Stair na Gaeilge i mBéal Feirste, rang aisteoireachta, seoltaí leabhar, scannáin agus plé ag Oireachtas na Samhna

Sa cholún seo tá eolas faoi na hócáidí, na féilte, na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

Stair na Gaeilge i mBéal Feirste, rang aisteoireachta, seoltaí leabhar, scannáin agus plé ag Oireachtas na Samhna

Tá Oireachtas na Samhna ar bun i mBéal Feirste ón 29 Deireadh Fómhair go 2 Samhain agus an fhéile ag filleadh ar an gcathair den chéad uair ón mbliain 1997. Beidh imeachtaí ceoil, damhsa, litríochta, cainte, drámaíochta, scannánaíochta agus neart eile ar bun i gcaitheamh an deireadh seachtaine seo romhainn. Seo blaiseadh ón gclár atá roghnaithe ag foireann Tuairisc.

Tá clár na féile le fáil ag an nasc seo.

Foghlaim faoi stair na Gaeilge i mBéal Feirste

Agus Oireachtas na Samhna ar ais i mBéal Feirste den chéad uair ón mbliain 1997, is maith an deis í le tuilleadh a fhoghlaim faoi stair na Gaeilge sa gcathair agus faoi phobal na Gaeilge. Beidh seisiún eolais ar Shlí na Gaeltachta ar bun ag 11:00am. in Aonach an Oireachtais, Halla 1 san ICC ar an Aoine, 31 Deireadh Fómhair. Siúlóid fhéintreoraithe é Slí na Gaeltachta a thugann cur síos ar stair na Gaeilge i mBéal Feirste.

Beidh leabhar ar an ábhar le Fionntán de Brún, An Ghaeilge i Lár Bhéal Feirste’ á sheoladh ag Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ag an Aonach níos deireanaí ag a 1:00pm. Cuirfidh Fionntán de Brún siúlóid threoraithe ar bun ar an Satharn ina bpléifear stair na Gaeilge agus stair Chonradh na Gaeilge i lár Bhéal Feirste. Tosóidh an tsiúlóid ag doirse tosaigh shiopa Primark, An Ascaill Ríoga, ag a 3:00pm. agus leanfaidh sí ar aghaidh go dtí 5:00pm.

Cleachtadh Ros na Rún

Bain triail as an aisteoireacht

Tá máistir-rang aisteoireachta á eagrú ag Ros na Rún sa leabharlann in Óstán Europa ar an Aoine ón 12:00pm meán lae go dtí a 3:00pm. Simon Boyle a bheidh ag reáchtáil na ceardlainne agus in éineacht leis, beidh Domhnall Ó Braonáin agus Caitríona Ní Dhomhnaill, beirt de réaltaí Ros na Rún, clár atá ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód i mbliana. Beidh deiseanna ann chun scéal a chruthú agus tobchumadóireacht a dhéanamh agus an bhéim ar an spraoi agus an tsaoirse. Cuirfear fáilte roimh aon duine atá os cionn 12 bliain d’aois.

Anna Heussaff

Bí ag púitseáil sna leabhair agus buail leis na húdair

Beidh deiseanna i gcaitheamh an deireadh seachtaine le bualadh le scríbhneoirí na Gaeilge agus neart seoltaí leabhair ar siúl i rith na féile. Tá seastán ag an siopa leabhar An Ceathrú Póilí ag an bhféile i mbliana agus rogha iontach leabhar ar díol acu, is ann a thiocfar ar fhormhór na dteideal a bheidh á seoladh ag an bhféile.

‘Cé a léifidh leabhar Gaeilge?’ an cheist a bheidh á cur ag Meitheal IMRAM, pléphainéal a bheidh ar bun i nDánlann Dillon in An Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál ar an Aoine ag meán lae. Beidh Anna Heussaff, Eoin P. Ó Murchú, Eoghan Mac Giolla Bhríde agus aíonna eile ag plé ceisteanna a bhaineann le pobal léitheoireachta na Gaeilge.

Seolfaidh Marcas Ó Murchú ‘Seoda na Sean, Amhráin Ghaolainne agus Bhéarla ó Chairbre, ó Mhúscraí agus ó cheantair eile i nDeas-Mhumhain’ le Pádraig Mac Cárthaigh ag Aonach an Oireachtais ag a 2:00pm ar an Aoine.

