcomhar le chéile a thagann Met Éireann agus Oifig Met na Breataine gach bliain ar liosta ainmneacha do stoirmeacha. Sé cinn d’ainmneacha ó Met Éireann a bheidh ar an liosta nua agus tiocfaidh an chuid eile ó Albain, ó Shasana agus ón Bhreatain Bheag.

Reáchtáil Met Éireann pobalbhreith ar na meáin shóisialta ag an deireadh seachtaine agus moltaí á lorg ón phobal acu d’ainm baineann i nGaeilge a thosaíonn leis an litir ‘S’.

As na ceithre rogha a thug Met Éireann ar na meáin shóisialta, ba é an t-ainm ‘Saoirse’ is mó a thaitin le daoine a thug freagra ar an suirbhé. Ba iad ‘Sadhbh’, Siobhan (Siobhán) agus Sinead (Sinéad) na hainmneacha eile.

Thug daoine ar na meáin shóisialta le fios gur bhreá leo go dtabharfaí ainm Gaeilge ar stoirm ar mhaithe le deacrachtaí foghraíochta a chruthú do lucht na haimsire sa Bhreatain, ach dúirt Evelyn Cusack le Tuairisc.ie go ndéantar iarracht i gcónaí ainmneacha a roghnú ar furasta do dhaoine ó thíortha eile iad a fhoghrú.

Seo an ceathrú bliain ag Met Éireann liosta ainmneacha do stoirmeacha a chur le chéile i gcomhpháirt le hOifig Met na Breataine.

In 2015, reáchtáil an dá oifig feachtas ar na meáin shóisialta chun moltaí á fháil ón phobal d’ainmneacha stoirmeacha. Mhol daoine thall agus abhus breis agus 10,000 ainm an tráth sin agus táthar ag tarraingt ar an bhunachar ainmneacha sin ó shin.

De réir mar a thagann stoirmeacha chun cinn, ainmnítear iad de réir na n-ainmneacha ar liosta na n-oifigí meitéareolaíochta ag tosú le hainm a thosaíonn le ‘A’. An chéad stoirm mhór eile a thiocfaidh an bealach i mbliana ainm fireann a thosaíonn le ‘A’ a thabharfar uirthi agus ainm baineann a thosaíonn le ‘B’ a thabharfar ar an chéad cheann eile ina dhiaidh sin.

Bronnann Met Éirinn agus Oifig Met na Breataine ainm ar aon stoirm a mheastar a d’fhéadfadh a rian á fhágáil ar thalamh, nó ar ghaotha móra a n-eisítear foláireamh stádas ‘oráiste’ nó ‘dearg’ ina dtaobh.

I measc na n-ainmneacha Gaeilge a tugadh ar stoirmeacha le tamall de bhlianta anuas, bhí Oisín agus Fionn agus bhí leaganacha gallda d’ainmneacha Gaeilge i gceist chomh maith – Maeve agus Clodagh.

Fógrófar liosta iomlán ainmneacha na stoirmeacha do 2018-2019 anocht ar bhuille an mheán oíche.

Fág freagra ar 'Stoirm ‘Saoirse’ ag teacht? Ainmneacha ‘Gaelacha’ do stoirmeacha geallta anocht ag Met Éireann'

  • Tash

    Cé chomh sean is atá an fótagraif sin? Féach ar an gcomhartha stad bus – níor chonac ceann mar sin le breis is scór bliain, dearfainn!