SRAITH PICTIÚR: Fadhbanna Sóisialta ag Cur Isteach ar na Déagóirí

Sraith Pictiúr na hArdteiste (SP 16). Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

 

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:
    Cuir imní in iúl, bíodh cur síos ar na fadhbanna, tabhairt moltaí, déan seasamh a thógáil mar aon le tuairimí a chur in iúl.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

 


Fadhbanna Sóisialta ag Cur Isteach ar na Déagóirí

(Téacs an fhíseáin)

1) An tseachtain seo caite bhí Seán agus Máire ar a sáimhín só ag féachaint ar an teilifís.
Bhí siad ag féachaint ar chlár cúrsaí reatha.
Bhí fadhbanna na n-óg inniu idir chamáin acu.
Chuir an méid a chuala siad alltacht agus déistin orthu.

2) An oíche dár gcionn bhí siad i dteach a gcairde.
Thosaigh siad ag plé ábhar an chláir.
Bhí clann óg ag an dá lánúin agus dá bhrí sin bhí imní an domhain orthu.
Ní raibh a fhios acu ó thalamh an domhain céard é an rud ab fhearr a dhéanamh.

3) D’aontaigh siad ar fad go raibh an iomarca brú ag baint le scrúduithe na hArdteiste.
Dar leor nár thug córas na bpointí cothrom na Féinne do scoláirí ach an oiread.
Bíonn ar scoláirí obair na gcapall a dhéanamh le háit a ghnóthú san ollscoil.
Níl an dara rogha acu.

4) Bhí siad sceimhlithe ina mbeatha ag na scéalta faoi alcól agus mí-úsáid drugaí.
Bhí go leor teaghlach in umar na haimléise dá mbarr.
Tá na Gardaí ag déanamh a ndíchill ach tá siad ag snámh in aghaidh easa.
Níl a fhios acu céard atá i ndán dá bpáistí sa todhchaí.

5) Tá go leor daoine óga ag fulaingt mar gheall ar an gcúlú eacnamaíochta.
Tá go leor daoine dífhostaithe agus pá leasa shóisialaigh á fháil acu.
Tá ar go leor daoine a seolta a ardú leo go Meiriceá agus an Astráil.

6) Phléigh Seán agus Máire an scéal arís an oíche sin.
D’aontaigh siad nach fiú brobh a gcuid fadhbanna féin i gcomparáid le fadhbanna daoine eile.
“Tá súil agam go dtiocfaidh feabhas ar rudaí,” a dúirt Máire.
“Is maith an scéalaí an aimsir,” a dúirt Seán.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

  • Céard a bhí á phlé ar an gclár teilifíse i mbosca 1?
  • Cad deirtear faoi na scrúduithe i mbosca 3?
  • Luaigh rud amháin atá na déagóirí a dhéanamh i mbosca 4.
  • Cá bhfuil an scuaine daoine i mbosca 5?
  • Cad eile/cén áit eile atá le feiceáil i mbosca 5?