Beidh mórsheoladh Leabhar Breac i nDánlann Dillon ag a 3:00pm. mar a seolfaidh Máire Ní Neachtain Ceas an Chait le Labhrás Ó Finneadha, agus seolfaidh an tOllamh Mícheál Ó Mainnín Sadhbh le Darach Ó Scolaí. Leanfar ina dhiaidh sin le plé agus léamh litríochta le Eilís Ní Anluain, Antain Mac Lochlainn, Colm Ó Ceallacháin, Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin, Labhrás Ó Finneadha, Liam Mac Cóil agus tuilleadh ina dteannta.

Beidh na foilsitheoirí Éabhlóid ag seoladh leabhair freisin, i mBeár 1 ar Leibhéal 1 san ICC ar an Aoine ag 5:00pm. Is ann a bheidh an leabhar haiku I Muinín na nDúl le Máire Dinny Wren á sheoladh ag Róise Ní Bhaoill. Seolfaidh Lillis Ó Laoire an leabhar Dordéan le Róise Ní Bhaoill ina dhiaidh sin. Fan thart go dtí an 6:00pm. mar go mbeidh an leabhar le Seán Ó Muireagáin á sheoladh ag Caoimhe Ní Chathail, agus é foilsithe ag Éabhlóid freisin.

Ar an Satharn beidh na leabhair An Chloch in Áit an Charnáin: Seán Ó hEochaidh: Bailitheoir Béaloidis le Pádraig Ó Tiarnaigh á sheoladh (2:00pm) agus Fá Bhruach an Chladaigh le Cormac Mac Giolla Easpaig á sheoladh ag Seán Mac Corraidh ag a 3:00pm i mBeár 2 san ICC.

Cuirfidh na foilsitheoirí Arlen House mórsheoladh leabhar ar bun ag a 6:00pm. ar an Satharn i nDánlann Dillon, áit a seolfar leabhair nua liteartha agus taighde i nGaeilge le Ciarán Mac Murchaidh, Seán Mac Risteárd, Micheál Ó Conghaile agus Cathal Ó Searcaigh.

Breathnaigh ar scannán

Beidh rogha scannán á dtaispeáint i rith na féile agus ina measc beidh AONTAS a bheidh á thaispeáint mar chomóradh ar 20 bliain de Chiste Craoltóireachta Gaeilge Thuaisceart Éireann. Taispeánfar AONTAS i Cineworld san Odyssey Arena, 2 Cé na Banríona, Béal Feirste ar an Aoine, ag a 7:00pm. Tá líon teoranta ticéad ar fáil, agus moltar a ghabháil go dtí seastán TG4 ag Aonach an Oireachtais le clárú.

Socraíonn triúr ban comhar creidmheasa faoin tuath a robáil agus téann rudaí in aimhréidh i ndiaidh na robála. Sarah Gordon agus Damian McCann a scríobh, McCann a stiúir, agus tá Carrie Crowley, Bríd Brennan, agus Seán T. Ó Meallaigh sa chliar.

Beidh an gearrscannán An tAon Éan Amháin á thaispeáint i Svuít Bhaile Átha Cliath in Óstán Europa ar an Aoine ag a 4:00pm. Scéal faoi dhuine de na cainteoirí dúchais deireanacha Gaeilge i bPort a’Chlóidh in iarthuaisceart Mhaigh Eo, Seán Ó Raghaille (1933–2025) atá ann. Beidh seisiún ceisteanna agus freagraí ar bun i ndiaidh an léirithe le Meri Tadiċ, stiúrthóir an scannáin, agus Rua Breathnach, aistritheoir agus comhléiritheoir.

Fionntán de Brún

Bí páirteach sa bplé

Castar na daoine ar a chéile ach ní chastar na cnoic ná na sléibhte agus nuair a chastar ar a chéile muid taitníonn linn a bheith ag comhrá lena chéile. Beidh neart den phlé, cur, cúiteamh, caint, díospóireacht, clabaireacht agus eile ar bun i rith na féile agus neart ábhar machnamh le cogaint againn ina diaidh.

Ar chuid de na hócáidí plé a bheidh ar bun, beidh Seimineár an Oireachtais ar siúl ag 11:00pm. i Halla 2A, Leibhéal 1 san ICC agus é á chur i láthair beo ar An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. ‘An ród seo romhainn’ an t-ábhar a bheidh á chíoradh agus ‘100 bliain d’fheachtais agus agóidí, ach céard atá os ár gcomhar?’ á phlé. Is iad na cainteoirí a bheidh i dteannta Mháirín ná an Dr Fionntán de Brún, ollamh agus scríbhneoir, Cecelia Ní Choileáin, Abhcóide, Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, agus Róisín Nic Liam, Gníomhaí teanga agus taighdeoir PhD.

