Srianta nua curtha i bhfeidhm ag an Rialtas agus 190 cás nua fógartha inniu

Beidh na srianta seo i bhfeidhm go dtí an 13 Meán Fómhair ar a thúisce agus faoin tráth sin beidh plean d’athoscailt na tíre fógartha

Srianta nua curtha i bhfeidhm ag an Rialtas agus 190 cás nua fógartha inniu

D’fhógair an Taoiseach Micheál Martin sraith nua srianta, ar chomhairle NPHET, tráthnóna i ndiaidh cruinniú Rialtais a mhair trí uair an chloig. Beidh na srianta seo i bhfeidhm go dtí an 13 Meán Fómhair ar a thúisce agus faoin tráth sin beidh plean d’athoscailt na tíre fógartha.

Léiriú ar an mborradh atá faoin víreas fógra na Aire Sláinte Stephen Donnelly go raibh 190 cás nua den Covid-19 sa tír inniu.

Tá an rialtas ag moladh do dhaoine leanúint orthu ag obair ón mbaile oiread agus is féidir agus an córas iompar poiblí a sheachaint mura bhfuil sé fíor-riachtanach. Caithfear clúdaigh aghaidhe a chaitheamh sa gcás go mbeadh daoine ag roinnt córas iompair príobháideach.

“Tá a lán daoine á n-iompar féin amhail is nach bhfuil aon bheann acusan ar an víreas seo,” arsa na Taoiseach, “ach ba cheart dúinn ar fad smaoineamh go bhfuil muid ar fad freagrach dá chéile. Caithfimid ar fad cloí leis na srianta seo, ní féidir linn a mhalairt a dhéanamh nó is cur amú ama agus saothair a bhí sna híobairtí móra a rinneamar ar fad.”

Faoi na diansrianta nua seo ní bheidh cead ach ag 15 duine freastal ar imeachtaí amuigh faoin aer feasta, in áit an 200 duine a bhí ceadaithe go dtí seo.

Ní bheidh cead ach ag seisear as trí líon tí éagsúla ar a mhéid teacht le chéile faoi dhíon.

Beidh cead oscailte ag siopaí, bialanna agus gnóthaí eile ach caithfidh siad cloí le rialacha am dúnta. Níl aon athrú ar na srianta ag Aifrinn, ná ag bainiseacha, mar a bhfuil 50 duine ceadaithe i gcónaí.

Toradh eile a bheidh ar na srianta nua seo gur taobh istigh de gheataí agus doirse dúnta a imreofar cluichí agus a reáchtálfar imeachtaí eile spóirt.

Déanfar iniúchadh an gá cumhachtaí breise a thabhairt do na Gardaí leis na rialacha maidir le cruinnithe sóisialta i dtithe príobháideacha agus go háirithe i dtithe tábhairne agus bialanna a chur i bhfeidhm.

Dúirt an Taoiseach gur cheart do dhaoine atá os cionn 70 bliain a mbreithiúnas féin a dhéanamh faoina sábháilteacht agus a sláinte agus iad i mbun aclaíochta. Dúirt sé nár cheart dóibh meascadh ach le líon teoranta daoine agus a gcuid siopadóireachta a dhéanamh ag na hamanna ar leith a bheadh curtha i leataobh dóibh.

Bhain 48 den 190 cás nua inniu le Cill Dara, 46 cás le Baile Átha Cliath, 38 cás le Tiobraid Árann, 20 cás le Luimneach agus seacht gcás le contae an Chláir. Bhain an chuid eile de na cásanna le 11 contae éagsúla.

Deimhníodh chomh maith tráthnóna gur bhain 75 cás le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dhearfach don ghalar faighte acu. Bhain 14 de na cásanna nua le scaipeadh sa phobal.

Bhí 75% de na daoine a bhí buailte faoi bhun 45 bliain d’aois.

Níos luaithe inniu, d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh duine amháin eile básaithe de dheasca Covid-19 agus go raibh 41 cás nua deimhnithe.

2,333 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,774 duine ó dheas den teorainn agus 559 ó thuaidh di.

33,974 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 27,503 cás ó dheas agus 6,471 cás ó thuaidh.

Chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte in iúl inniu gur 2.83 lá an t-achar airmheáin a ghlacann sé ó chuirtear duine ar aghaidh le tástáil Covid-19 a fháil go mbíonn an cuardach teagmhálaithe críochnaithe. Is faide a thógann an obair sin anois mar go bhfuil níos mó daoine á gcur ar aghaidh le tástáil, bhíodh an obair sin déanta laistigh de 1.8 lá ar an meán an mhí seo caite.

Tá tástálacha san ospidéal agus sa bpobal san áireamh sa bhfigiúr sin agus tagann sé leis an sprioc 3 lá i 90% de na cásanna atá ag an HSE féin.

Dúirt Tomás Ryan, Ollamh Cúnta i Scoil na Bithcheimice agus na hImdhíoneolaíochta i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath agus é ag caint ar RTE Raidió 1 ar maidin nach raibh an córas tástála agus cuardaigh sa tír seo riamh sách gasta agus ó tá éileamh níos mó air le coicís go bhfuil sé ag titim as a chéile.

Mhol an tOllamh Ryan go ndéanfaí tuilleadh poiblíochta ar chúrsaí sláinteachais – na lámha a ní, fanacht amach ó dhaoine agus mascanna a chaitheamh i gceart. Dar leis an saineolaí imdhíoneolaíochta seo, na tíortha is fearr ar éirigh leo an víreas seo a cheansú, chuir siad an bhéim ar na trí ghné sin agus bhí córas éifeachtach gasta tástála agus cuardaigh acu.   

Tá imní léirithe ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur daoine sna fichidí, tríochaidí agus daichidí is mó atá ag scaipeadh an ghalair faoi láthair ar fud na cruinne.

Dúirt Takeshi Kasai, stiúrthóir réigiúnach leis an eagraíocht go bhféadfadh daoine óga a bheith ag scaipeadh an ghalair agus gan a fhios acu in aon chor go raibh an galar tolgtha acu, údar imní níos mó fós do dhaoine atá leochaileach nó a bhfuil a sláinte i mbaol.   

Dúirt sé go raibh an phaindéim ag athrú agus go mb’fhéidir gur céim nua den aicíd atá againn, go háirithe i réigiún na hÁise-an Aigéin Chiúin, seachas ráig eile a bheith ag borradh.

Sna figiúirí is déanaí a d’eisigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte tráthnóna inniu, deirtear go bhfuil 771,635 duine curtha den saol ag Covid-19 ar fud na cruinne agus go bhfuil an galar tolgtha ag 21,756,357 duine.

Fág freagra ar 'Srianta nua curtha i bhfeidhm ag an Rialtas agus 190 cás nua fógartha inniu'