Spreagann neartú Shinn Féin trí cheist do na páirtithe eile

Dúisíonn neartú Shinn Féin ceist chomhrialtais nach féidir leis an Lucht Oibre a sheachaint

Spreagann neartú Shinn Féin trí cheist do na páirtithe eile

Ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald. Pic: Sam Boal/Rollingnews.ie

Ní mian le gach duine é a rá os ard, ach tá an tairngreacht chéanna á déanamh le tamall i ngach páirtí: beidh Sinn Féin i mbun rialtais tar éis an chéad olltoghcháin eile.

Níl toradh na vótála cinnte ar ndóigh. B’fhéidir go mbeadh sé ar chumas Fhine Gael agus Fhianna Fáil comhrialtas eile a chur ar bun tar éis an toghcháin in 2025 ar a dheireanaí. Glactar leis go forleathan áfach i dTeach Laighean anois go dtiocfaidh méadú chomh mór ar ionadaíocht Shinn Féin sa toghchán gur ag Mary Lou McDonald a bheidh an tosaíocht agus bunú rialtais nua á phlé.

Níor léirigh aon phobalbhreith fós go mbeadh Sinn Féin ábalta rialtas a bhunú gan tacaíocht a fháil ó pháirtí amháin eile ar a laghad. Mar a léiríodh arís sa phobalbhreith is déanaí a rinne Ipsos/MRBI don Irish Times ina raibh an cuntas seo a leanas ar thacaíocht na bpríomhpháirtithe: SF 32%, FG 22%, FF 20%.

Is i 1977 a d’éirigh le Fianna Fáil an rialtas aon-pháirtí deireanach a bhunú tar éis olltoghchán inar ghnóthaigh an páirtí 50.6% den vóta iomlán. Tá riail dhaingean pholaitiúil i bhfeidhm ó shin: ní rialtas go comhrialtas.

Thar aon rud eile, is ar chomhdhéanamh na chéad Dála eile a bheidh na roghanna iarthoghcháin a phléifear ag brath. Idir an dá linn áfach, spreagann neartú Shinn Féin trí cheist nach féidir leis na páirtithe eile sa fhreasúra a chur i leataobh go hiomlán:

Conas is féidir le mionpháirtí é féin a chosaint ó fhás Shinn Féin?

Conas ba chóir do mhionpháirtí a chur chuige difriúil a léiriú don phobal?

Céard ba chóir a rá roimh olltoghchán faoi chomhrialtas le Sinn Féin?

Níl aon trácht ar na hábhair sin sna rúin atá á bplé ag comhaltaí Pháirtí an Lucht Oibre le linn na comhdhála ar cuireadh tús léi Dé hAoine ar líne agus i seomra ciorclach Theach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath. Tá baint nach beag acu áfach le gach cur is cúiteamh sa pháirtí ar chúrsaí sláinte, ar easpa tithíochta agus ar gach fadhb eile a thugann deis dóibh míshásamh le cur chuige an rialtais a léiriú agus roghanna eile a mholadh agus a mhíniú.

Comhoibríonn páirtithe an fhreasúra lena chéile agus seachnaíonn siad easaontas de ghnáth ionas gur féidir béim a chur ar an bpríomhghnó: ceistiú agus cáineadh an rialtais. Nuair a bhíonn páirtí amháin sa bhfreasúra i bhfad chun cinn ar na páirtithe eile áfach, agus nuair nach bhfuil aon chomhthuiscint eatarthu maidir le comhrialtas amach anseo, ní gá do dhuine ar bith an chontúirt a mhíniú do na mionpháirtithe.

Toghadh Alan Kelly mar cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre bliain go leith ó shin. Tá a chéad óráid mar cheannaire á tabhairt aige le linn na comhdhála agus na riachtanais seo go léir á meá aige roimh ré. Léirigh an phobalbhreith san Irish Times a luaigh mé níos luaithe nach bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag a pháirtí ó chuaigh sé i gceannas. Níor chuir ach a ceathair faoin gcéad de na vótálaithe a ceistíodh an mhí seo caite an Lucht Oibre chun cinn ar na páirtithe eile (níor thug ach a trí faoin gcéad tacaíocht do na Daonlathaithe Sóisialta sa suirbhé céanna).

Thug bua Ivana Bacik i bhfothoghchán Chuan Bhaile Átha Theas i mí Iúil misneach don Lucht Oibre ach ba léir do chách gur cumas agus cáil an iarrthóra a dheimhnigh an bua seachas meas mór na vótálaithe ar a páirtí.

Is beag fianaise atá ar fáil mar sin go bhfuil forás nó forbairt ag teannadh le comhaltaí an Lucht Oibre agus iad ag teacht le chéile den chéad uair ó chuir an phaindéim saol na tíre bunos ionn.

Ní rachaidh scéal an Lucht Oibre i bhfeabhas go gcloisfear cur síos mealltach de chineál éigin ón gceannaire (a) ar chur chuige atá níos inchreidte ná mar atá Sinn Féin a mholadh agus (b) ar an gcúis go rachadh rannpháirtíocht an Lucht Oibre i gcomhrialtas le Sinn Féin chun tairbhe don tír.

Ní beag an dúshlán é.

 

Fág freagra ar 'Spreagann neartú Shinn Féin trí cheist do na páirtithe eile'

  • An Teanga Bheo

    Rialtas sealadach anois le trí phairtí ann, iontas é FG is FF le chéile ?

  • Loch a' Doirín

    Léiríonn easpa tuisceana de chuid Páirtí an Lucht Oibre le blianta anuas an meán-aicmeachas a bhaineann leo. Bhí agus tá sé rí-sholéir an éileamh atá ón bpobal do fhórsa polaitiúil a sheasfadh do mhianta an aicme oibre na tíre seo. Tá do-chreidte, ar lámh amháin, go bhfuil teipthe ag PanLO an folús seo a líonadh. Ach, ar an lámh eile, céard eile a mbeadh muid ag súil leis uaidh daoine meán aicmeacha. Ní ball de SF mé ach caithfear a adhmháil go bhfuil a gcuid obair baile déanta acu, ar a laghad ar bith, agus an seasamh (ar éigean) a bhfuil tógtha acu ar an eite chlé. Rud eile, an bhféadfaí duine níos measa a thogha mar cheannaire pháirtí ná Alan Kelly? Mhaighdean bheannai’.