SRAITH PICTIÚR: ‘Gadaíocht ar Thraein’

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith...

Físeán

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Tabhair cuntas ar uair éigin a goideadh rud éigin uait féin nó do mhuintir, cara srl. Cum scéal más gá.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.

  • Cuardaigh focail agus briathra nua ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:

    Tabhair cuntas, tabhair cuntas ar an conas mar a tharla sé agus abair céard a tógadh, cuir eagla agus fearg in iúl, abair gur lorgaíodh cabhair, tabhair moladh.

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

  • Arís is féidir tú féin a thaifead.

 


Gadaíocht ar an Traein

(Téacs an fhíseáin)

1) An mhí seo caite bheartaigh Máire agus Síle imeacht go cathair na Gaillimhe don deireadh seachtaine.
Thug a dtuismitheoirí síob dóibh go dtí an stáisiún traenach.
Bhíodar ag tnúth go mór leis an deireadh seachtaine.
Bhí imní ar a dtuismitheoirí, áfach, agus d’iarr siad orthu a bheith cúramach.

2) Níorbh fhada gur ghluais an traein amach as an stáisiún.
Bhí Máire agus Síle suite ar a sáimhín só.
Bhí fear a raibh spéaclaí gréine air suite in aice leo.
Seo leis na cailíní ag caint faoin deireadh seachtaine agus dheineadar neamhaird d’fhear na spéaclaí gréine.
D’fhág Máire a sparán ar an mbord.

3) Tar éis tamaill, thit na cailíní ina gcnap codlata.
I bpreabadh na súl, bhí an sparán tógtha ag an bhfear.
Ní fhaca duine ná deoraí é.
Níorbh fholáir go raibh sé ag faire ar a sheans ó shuigh na cailíní in aice leis.
D’imigh sé leis ar nós na gaoithe.

4) Dhúisigh na cailíní.
Ní raibh tásc ná tuairisc ar an sparán.
Ba dhóbair gur thit Máire i laige. Scread sí in ard a cinn is a gutha.
Chuardaíodar an carráiste ó bhun go barr. Ba ansin a thuigeadar go raibh an sparán tógtha ag an bhfear.

6) Ghlaodar ar an gcigire traenach ar an bpointe boise agus d’inis an scéal dó.
Bhíodar in amhras gurbh é fear na spéaclaí gréine a ghoid an sparán.
Bhí an cigire traenach an-tuisceanach agus cabhrach.
Chuir sé glaoch ar stáisiún na nGardaí i gcathair na Gaillimhe.

6) Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur shroich an traein ceann scríbe.
D’imigh an gadaí den traein chomh tapaidh is a bhí in Éirinn ach tháinig na Gardaí aniar aduaidh air agus rugadar greim an duine bháite air.
Tugadh an sparán ar ais do Mháire.
Bhí an t-airgead ar fad ann agus áthas an domhain ar Mháire.

Ceisteanna:

  • Cé mhéad airgid a bhí sa spárán?
  • Cén dá chathair atá luaite i mbosca 1?
  • Cén stáisiún atá i gceist le bosca 6?
  • Céard a tharla don ghadaí ina dhiaidh sin?
  • Cén fáth a raibh siad ag dul go Gaillimh?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: ‘Gadaíocht ar Thraein’'