Stair na tíre i gcárta poist a seoladh sa Spidéal i 1916

Tá stair na tíre agus scéalta pearsanta fite fuaite i seanchárta poist atá ag cothú cainte i gcónaí 

Stair na tíre i gcárta poist a seoladh sa Spidéal i 1916

Is iontach an tslí inar féidir le roinnt línte fánacha a scríobhadh ar chárta poist breis is 100 bliain ó shin níos mó ceisteanna a ardú ná mar a fhreagraíonn siad.

Ní chabhraíonn sé nach bhfuil ainm an duine a rinne an scríobh ná ainm iomlán an té ar cuireadh chuige an cárta ar eolas againn.

Ba sa mbliain chinniúnach 1916 a scríobhadh an cárta chuig ball den RIC a bhí lonnaithe sa mbeairic i gCionn Eitigh in Uíbh Fhailí (nó ‘King’s County’, mar atá scríofa ar an seoladh). Duine a bhí ag freastal ar Choláiste Chonnacht sa Spidéal a scríobh.

Tá an duine sin i measc grúpa de scoláirí agus foireann teagaisc an choláiste atá le feiceáil i ngrianghraf ar an taobh eile den chárta, ach cé hé nó cé hí féin?

An tráth úd ba dhaoine fásta a bhíodh ag freastal ar Choláiste Chonnacht agus iad ag iarraidh teastas i dteagasc na Gaeilge a bhaint amach, mar a mhínigh Seán Ó Neachtain – a bhfuil dlúthbhaint aige leis an gcoláiste le breis is 50 bliain – ar an gclár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta le gairid. Bunaíodh an coláiste i 1910 chun an oiliúint sin a chur ar fáil i ndiaidh múineadh na Gaeilge a bheith ceadaithe sna scoileanna i 1900.

Bhíodh sé de nós grianghraf a thógáil de na scoláirí agus den lucht teagaisc le chéile chuile bhliain agus tá samplaí de na grianghraif sin ó na blianta 1911, 1913, 1915, 1929, 1931, chomh maith le hábhar spéisiúil eile, sa leabhar breá Coláiste Chonnacht 1910 – 2010: Céad Bliain faoi Bhláth a chuir an Neachtaineach in eagar is a bhfuil cóipeanna dhe fós ar fáil.

Is leis na focail ‘A Chara’ a chuirtear tús leis an bpíosa scríbhneoireachta ar an gcárta, ach sin an méid Gaeilge a úsáidtear sa gcomhfhreagras. Glactar buíochas as cárta a tháinig sa bpost an mhaidin sin agus ansin deirtear, “I was thinking you must have forgotten me entirely when the reminder came.”

Sa gcéad líne eile, déantar tagairt don ghrianghraf: ‘If you are able to pick me out in this group…but you will find it hard work I assure you.’ An fear nó bean atá á scríobh? An bhfuil mórán aithne ag an mbeirt ar a chéile?

Is ina dhiaidh sin a éiríonn sé níos deacra ciall a bhaint as mar tá cuid den chárta ar iarraidh agus tá roinnt focal nach bhfuil soiléir. In abairt amháin deirtear, ‘Don’t forget for a moment that I owe you a stamp….and you owe me my badges.’ (Tá líne faoin bhfocal ‘badges’.)

‘If you do not send those back…I’ll enter the case in (the) Four Courts,’ a deirtear. Is léir gur ag spraoi atá an scríbhneoir.

Chuireas spéis bhreise sa gcárta poist céanna nuair a fuaireas amach i ndiaidh an agallaimh a chloisteáil ar Iris Aniar gur in áiléar an tí ina mbíodh cónaí tráth ar mo sheanuncail Tadhg (Tim Johnny Mháirtín) Ó Cualáin i sráidbhaile an Spidéil a fritheadh é.

Rugadh Tim Johnny i mBoth Chuanna sa Spidéal in 1885. Sa mbliain 1908 a chuaigh sé san RIC. In alt a scríobhadh don iris Biseach 2019, dúirt an staraí Cormac Ó Comhraí gur slí bheatha tharraingteach a bhí san RIC d’fhir óga in iarthar na hÉireann agus is dóigh gur amhlaidh a bhí sé do mo sheanuncail freisin.

