Tá foláireamh stádas dearg maidir le loscadh foraoise eisithe ag an Roinn Talmhaíochta agus tonn teasa i ndán don tír as seo go ceann roinnt laethanta.
Rud annamh a leithéid d’fholáireamh a bheith i bhfeidhm in Éirinn, a dúradh i ráiteas a chuir an Roinn amach tráthnóna.
Faoin stádas dearg, an stádas is airde dá bhfuil ann, d’fhéadfadh spréach ar bith, a dúradh, tús a chur le loscadh sléibhe a scaipfeadh go tapa agus a bheadh deacair le ceansú. Ba mhó an baol, a dúradh i ráiteas na Roinne, in áiteanna a bhfuil aiteann agus fraoch, mar atá i go leor ceantair Ghaeltachta.
Tréimhse fhíor-eisceachtúil a bhí ann ó thaobh líon na dtinte sléibhe an samhradh seo caite.
I ngnáthbhliain, tharlódh tuairim is 200 tine agus d’fhéadfadh go scriosfaí timpeall 300ha sna tinte sin. Sa chéad 10 lá de mhí na Bealtaine 2017, tharla 85 tine shléibhe a rinne damáiste do 1,700ha d’fhoraoiseacha Coillte. Tharla an tine ba mhó agus ba dhainséaraí acu ar fad ar an gClochbhaile i gConamara.
D’imigh an tine ar an gClochbhaile ó smacht sa Bhealtaine agus thóg sé beagnach seachtain ar na seirbhísí éigeandála, dhá héileacaptar ina measc, an tine a mhúchadh. Scriosadh os cionn 1,500ha den choill i gceantar Mhaigh Cuilinn agus spréadh na mílte lítear uisce i gcaitheamh na seachtaine.
Dódh 2,000ha de thalamh portaigh freisin le linn na tine, an tine is mó dá leithéid i stair an stáit.
Moladh inniu d’úinéirí foraoise pleananna do chosc dóiteáin a chur i bhfeidhm agus a bheith ullamh do thinte timpeall ar thithe agus moladh d’fheirmeoirí a bheith cúramach agus innealra á úsáid acu i bhféarghoirt.
Tá ráite ag Met Éireann go bhféadfadh go bhfeicfear an dara teocht is airde riamh in Éirinn roimh dheireadh na seachtaine. De réir na dtaifead, ba i gCill Chainnigh in 1887 a bhí an teocht is airde riamh in Éirinn, 33.3 céim Celsius.
Bhí an teocht chomh hard le 29 céim Celsius tráthnóna agus meastar gur níos airde fós a bheidh sí amárach.
Visible satellite image from 3:30pm pic.twitter.com/gwBWG6pFeQ
— Met Éireann (@MetEireann) 26 Meitheamh 2018
Fág freagra ar 'Stádas dearg i bhfeidhm maidir le loscadh sléibhe agus an dara teocht is airde in Éirinn riamh á tuar'