SPÓRT NA GAELTACHTA IN 2017 (CUID 2): Dul chun cinn déanta ag leithéidí Ghaoth Dobhair agus Oileáin Árann ach obair fós le déanamh

Caitear súil siar anseo ar chúrsaí spóirt i nGaeltacht na Gaillimhe, Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus na Mí in 2017

Seán Andy Ó Ceallaigh ag croitheadh lámh le Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUiginn. Pictiúr: INPHO.ie

Gaillimh

Chuir bua na n-iománaithe i gCraobh Shinsir na hÉireann moill ar go leor comórtas i nGaillimh i mbliana, rud a chiallaíonn gur in 2018 a chuirfear deireadh le craobhacha Faoi-21 2017 an chontae. Tá peileadóirí óga na Ceathrún Rua ar cheann de na foirne atá fós ag feitheamh tar éis dóibh Craobh B an Iarthair a bhuachan ag tús na míosa seo.

Bhí scata mór imreoirí ó Chonamara agus Oileáin Árann ar fhoireann Faoi-21 na Gaillimhe a shroich cluiche ceannais na hÉireann san earrach. Thuill fear Naomh Anna, Leitir Móir, Seán Andy Ó Ceallaigh moladh ar leith agus é áirithe ar dhuine de pheileadóirí na craoibhe. Tá Ó Ceallaigh, Rónán Ó Beoláin (Micheál Breathnach) agus Dessie Conneely (Maigh Cuilinn) tugtha isteach ó shin ag Kevin Walsh ar phainéal na sinsear, mar atá captaen na mionúr, Seán Ó Maoilchiaráin as Árann.

Cuireadh moill ar an gCraobh Shinsir Peile sa chontae chomh maith ach faoin am go raibh sí críochnaithe, bhí cumann Chois Fharraige, Micheál Breathnach, dícháilithe. Briseadh croí a bhí i ndán do na Breathnaigh sa chluiche dícháilithe sin nuair a fuair Cill Chonla cúl in am cúitimh chun fir Chois Fharraige a dhíbirt chuig an ngrád Idirmheánach do 2018.

Bhí Oileáin Árann sa tóir ar an ardú céime ón ngrád sin ach tháinig deireadh conspóideach lena bhfeachtas. Fuair Baile Liam an ceann is fearr orthu le pointe i gcluiche athimeartha sna babhtaí leathcheannais agus cé go ndearna Oileáin Árann gearán gur imir a gcéilí comhraic imreoir gan chead, níor éirigh leo.

Bhí dea-scéal ann d’fhoireann peile na mban Mhaigh Cuilinn a thug leo Craobhacha Idirmheánacha na Gaillimhe agus Chonnacht i mbliana. Faraor, níor éirigh leo cluiche ceannais na hÉireann a bhaint mar go raibh bua aon phointe amháin ag Cionn tSáile Chorcaí orthu sa chluiche leathcheannais.

Taobh amuigh de pháirc na himeartha, bhí an-bhliain ag beirt dornálaithe as Conamara. Thug Antoine Ó Gríofa agus Thomas O’Toole Craobhacha na hÉireann leo ag tús mhí na Nollag i gcomórtais 91+KG agus 75KG faoi seach, tar éis dóibh Craobhacha Chonnacht a bhuachan níos luaithe sa bhliain.

Sa sacar, bhuaigh Cois Fharraige Sciath Chonnacht den chéad uair riamh agus bua 4-1 acu ar East United sa chluiche ceannais a bhí ar siúl i rith an tsamhraidh.

Foireann Faoi-21 Ghaoth Dobhair. Pictiúr: CLG Ghaoth Dobhair/Facebook.com

Dún na nGall

Ag cloí leis an sacar, bhí ábhar ceiliúrtha ag Ceiltigh Ghaoth Dobhair i dTír Chonaill chomh maith, cé nach raibh baint dhíreach aige le cúrsaí ar pháirc na himeartha. Fógraíodh i rith an tsamhraidh go raibh conradh sínithe ag iarimreoir an chumainn, Marc Walsh, le Swansea City i bPríomhroinn Shasana. Níos deireanaí sa bhliain, ba iad an chéad chumann in Éirinn ar bronnadh gradam an FAI Club Mark orthu.