Chaith sé tamall i mbun dualgais i gcontae Ros Comáin, ach ba i gcontae Uíbh Fhailí a chaith sé 12 bliain dá shaol mar phóilín go dtí gur cuireadh deireadh leis an bhfórsa i 1922.

(Ba mhinic é ag moladh muintir an chontae sin mar gheall ar a gcroíúlacht.)

Mar ba nósmhar ag an am, ba faoin leagan Béarla dá ainm, Timothy Folan, a bhí sé cláraithe san RIC. Ní úsáidtear ach ceannlitir d’ainm baiste an té chuig ar cuireadh an cárta. D’fhéadfadh gur ‘T’ ar an tseanstíl Ghaelach atá sa gceannlitir sin. Ach is deacair a bheith 100% cinnte faoi.

Tá an chuma air go bhfuil sloinne an bhaill den RIC scríofa ina dhá chuid: ‘Costelloe-‘, ach tá an cúpla litir a thagann tar éis sin míshoiléir agus tá an chuid eile acu ar iarraidh uilig.

Coisteallach (Máire Tom) a bhí i máthair mo sheanuncail. Ach cén fáth an mbeadh sloinne ina dhá chuid in úsáid sa gcás seo? Nó an é go raibh an té a scríobh an cárta ag spraoi nó ag magadh? Nó an raibh cúis níos dáiríre leis? Ní raibh ach roinnt míonna caite ó tharla an tÉirí Amach ag deireadh an Aibreáin 1916.

Chuardaigh mé taifid ar líne ar thóir baill den RIC le sloinne ina dhá chuid ag tosú le Costelloe ach chinn orm éinne a aimsiú. Ní chiallaíonn sin nach raibh a leithéid ann, dar ndóigh.

In agallamh a craoladh ar Raidió na Gaeltachta sa mbliain 1976, dúirt mo sheanuncail gur “in aice le hÉadan Doire” a bhí sé le linn an Éirí Amach i 1916, ach nach rabhadar ar an eolas ar chor ar bith faoi céard a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath. An bhféadadh sé tarlú gur cuireadh é go Cionn Eitigh (atá tuairim is 60km ó Éadan Doire) ar feadh tamaill ina dhiaidh sin agus gur ann a bhí sé an samhradh úd nuair a bhí na cúrsaí Gaeilge ar bun i gColáiste Chonnacht ina áit dúchais? Bhíodh lucht an RIC á mbogadh ó bheairic go beairic. Chaith Tim Johnny seal i gClóirtheach freisin, ach níor éirigh liom teacht ar aon fhianaise go raibh sé lonnaithe i gCionn Eitigh riamh.

Nuair a cuireadh deireadh leis an RIC chuaigh Tim Johnny go Meiriceá ar thóir oibre agus d’fhill sé abhaile i 1928 agus cheannaigh sé teach ósta i sráidbhaile an Spidéil.

San agallamh sin ón mbliain 1976, dúirt sé, “Bhí na custaiméiri is fearr in Éirinn agam”, agus is fíor go mbíodh tír agus talamh ag tarraingt ar a phub. D’fhan sé i mbun gnó mar “óstóir & tráchtáluidhe” (mar a bhí scríofa os cionn an dorais) go dtí deireadh na 1960idí nuair a dhíol sé an teach ósta. An Crúiscín Lán a thugtar ar an áit ó shin i leith.

Bhásaigh Tim Johnny Ó Cualáin sa mbliain 1979 agus é 94 bliain d’aois. An é Tim an fear ar cuireadh an cárta poist sin chuige 105 bliain ó shin? Murab é, cén fáth a mbeadh an cárta ina sheilbh? Agus, más é atá i gceist, cén fáth an mbeadh sloinne sa bhfoirm neamhghnách sin in úsáid aige féin nó ag an té a sheol an cárta? Nó an é go bhfuil míniú i bhfad níos simplí ar an scéal agus gur ball eile ar fad den RIC a fuair an cárta agus gur tugadh do mo sheanuncail ina dhiaidh é toisc gur grianghraf a tógadh sa Spidéal atá ann.

Cibé rud, tá stair na tíre agus scéalta pearsanta fite fuaite sa gcárta poist céanna.

Fág freagra ar 'Stair na tíre i gcárta poist a seoladh sa Spidéal i 1916'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Alt an spéisiúil. Go raibh maith agat, Ciarán.