Sraith thoirtiúil agus léamh eile ar shaol eachtrúil tragóideach JFK

60 bliain i ndiaidh a fheallmharaithe maireann an dúil i scéal an Chinnéidigh i gcónaí

Sraith thoirtiúil agus léamh eile ar shaol eachtrúil tragóideach JFK

Tráth an ama seo 60 bliain ó shin a feallmharaíodh JFK. Bhí mórán faoi gheasa ag an Uachtarán óg Gael-Mheiriceánach sular lámhachadh é ar an 22 Samhain 1963 ach i ndiaidh na n-eachtraí fuilteacha mhéadaigh an dúil mhíchuíosach.

Ní haon ionadh é sin agus an tUachtarán is óige riamh greanta i scioból samhlaíochta an phobail mar dhuine óg, dathúil, caithiseach. É sin ar fad agus an mistéir faoi lá a fheallmharaithe.

Ní nach ionadh tá lucht déanta clár agus scannán i ndiaidh a maidí a chur san fheamainn go minic. Ní gá duit ach Kennedy a chur isteach sa suíomh teilifíse/scannán IMDB agus tiocfaidh tuairim is 100 saothar aníos atá bunaithe ar theaghlach cáiliúil Bhostúin. Teaghlach ríoga Mheiriceá fé mar a dúrt an té a dúrt é.

An chéad cheist mar sin ná an bhfuil gá le saothar eile? An bhfuil aon ní nua le tabhairt chun solais? An bhfuil léargas nua le soláthar? Bunaithe ar an gcéad ghála de Kennedy (Sky Documentary/NowTV) ní dóigh liom go bhfuil. Lena cheart a thabhairt don saothar toirtiúil, snasta seo bailítear meitheal chuidsúlach de chloigne cainte le chéile le cuntas cuimsitheach a thabhairt ar shaol an Chinnéidigh. Is dócha go gcuireann gach saothar oiread na fríde le hiomláine an phictiúir.

Le guth sainiúil Peter Coyote ár dtionlacan thug an chéad ghála den tsraith ocht gclár seo faoina óige is é ag díriú ar an tréimhse 1917 – 1940. B’fhéidir nach é seo an tréimhse is corraithí nó is suimiúla i saol JFK ach tugadh éachtaint dúinn ar na daoine agus na heachtraí a mhúnlaigh an fear ar leith seo.

Ceann de théamaí an chláir ná easláinte an fhir seo a raibh cuma na sláinte air. Tráchtadh ar an bhfiabhras dearg, aipindicíteas agus barrthuislí sláinte eile nach iad. Is olc an léiriú a deineadh ar a mháthair Rose; dúradh linn gur bean fhuar shantach í nár léirigh mórán ceana dá clann. Sé an t-athair Joe, an fear gnó agus cliúsaí ban, a thug aire do Jack agus é ar leaba an bháis le breoiteacht. Ba í uaillmhian an athar a chomáin a chlann agus nuair a ceapadh é mar Ambasadóir Mheiriceá i Sasana tosnaíodh ag seoladh mhuintir Uí Chinnéide ar bhóthar na polaitíochta.

Deineadh plé ar a laethanta in Harvard, an dlúthchairdeas le Lem Billings, tábhacht Hyannis Port do na Cinnéidigh agus an turas a thug sé ar an Eoraip, an Ghearmáin san áireamh, díreach roimh an Dara Cogadh Domhanda.

Faoi mar a dúrt thuas tá meitheal bhreá bailithe le chéile agus bhí Conan O’Brien,

Thomas J. Carthy, David M. Kennedy, David Nasaw, Martin W. Sandler

Chris Matthews, Lawrence J. Haas, Eileen McNamara agus a thuilleadh eile nach iad ag déanamh dreasanna cainte. Leabhar scríofa ag gach tarna duine acu faoin gcúram. Tionscal tinteáin eile. Beidh leithéidí Bruce Greenwood, Kathleen Kennedy Townsend agus Anthony Shriver le feiscint sna gálaí atá le teacht.

Saothar cumasach, toirtiúil a chuireann de bheagán le scéal clúiteach an Chinnéidigh.

Fág freagra ar 'Sraith thoirtiúil agus léamh eile ar shaol eachtrúil tragóideach JFK'