Staid Thamhlachta le bheith lán go doras agus oíche mhór roimh mhná na hÉireann

Má bhuann foireann Vera Pauw in aghaidh na Fionlainne anocht, beidh áit acu sna babhtaí cáilithe do Chorn an Domhain 2023

Staid Thamhlachta le bheith lán go doras agus oíche mhór roimh mhná na hÉireann

Denise O’Sullivan. Pictiur: INPHO/Ben Brady

Éire v An Fhionlainn – Staid Thamhlachta, 7pm (Beo ar RTÉ)

Imreofar ceann de na cluichí is tábhachtaí i stair fhoireann sacair ban na hÉireann anocht nuair a thabharfaidh Éire agus An Fhionlainn aghaidh ar a chéile i dTamhlacht. Má bhuann foireann Vera Pauw, beidh áit acu sna babhtaí cáilithe do Chorn an Domhain 2023 agus Éire sa tóir ar áit i gceann de mhórchomórtais sacair na mban den chéad uair riamh.

Fiú má éiríonn le hÉirinn anocht, d’fhéadfadh bóthar fada a bheith rompu chun an comórtas atá á reáchtáil ag an Astráil agus an Nua-Shéalainn a bhaint amach, ach léiriú a bheadh ann mar sin féin, ar an dul chun cinn atá déanta ag Éirinn le roinnt blianta anuas.

Tá Éire sa dara háit i nGrúpa A i láthair na huaire agus dhá chluiche fágtha, ceann na hoíche anocht in aghaidh na Fionlainne agus ceann eile as baile in aghaidh na Slóvaice Dé Máirt seo chugainn.

Níl aon seans ag Éirinn coinneáil leis an tSualainn, atá sa chéad áit sa ghrúpa ach críochnóidh siad cinnte sa dara háit má bhuann siad anocht agus, fiú más comhscór a bhíonn ann, bheadh seans maith ag mná na hÉireann na babhtaí cáilithe a bhaint amach ar aon chaoi. Tá an Fhionlainn pointe chun deiridh orthu i láthair na huaire ach tá cluiche deacair in aghaidh na Sualainne fós le himirt ag an bhFionlainn.

Bhí an Fhionlainn rangaithe níos airde ná Éire nuair a rinneadh an tarraingt do na grúpaí ach bhuaigh Éire an cluiche idir na foirne i Heilsincí mí Dheireadh Fómhair seo caite, 2-1, agus tá sí anois trí áit chun tosaigh ar a gcéilí comhraic i rangú domhanda FIFA – Éire sa 26ú áit agus an Fhionlainn ag 29.

Fágann gortuithe nach bhfuil teacht ag Vera Pauw ar Rianna Jarrett, Kyra Carusa, Aoife Colvill ná Savannah McCarthy ach tá leithéidí Leanne Kiernan ó Liverpool, Megan Campbell, Ellen Molloy, Harriet Scott agus Eve Badana ar ais sa scuad tar éis dóibh an cluiche in aghaidh na Seoirsia a chailliúint.

Bua 9-0 a bhí ag Éirinn sa chluiche sin mí an Mheithimh. D’aimsigh Katie McCabe trí chúl sa chluiche céanna agus tháinig péire freisin ó Louise Quinn, beirt de na himreoirí is tábhachtaí ar fhoireann na hÉireann. Scóráil Denise O’Sullivan an oíche sin freisin agus beidh taispeántas maith eile ag teastáil ó bhean Chorcaí i lár na páirce.

D’imir an Fhionlainn ag Craobh na hEorpa i Sasana i rith an tsamhraidh ach tá go leor fadhbanna sa champa acu faoi láthair. Tugadh bata agus bóthar don bhainisteoir Anna Signeul tar éis dóibh a dtrí chluiche sa chomórtas a chailliúint agus buaileadh buillí eile ar an bhFionlainn le gairid agus beirt imreoirí tábhachtacha dá gcuid, Adelina Engman agus Emmi Alanen, gortaithe.

Is í an tosach Linda Sällström laoch na foirne agus breis is leathchéad cúl scóráilte aici i 118 cluiche dá tír. Tá a lán taithí freisin ag Tinja-Riikka Korpela sa chúl ach beidh Staid Thamhlachta lán agus súil ag an slua go mbeidh Korpela gnóthach go maith.

Chlis ar fhoireann na hÉireann in aghaidh na hÚcráine dhá bhliain ó shin nuair a bhí deis iontach acu Craobh na hEorpa a bhaint amach ach beifear ag súil go bhfuil siad feabhsaithe ó shin agus go ndéanfar an beart nuair a bheidh an crú ar an tairne anocht.

Fág freagra ar 'Staid Thamhlachta le bheith lán go doras agus oíche mhór roimh mhná na hÉireann'