Sraith thábhachtach Eorpach ar TG4

Tugann Dialanna ón gCogadh Mór ar TG4 léargas ar chúlra agus tosach an chogaidh atá intuigthe agus taitneamhach dóibh siúd nach saineolaithe iad.

15396985848_ac5e04cede_b

Tugann Dialanna ón gCogadh Mór (Dé Céadaoin, TG4) léargas ar an gcoimhlint fhuilteach sin, a bhfuil a chomóradh céid ann i mbliana,  ar shlí an-simplí, ach éifeachtach.

Seachnaítear na cloigne cainte agus baintear leas as tuairim is 1,000 cuntas comhaimseartha (dialanna, cuimhní cinn agus litreacha) le guth a thabhairt dóibh siúd a bhí páirteach sa chogaíocht nó a mhair lena linn.

Is comhléiriú mór Eorpach atá sa tsraith ocht glár seo agus TG 4/Squre One Productions i measc na gcomhghuaillithe.

Le míreanna athchruthaithe, beochain agus guthaithe, mar aon le húsáid shamhlaíoch ghrafaicí, tugann an chéad chlár léargas ar chúlra agus tosach an chogaidh atá intuigthe agus taitneamhach dóibh siúd nach saineolaithe iad.

Mar chuid de sin, déantar gné na hÉireann (John Redmond agus an feachtas don Rialtas Dúchais) a chíoradh.

Déanann Aindrias Ó Cathasaigh (duine den mheitheal scríbhneoirí) sin a thionlacan siar bóithrín na staire le guth údarásach, agus drámatúil nuair ba ghá.

B’ábhar díoma dom nach raibh a thuilleadh iarrachta déanta ó thaobh na Gaeilge, leis na fotheidil agus cuid den ghuthú go háirithe.

Is dócha gur léiriú é ar sháinn na scóranna féachana agus an brú atá  ar TG4 sodar ina ndiaidh siúd atá ar bheagán Gaeilge.

Sraith thábhachtach, Eorpach, mar sin féin, agus is deas an rud é go bhfuil guth na hÉireann le cloisteáil.

Tá an Bronntanas (Déardaoin, TG4) ag treabhadh leis agus an teannas ag géarú i rith an ama. An tseachtain seo, tagann beirt charachtar isteach i lár an aonaigh.

Bleachtaire agus Garda, athair agus mac, cairde leis na deartháireacha Magill.

Tá an fhiosracht sa bhfuil ag muintir Greene, dealraíonn sé, agus an chuma orthu go bhfuilid in amhras cheana féin. Bheadh aithne ag an lucht féachana ar an athair John Finn ó tháirgí Meiriceánacha cosúil le Cold Case (agus an fógra cliste sin a bhí ar TG4 i 2005) agus bhí caipín an Gharda ar Owen McDonnell cheana nuair a bhí sé i ról Jack Driscoll sa tsraith Single-Handed.

Bhraitheas go raibh blas mínádúrtha ar radharcanna áirithe le carachtair ag bualadh le chéile go hámharach/mí-ámharach i dtithe tábhairne agus cois trá.

Dar liom féin go mb’fhéidir go bhfuil cuid de na radharcanna seo róghearr agus go guireann seo straein ar scéal agus script. A mhalairt ar fad atá i gceist leis an radharc leis an abhac.

Tugtar an-scóp do na carachtair anseo agus tugtar radharc den scoth dúinn ina ndéantar an foréigean agus an greann a shníomh le chéile go cumasach. Tríd is tríd, bhí na caighdeáin arda a bhí le feiscint sa chéad ghála os ár gomhair arís.

Chuaigh lucht na giolcaireachta bán ar fad tar éis an cor is déanaí i Love/Hate (Dé Domhnaigh, RTÉ 1) agus mórán den tuairim, an léirmheastóir seo ina measc, gurbh é an clár is fearr sa tsraith go dtí seo.

Thug mórán íde na muc agus na madraí ar shraith a ceathair agus is cinnte go bhfuil an scéal agus an script tar éis luí amach orthu féin i mbliana.

Sna blianta tosaigh, ba é John Boy (Aidan Gillen) an té go raibh an bús ar fad faoi ach ansin tháinig Nidge aniar aduaidh air (sa scéal agus i scioból samhlaíochta an lucht féachana).

Anois, sa scioból céanna, is é Paddy (Patrick Murray) atá ar thosach cadhnaíochta. Géaraíodh ar an bhforéigean chomh maith ach bhí seo ag luí go nádúrtha leis an scéal.

Tá an clár leathdhéanach ar leic an dorais againn. Bhí, tá agus beidh tine ar chraiceann na ngiolcairí.