Sraith chleamhnais ar Virgin Media ar cheann den 15 tionscadal Gaeilge ar roinneadh ciste €2m orthu

Is é seo an chéad uair a bhfuair clár nó sraith do Virgin Media maoiniú faoi ciste Gaeilge Scéim Fuaime agus Físe an Chiste Craolacháin

Sraith chleamhnais ar Virgin Media ar cheann den 15 tionscadal Gaeilge ar roinneadh ciste €2m orthu

Tá maoiniú curtha ar fáil den chéad uair riamh do Virgin Media chun mórchlár dátheangach a dhéanamh.

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann inné go gcuirfear beagnach €2 milliún ar fáil do 15 clár raidió agus teilifíse Gaeilge nó dá theangach.

I measc na dtionscadal a fuair maoiniú, tá Grá ar an Trá, sraith chleamhnais nua a bheidh le craoladh ar an gcainéal Virgin Media Two. Is é seo an chéad uair a bhfuair clár nó sraith i nGaeilge atá le craoladh ar Virgin Media maoiniú faoi Scéim Fuaime agus Físe an Chiste Craolacháin.

Tá €500,000 bronnta ar an gcomhlacht léiriúcháin Macalla Teoranta chun tabhairt faoin tionscadal. Cúig chlár uair an chloig an ceann a bheidh i gceist leis an tsraith dhátheangach agus í dírithe ar dhaoine óga idir 15-34 bliain d’aois. Glacfaidh dhá dhuine dhéag páirt sa tsraith agus iad ag foghlaim Gaeilge agus ag iarraidh páirtí a fháil.

Tá beagnach leathmhilliún euro eile bronnta ar an gcomhlacht léiriúcháin Meangadh Fíbín chun sraith coirdhráma a dhéanamh do lucht féachana 15-34 bliain d’aois do TG4. Beidh beagán den ghreann dubh ag baint leis an tsraith Saor Sinn Ó Olc, a deirtear. Sé chlár uair an chloig a bheidh sa tsraith sin agus í i nGaeilge ar fad.

I measc na dtionscadal eile a fuair maoiniú, bronnadh €270,000 ar ROSG chun sraith faisnéise a dhéanamh faoi stair agus oidhreacht na bhféilte a bhíodh ag na Gaeil fadó le fáiltiú roimh na séasúir, Imbolg, Bealtaine, Lúnasa agus Samhain. Billy Mag Fhloinn a chuirfidh an tsraith Na Féilte Tine i láthair agus craolfar í ar RTÉ One.

Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin fáilte roimh fhógra an lae inniu, maoiniú ar cuid é den Scéim Mhaoinithe Craolacháin Fuaime & Físe, a fuair maoiniú breise €10.5 milliún i mbliana.

Fág freagra ar 'Sraith chleamhnais ar Virgin Media ar cheann den 15 tionscadal Gaeilge ar roinneadh ciste €2m orthu'