Bhí bliain mhaith ag foireann CLG Ghaoth Dobhair chomh maith. Shroicheadar an cluiche leathcheannais sa Chraobh Shinsir Peile den chéad uair ó 2006 agus cé go bhfuair Naomh Conaill an ceann is fearr orthu sa chluiche sin, bhain Gaoth Dobhair díoltas de shaghas éigin amach nuair a sháraíodar fir na nGleanntach chun Craobh Faoi-21 A Dhún na nGall a bhuachan mí na Samhna. Bhí seachtar den fhoireann sin, Dáire Ó Baoill, Cian Mulligan, Micheál Carroll, Niall Friel, Gavin McBride, Naoise Ó Baoill agus Ciarán Gillespie ar fhoireann Faoi-21 an chontae a bhuaigh Craobh Uladh níos luaithe sa bhliain chomh maith.

Bhí cúigear ón gceantar, Rachel Nic Aoidh, Fiona Nic Rabhartaigh, Carolann Ní Chasaide, Aisling Nic Giolla Easpaig, Róisín Nic Pháidín, roghnaithe ar fhoireann na hÉireann a bhuaigh an Corn Idirnáisiúnta AFL san Astráil mí Lúnasa.

Sa gcraobh Shinsir Peile, ba iad Cill Charthaigh a thug leo Corn an Dochtúra Mhig Uidhir den chéad uair ó 1993 nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Naomh Conaill sa chluiche ceannais. Chuaigh siad chomh fada le cluiche leathcheannais Uladh ach fuair Sleacht Néill Dhoire an ceann is fearr orthu.

Bhí Naomh Náille ag ceiliúradh deireadh seachtaine na Cincíse nuair a thug siad leo an chraobh shóisir ag Comórtas Peile na Gaeltachta. Chuaigh an fhoireann chomh fada le cluiche ceannais na craoibhe sa bhaile ach fuair Baile na nGallóglach an ceann is fearr orthu.

Foireann Thuar Mhic Éadaigh ag Comórtas Peile na Gaeltachta. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Maigh Eo

Chuir CLG Thuar Mhic Éadaigh tús iontach leis an samhradh nuair a reáchtáil siad Comórtas Peile na Gaeltachta den scoth. Bhain siad cluiche ceannais an chomórtais shóisir amach chomh maith. Is in olcas a chuaigh cúrsaí don fhoireann ina dhiaidh áfach agus dícháilíodh iad ón gCraobh Idirmheánach i Maigh Eo i mí Dheireadh Fómhair.

Bhí mí-ádh ar pheileadóirí Faoi-21 Bhéal an Mhuirthead, a chaill cluiche ceannais Chraobh A in aghaidh Chathair na Mart ag tús na míosa.

Foireann shinsir Bhulf Tón a bhuaigh Roinn 1. Pictiúr: Wolfetonesgaa.com

An Mhí

Cé gur chlis ar fhoireann shinsir an chumainn i gcluiche leathcheannais na craoibhe peile, bhí ábhar ceiliúrtha fós ag cumainn Bhaile Ghib, CLG Bhulf Tón. Is iad Gaeil Bhaile Shíomóin a sháraigh Bhulf Tón sa chraobh ach is a mhalairt a bhí fíor i gcluiche ceannais Roinn 1 na sraithe mí na Nollag. Bhí siad ag ceiliúradh arís an tseachtain ina dhiaidh sin agus Craobh Faoi-21 A an chontae tugtha leo acu nuair a d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Ráth Tó i ndiaidh am breise.

Anuraidh, sheachain iománaithe Chlann na nGael an t-ísliú céime go dtí an grád idirmheánach a bhuíochas de phointe sa nóiméad deireanach den chluiche dícháilithe, ach chlis orthu faoi dheireadh i mbliana. Níor éirigh leo aon chluiche sa ghrúpa a bhuachan agus níor éirigh leo ach oiread i gcluiche dícháilithe na bliana seo in aghaidh Mhuileann an Chláir.

Fág freagra ar 'SPÓRT NA GAELTACHTA IN 2017 (CUID 2): Dul chun cinn déanta ag leithéidí Ghaoth Dobhair agus Oileáin Árann ach obair fós le déanamh'