‘Spreagadh, ceiliúradh agus machnamh’ geallta do 2018 agus Bliain na Gaeilge seolta ag an Taoiseach

An Taoiseach Leo Varadkar a sheol Bliain na Gaeilge 2018 inniu i mBaile Átha Cliath agus dúirt sé go raibh sé ag súil ‘an oiread daoine is féidir a spreagadh’ le páirt a ghlacadh inti chun ‘cur lena líofacht’

‘Spreagadh, ceiliúradh agus machnamh’ geallta do 2018 agus Bliain na Gaeilge seolta ag an Taoiseach

Sheol an Taoiseach Leo Varadkar Bliain na Gaeilge inniu i dTithe an Rialtais i mBaile Átha Cliath. Beidh ‘Bliain na Gaeilge’ á ceiliúradh an bhliain seo chugainn le comóradh a dhéanamh ar 125 bliain d’athbheochan na Gaeilge ach gealltar freisin go mbainfear leas as an mbliain le haird a tharraingt ar na dúshláin is mó atá roimh an nGaeilge sa lá atá inniu ann.

Dúirt an Taoiseach inniu gur mian leis an rialtas an Ghaeilge a cheiliúradh agus “an oiread daoine is féidir a spreagadh” le páirt a ghlacadh i mBliain na Gaeilge.

“Cibé acu is cainteoir líofa Gaeilge thú, má tá tú go díreach ag foghlaim na teanga, nó fiú mura bhfuil úsáid bainte agat as do chuid Gaeilge le blianta fada, is deis é seo duit le feabhas a chur ar do líofacht, tuilleadh a fhoghlaim faoin teanga, agus do chomharsana, cairde agus comhghleacaithe a ghríosú leis an teanga a dhéanamh mar chuid den saol laethúil,” a dúirt sé.

Dúirt Joe McHugh, an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, a bhí i láthair ag an ócáid, gur “cuid lárnach í an teanga dár bhféiniúlacht mar Éireannaigh”.

Ghabh sé buíochas le Foras na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, oifigigh a Roinne féin agus grúpaí eile as an obair atá déanta acu le Bliain na Gaeilge a chur ar bun an bhliain seo chugainn agus dúirt go bhfuil “obair na gcapall” déanta acu chun a chinntiú go gcuirfear “fís” Bliain na Gaeilge” i gcrích.

“Tá clár leathan d’imeachtaí curtha le chéile cheana féin le tús a chur le himeachtaí na bliana, ach ba mhaith liom daoine aonaracha agus grúpaí sa bhaile agus thar lear a spreagadh le bheith páirteach,” a dúirt McHugh.

Tá imeachtaí ealaíon agus pobail á n-eagrú chun ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga agus seoladh an clár imeachtaí sin inniu.  Táthar ag súil go dtabharfaidh an tionscnamh, a bhfuil an tUachtarán, Micheál D. Ó hUiginn, ina Phátrún air, “aitheantas agus deis machnaimh” do dhaoine  maidir leis “an méid atá bainte amach cheana féin” agus deirtear go ndíreofar freisin “ar bheocht, úsáid, dea-íomhá agus feiceálacht na teanga”.

Dúirt an tUachtarán gur chothaigh Athbheochan na Gaeilge “meas ar ár gcultúr dúchais” agus gur chóir “machnamh” a dhéanamh ar scéal lucht na hAthbheochana anois.

“Anois in 2018, agus muid ag déanamh comóraidh ar na blianta cinniúnacha sin, agus ar an dream ilchreidmheach sin de laochra a chosain ár n-aitheantas náisiúnta, déanfaimid machnamh ar scéal ár n-iarrachtaí, agus ceiliúradh ar an méid atá bainte amach againn mar phobal le cinntiú gur féidir linn ár mbród agus ár ngliondar inár dteanga agus inár gcultúr féin a sheachadadh chuig an gcéad ghlúin eile.

“Tógfaimid, le misneach agus go bríomhar, aghaidh ar na dúshláin is mó atá romhainn mar phobal maidir leis an nGaeilge: cinntiú go mairfidh sí mar theanga phobail inár nGaeltachtaí agus cabhrú le hiadsan – daoine agus eagraisí – atá ag obair go díograiseach chun go rachaidh úsáid na Gaeilge ó neart go neart i measc mhórphobal na hÉireann. Tá sí mar aidhm againn iarracht fhiúntach a dhéanamh fís na hathbheochana a athneartú agus a athdheimhniú, agus a chur i bhfeidhm le modhanna, le cur chuige, agus le teicneolaíocht na 21ú hAoise,” a dúirt Mícheál D. Ó hUigínn.

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh an “tacaíocht láidir thrasrannach” a deir siad atá á tabhairt ag an Rialtas do Bhliain na Gaeilge. Is é an Conradh is mó atá taobh thiar de Bhliain na Gaeilge, cé go bhfuil eagraíochtaí eile i mbun a pleanála freisin.

“Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh an tacaíocht láidir, thrasrannach atá léirithe ag an Taoiseach, Leo Varadkar TD, ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, agus ag an Rialtas trí chéile do Bhliain na Gaeilge 2018 inniu, agus tá súil againn go spreagfaidh sé seo comhlachtaí poiblí, ranna Rialtais, agus an mórphobal ar fad le himeachtaí a eagrú agus páirt ghníomhach a ghlacadh sa Bhliain,” a dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Dúirt sé freisin gur “deis” a bheadh sa Bhliain “díriú ar na dúshláin reatha atá roimh an nGaeilge agus roimh Ghaeltachtaí na tíre seo sa dioscúrsa poiblí”.