Iriseoireacht na Gaeilge a bheidh á plé ag an seimineár ‘Iriseoireacht Chlóite na Gaeilge. Ré Nua?’ a bheidh ar bun i Seomra Cruinnithe 3, Leibhéal 3 san ICC ar an Satharn, ag 12:30pm. Is í Caitríona Ó Torna a bheidh sa gcathaoir agus Seán Tadhg Ó Gairbhí, Eagarthóir Tuairisc, Póilín Ní Chiaráin, RTÉ, agus Conchubhar Ó Liatháin, Journal.ie, ar an bpainéal  don phlé seo atá á eagrú ag an gClár um Léann na Gaeilge, Ollscoil Notre Dame.

Eithne Ní Ghallchobhair

Blaiseadh den litríocht bheo

Beidh léamha filíochta agus próis ar bun i gcaitheamh na féile agus deis againn éisteacht le scríbhneoirí agus iad ag léamh óna saothar féin. Cuirfear ‘An Chúirt Filíochta’ ar bun in Amharclann Mhic Chionnaith sa gCultúrlann ar Bhóthar na bhFál ar an Satharn ag a 2:00pm. áit a mbeidh scoth na filíochta á léamh ag na filí féin. Tá an ócáid á reáchtáil ag Clár na Leabhar Gaeilge.

Ag an ócáid ‘Sliocht – Dinnseanchas’ beidh na scríbhneoirí as Tír Chonaill, Eithne Ni Ghallchobhair agus Michelle Nic Pháidín, ag léamh óna saothar nua atá bunaithe ar ábhar an dinnseanchais agus ag plé ról an dinnseanchais i litríocht na Gaeilge. Is é Micheál Ó Conghaile a bheidh sa gcathaoir ag an imeacht seo atá á eagrú ag Cló Iar-Chonnacht ag a 4:00pm. in Amharclann Mhic Chionnaith sa Chultúrlann.

Éist leis an gceol agus bain sásamh as an drámaíocht

Níl aon insint ar líon na n-imeachtaí ceoil, amhránaíochta agus drámaíochta a bheidh ar bun i rith na féile. Beidh cláirseach nua leis an gcláirseoir aitheanta Úna Ní Fhlannagáin á seoladh ar an Satharn ag 4:00pm. ag Aonach an Oireachtais.

Beidh scoth na bhfonnadóirí le cloisteáil, idir óg agus fásta, ag na comórtais éagsúla atá ar chlár na féile. Seolfaidh Máirín Uí Chéide albam Bhríd Ní Mhaoilchiaráin Anáil an Dúchais ag Casadh an tSúgáin san oíche Dé hAoine, Beidh Scléip na Samhna á cur i láthair i rith an lae ar an Satharn óna 2:30pm sa mBeár ar urlár íochtair Óstán Europa i dteannta Bhreanndáin Uí Bheaglaoich, Eoin Ó Beaglaoich agus Andrea Palandri.

Cuirfidh an compántas drámaíochta Lóchrann an dráma Faoi Dheireadh Thiar le Joe Steve Ó Neachtain ar stáitse ag a 2:00pm ar an Aoine in Amharclann Mhic Choinnaith sa Chultúrlann. Oíche Nollag in áras na seandaoine agus tá a scéal féin ag gach duine. 

An Pod Gaeilge ag dul go Béal Feirste ag Oireachtas na Samhna

Tá An Pod Gaeilge ag dul ar an mbóthar agus taifeadadh beo á dhéanamh ar an bpodchraoladh de chuid Tuairisc i rith Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste. Tá míle fáilte roimh phobal éisteachta An Pod Gaeilge bualadh isteach go dtí an taifeadadh ar an Satharn, an 1 Samhain ag a 4pm i Seomra Cruinnithe 1, Leibhéal 3 in Ionad Cois Cuain, an ICC.

Beidh eagrán speisialta de ‘Paiste Cainte’ á thaifeadadh beo ar dtús agus Helen Ní Shé i mbun cainte le Póilín Ní Chiaráin, an t-iriseoir cáiliúil as Gaeltacht Mhaigh Eo atá lonnaithe i mBéal Feirste le blianta fada. Ina dhiaidh sin, cuirfear eagrán beo de An Pod Gaeilge i láthair lenár n-aíonna speisialta Cormac Ó hEadhra, Antain Mac Lochlainn, Gráinne Ní Ghilín, agus Cliodhna Ní Mhianáin. ‘An Ghaeilge, teanga gan teorainn’ an t-ábhar cainte a bheidh acu. Tá fáilte roimh chách.

Fág freagra ar 'Stair na Gaeilge i mBéal Feirste, rang aisteoireachta, seoltaí leabhar, scannáin agus plé ag Oireachtas na Samhna'