Stádas ‘iarratasóra’ le bronnadh ar an Úcráin ag 27 ballstát an AE

Gníomh mór siombalach a bheadh ann stádas mar ‘iarratasóir ar bhallraíocht’ a bhronnadh ar an Úcráin, gníomh a thabharfadh spreagadh do mhuintir na tíre a bhfuil cuid mhór di scriosta ag ionradh na Rúise

Stádas ‘iarratasóra’ le bronnadh ar an Úcráin ag 27 ballstát an AE

Meastar go mbronnfaidh ceannairí 27 ballstát an Aontais Eorpaigh stádas ‘iarratasóra’ ar an Úcráin ag cruinniú mullaigh atá ag tosú sa Bhruiséil inniu.

Casadh eile a bheidh ann ar aistear fada ar a bhfuil an nasc idir an Úcráin agus an AE á threisiú de réir a chéile.

Gníomh mór siombalach a bheadh ann stádas mar ‘iarratasóir ar bhallraíocht’ a bhronnadh ar an Úcráin, gníomh a thabharfadh spreagadh do mhuintir na tíre a bhfuil cuid mhór di scriosta ag ionradh na Rúise.

Mhol an Coimisiún Eorpach an tseachtain seo caite go dtabharfaí an stádas sin don Úcráin agus tuairiscítear nach raibh aon chur i gcoinne mór ag na ballstáit in aghaidh an mholta sin.

Ní haon bharántas a bheadh i stádas ‘an iarratasóra’ go nglacfaí leis an Úcráin mar bhall den AE amach anseo, ach dul chun cinn a bheadh ann don Úcráin a bhfuil cogadh á fhearadh uirthi ag an Rúis atá in aghaidh caidreamh níos dlúithe a bheith aici leis an Eoraip.

Tá formhór mhuintir na hÚcráine ar son ballraíochta san AE.

Bíonn coinníollacha diana ag baint le ballraíocht a fháil san AE agus bheadh ar rialtas na hÚcráine coinníollacha éagsúla a chomhlíonadh i réimsí an dlí, an riaracháin agus an ghnó. Tá fadhb mhór le fada ag an Úcráin chomh maith maidir le cúrsaí caimiléireachta, rud eile a d’fhéadfadh a bheith ina bhac ar iarratas ar bhallraíocht mura gcruthófaí go bhfuil an fhadhb réitithe.

Go luath tar éis don Rúis ionradh a dhéanamh uirthi an ar an 24 Feabhra, rinne an Úcráin iarratas ar bhallraíocht san Aontas Eorpach agus ina dhiaidh sin rinne an Mholdóiv agus an tSeoirsia amhlaidh agus é ina imní sa réigiún sin faoin mbagairt a bhí san ionsaí gan údar a rinne an Rúis.

Meastar gur cinnte go dtabharfar stádas ‘iarratasóra’ don Mholdóiv ach tuairiscítear go mb’fhéidir go rachadh an tsáinn pholaitiúil sa tSeoirsia ina gcoinne.

Ag cruinniú mullaigh inniu agus amárach, déanfaidh ceannairí 27 ballstát an Aontais Eorpaigh na trí iarratas a phlé.

Ceann de na cuspóirí a deirtear a bhí ag Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, nuair a sheol sé fórsaí a thíre isteach san Úcráin ar an 24 Feabhra cosc a chur le comhtháthú na tíre sin le hinstitiúidí amhail an tAontas Eorpach.

Dúirt, Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky, an tseachtain seo go raibh an tír ar an ród anois le bheith ina cuid den Aontas Eorpach.

“Céim ar chéim, táimid ag bogadh linn ar aghaidh an tseachtain thábhachtach seo agus gach rud á dhéanamh againn gach aon lá ionas nach féidir aon amhras a bheith ar aon duine ach go bhfuil iarrthóireacht ballraíochta tuillte ag an Úcráin.

“Táimid á chruthú gach aon lá gur cuid den Aontas Eorpach muid cheana féin,” a dúirt an tUachtarán.

Tá sé ráite cheana féin ag an Uachtarán go bhféadfadh an Úcráin a bheith i mbaol ó “níos mó gníomhaíochtaí naimhdeacha” de chuid na Rúise an tseachtain seo tráth a mbeidh an t-iarratas ballraíochta agus an próiseas a bhaineann leis á mheas ag ceannairí an Aontais Eorpaigh.

Ní inniu ná inné a tharraing caidreamh na hÚcráine leis an AE conspóid. Sa mbliain 2013 ghlac daoine san Úcráin a bhí báúil leis an Eoraip páirt i léirsithe toisc gur chinn an t-iarUachtarán Viktor Yanukovych gan choinne nach síneodh sé comhaontú leis an AE a d’fhágfadh caidreamh níos mó ag an tír leis an Aontas Eorpach.

Ina áit sin, chinn sé ceangal níos dlúithe a chothú leis an Uachtarán Putin agus an Rúis.

An bhliain dár gcionn, 2014, rinne an Rúis ionradh ar Donbas agus go mídhleathach ghlac ceannas ar an Chrimé.

D’ainneoin formhór thíortha na hEorpa a bheith ag seasamh go láidir leis an Úcráin agus gur chuidigh siad a bheag nó a mhór le Zelensky sa troid, is mairg a déarfadh go cinnte go bhfaighidh sé a mhian ó thaobh na ballraíochta.

Fág freagra ar 'Stádas ‘iarratasóra’ le bronnadh ar an Úcráin ag 27 ballstát an AE'