Staidéar faoi lárionad Gaeilge nua i mBaile Átha Cliath críochnaithe

Deir Roinn na Gaeltachta go bhfuiltear réidh leis an gcéad chéim eile a thabhairt i dtaobh lárionad nua don Ghaeilge a fhorbairt san ardchathair ach ní fios go fóill cén bhliain a bhunófar é

Staidéar faoi lárionad Gaeilge nua i mBaile Átha Cliath críochnaithe

Tá deireadh curtha le staidéar faoi fhorbairt lárionad nua don Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, ach níl aon amscála curtha go fóill leis an bhforbairt atá geallta sa Phlean Forbartha Náisiúnta.

Cuireadh coiste le chéile an bhliain seo caite a raibh ionadaithe air ó Roinn na Gaeltachta, ó Fháilte Éireann, ó Chomhairle Cathrach Átha Cliath agus ó Chonradh na Gaeilge le breathnú ar na féidearthachtaí maidir le ceannáras an Chonartha ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath a fhorbairt mar lárionad do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.

Mar thoradh ar bhunú an choiste sin rinne Conradh na Gaeilge iarratas ag deireadh na bliana seo caite ar mhaoiniú chun staidéar féidearthachta a dhéanamh i leith fhorbairt an ionaid. 

Tugadh €40,897 don Chonradh i mí na Nollag seo caite chun an staidéar féidearthachta a dhéanamh. Dheimhnigh urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta do Tuairisc.ie inné go bhfuil críoch curtha anois leis an staidéar sin agus go bhfuil “an chéad chéim eile den phróiseas á bhreithniú i gcomhréir le forálacha an Chóid um Chaiteachas Poiblí”.

Níor dúradh cérbh í an chéad chéim eile sin ná ní raibh ar chumas na Roinne a rá cén t-amscála a bhí leagtha amach don fhorbairt.

Fógraíodh i mí Aibreáin go gcaithfí €13 milliún den €178 milliún atá luaite sa phlean forbartha náisiúnta le cúrsaí Gaeilge, Gaeltachta agus na n-oileán ar lárionaid Ghaeilge nua. Bhunófaí, a gealladh, ionad i mBaile Átha Cliath agus ionaid eile sna 16 baile atá aitheanta mar bhailte seirbhíse Gaeltachta agus i gceantair atá aitheanta mar líonraí Gaeilge. €4 milliún atá curtha ar leataobh sa phlean don lárionad nua i mBaile Átha Cliath.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Peadar Tóibín, cheana nach bhfuil “aon mhuinín” aige as an ghealltanas faoin lárionad mar nach raibh amscála luaite leis.

“Ní hionann plean fadtéarmach a bheith agat agus gníomh a dhéanamh agus sin an rud atá le feiceáil anseo,” a dúirt Peadar Tóibín.

Fág freagra ar 'Staidéar faoi lárionad Gaeilge nua i mBaile Átha Cliath críochnaithe'