Dúirt Síomha Ní Ruairc, Comhordaitheoir Bhliain na Gaeilge, go bhfuiltear ag iarraidh ar ghrúpaí agus daoine aonair ar fud na tíre páirt a ghlacadh sna himeachtaí.

“Táimid ag iarraidh ar gach scoil, ar gach grúpa pobail, agus ar gach duine páirt a ghlacadh i mBliain na Gaeilge trí imeachtaí a eagrú ina gceantar féin, trí fhreastal ar imeacht náisiúnta cosúil le mórshiúl BEO, nó trí pháirt a ghlacadh sna comórtais éagsúla a bheidh á reáchtáil.

“Táimid ag obair i gcomhar le RTÉ 2fm chun go gcuirfear cóip den albam nua CEOL 2018 le hEoghan McDermott i lámh gach dalta scoile dara leibhéal ag tús na Bealtaine freisin, ionas go mbeidh scoth an phopcheoil as Gaeilge le cloisteáil ar fud na tíre,” a dúirt Ní Ruairc.

Tá clár Bhliain na Gaeilge ar fáil anseo.

Fág freagra ar '‘Spreagadh, ceiliúradh agus machnamh’ geallta do 2018 agus Bliain na Gaeilge seolta ag an Taoiseach'

  • Bladar!

    Fágam acu a mBlianta na Gaeilge, agus a Seachtainí na Gaeilge. Tá cuid againn ró-ghnóthach ag iarraidh ár Saol a chaitheamh i nGaeilge, agus is deacair sin a dhéanamh as siocair teip/feall an chórais atá ag bladar linn anois faoi ‘dhea-íomhá’, ‘féiniúlacht’, ‘dúchas’, ‘fís’, ‘beocht’, ‘feiceálacht’, ‘meas’, ‘aitheantas’, agus ‘spreagadh’. Focal amháin a ‘spreagann’ a gcuid slimchainte: ‘múisc’…

  • Éamonn Ó Floinn

    Cad faoi an ngéarchéim sa Ghaeltacht a réitiú? Níl seans dá laghad. Ní dhéanann an tseafóid seachas bheith ina chur amú airgid. Bhí ceann againn fós i 2013 agus ba rath mór é, nár ea?

  • pádraig ó floinn

    Baothchaint ar siúl ag an bhfear sin, Varadker. An t-am gur féidir liom mo chuid oibre a dhéanamh le Ranna Rialtais as Gaoluinn, sin an t-am a nglacfaidh mé le focal as a bhéal. Cén Ghaoluinn atá ar “spin”?

  • Éadóchasach

    B’fhearr leis an rialtas so airgead a chaitheamh ar bhliain éadairbheach seachas airgead a thabhairt dosna pleananna teangan; b’fhearr leo ardán a thabhairt dóibh féin seachas daoine le Gaeilge a earcú agus an deis a thabhairt dúinn ár saol a chaitheamh i nGaolainn agus sinn ag caint lenár stát féin. Anuas air sin, b’fhearr leisna cumainn theangan – Conradh na Gaolainne, go háirithe – neamhaird a thabhairt ar stad reatha na teangan ar mhaithe leo féin agus leis an airgead a bheidh ag teacht chucu as an mbliain éadairbheach so. Canathaobh go gceapaimid gur orthu brath na teangan?

    Má tá an Ghaolainn le caomhnú, caithfimid diúltú dóibh agus do sheafóid mar so, ní hamháin ‘Bliain na Gaeilge’ ach an cur i gcéill i gcoitinne – fé mar atá déanta agesna coistí a chuir na pleananna teangan le chéile. Caithfimid an teanga a tharraingt as lámha an stáit agus lámha na gcumann teangan gur cuma leo fé thodhchaí na teangan. Ní lena leithéidse í an Ghaolainn; is linne í. Ná ligimis dóibh dearmad a dhéanamh ar an bhfírinne sin; ná déanaimisne dearmad ar an bhfírinne sin ach oiread.

  • Ruairí

    Ní ann do Bhliain na Gaeilge , seachtain ná lá sa nGalltacht. Is bréag atá ann mar is é an pobal is ciúine ar chlár na cruinne an “pobal na Gaeilge” sin a bhíonns Cónradh na Gaeilge i gcónaí ag bladráil faoi. Smaoinigh ar comh glórach ina dteanga dúchais is a bhíonn an pobal beag 100,000 de mhuintir bródúil na Pólainne agus iad amuigh ar shráideanna na hÉireann. Tost aisteach ó “pobal Gaeilge”. Is í an Phollainnis an dara teanga sa nGalltacht agus neart siopaí lánPhólainnise ar fud na tíre.

  • pádraig Ó floinn

    Ceist agam ar an nduine sin, Varadker, má tá sé ar an mbóthar céanna is a bhí ag an ngaimbín sin Kenny, – gur Eorpaigh sinn,- Cén fáth ná fuilimid ag tiomáint ar an dtaobh dheis den mbóthar? Freagra! Ní eorpaigh ( e beag ) sinn. Gaeil sinne! Agus ba chóir go mbeadh teanga na nGael in úsáid ins an áit ina bhfuil earraidheachtai na nGael á bplé. Ach, ansin, Aire Gaeltachta, gan Gaoluinn! Ní bhfaighfeá é sin ach in Blackadder!