SPÓRT NA GAELTACHTA: Bliain stairiúil ag an Spidéal, gaiscí Naomh Anna agus rath ar fhoirne na cathrach

Caitear súil siar anseo ar chúrsaí spóirt i nGaeltacht Chonnacht, i nGaeltacht na Mí agus sna cathracha in 2018

SPÓRT NA GAELTACHTA: Bliain stairiúil ag an Spidéal, gaiscí Naomh Anna agus rath ar fhoirne na cathrach

Ciarán Ó Laoi, a bhí ina chaptaen ar fhoireann an Spidéil a bhuaigh Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe in 2018. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Gaillimh

Agus teipthe orthu dul níos faide ná babhta ceathrú ceannais na craoibhe le seacht mbliana anuas, ní raibh peileadóirí an Spidéil áirithe mar rogha na coitiantachta ag mórán don ardú céime i gCraobh Idirmheánach na Gaillimhe in 2018.

Ba léir go raibh peileadóirí óga cumasacha ag teacht chun aibíochta sa chumann ach measadh go mbeadh cúpla bliain eile ag teastáil chun go mbeadh ar a gcumas iarracht cheart a thabhairt faoi chraobh an chontae. Bhréagnaigh fir Bhaile an Droichid lucht an amhrais, áfach, agus chuaigh siad ar aistear dochreidte i mbliana.

Ba léir luath go maith sa mbliain go raibh foireann láidir acu nuair a sháraigh siad a gcomharsana béal dorais, Micheál Breathnach, sa gcéad bhabhta den chraobh ach thabharfadh na comharsana sin faoina chéile arís sa mbabhta ceannais.

‘El Cois Fharraigó’ a bhaist Mártan Ó Ciardha ar an gcomhrac sin ar an suíomh seo, comhrac a bhí gach pioc chomh crua agus chomh drámatúil agus a bhí daoine ag súil leis. Rinne an Spidéal an-teacht aniar sa gcéad chluiche ach níor lig na Breathnaigh leo agus b’éigean an cluiche a athimirt.

Coimhlint ghéar a bhí arís ann san athimirt. Bhí an Spidéal fear gann sa dara leath ar fad ach d’aimsigh siad cúilín agus an t-am caite, rud a d’fhág gurbh éigean am breise a imirt. Faoi dheireadh, chuir fir an Spidéil na Breathnaigh de dhroim seoil agus tar éis ‘El Cois Fharraigó’ den scoth.

Coicís ina dhiaidh sin bhí ag imirt i gCraobh Chonnacht agus b’éigean am breise a imirt arís chun foireann láidir Bhéal an Mhuirthead a shárú. Chuir na Gaillimhigh a n-ainm sa Táin nuair a thug siad leo an cluiche ceannais in aghaidh Fhíorta Ros Comáin i mí na Samhna.

Beifear ag súil le tuilleadh gaiscí uathu in 2019 nuair a fhillfidh fir Bhaile an Droichid ar an gcraobh shinsir i nGaillimh den chéad uair ó bhliain na mílaoise. Craobh na hÉireann an aisling anois ar dtús, áfach, agus iad ag dul chun páirce i gcoinne sheaimpíní Uladh, Naomh Éanna Aontroma, sa mbabhta leathcheannais mí Eanáir.

Agus na gaiscí sin go léir déanta ag a gcomharsana, beidh peileadóirí Mhicheál Breathnach ag cuimhneamh ar a bhféadfadh a bheith acu féin dá n-éireodh leo cluiche ceannais na Gaillimhe a bheith buaite acu. Bhí bliain chrua acu in 2017 nuair a díbríodh as an gcraobh shinsir iad ach tháinig siad chucu féin in 2018 agus beidh díocas ceart orthu an bhliain seo chugainn agus iad ag iarraidh filleadh ar an bpríomhghrád arís.

Fuair Micheál Breathnach an ceann is fearr ar Oileáin Árann sa mbabhta leathcheannais, an dara bliain as a chéile ar chlis ar na hOileánaigh ag an gcéim sin, agus beidh siad ag iarraidh dul céim níos faide an bhliain seo chugainn.

Ba iad Carna-Caiseal an fhoireann eile as an nGaeltacht a bhí sa ngrád idirmheánach. Thit siad ón ngrád sinsir anuraidh agus is beag nár cuireadh síos go grád na sóisear iad i mbliana ach chríochnaigh siad an séasúr go láidir agus sheachain siad an t-ísliú céime sin. Beidh súil acu anois dul chun cinn a dhéanamh in 2019.

Sa ngrád sinsir, ba iad Maigh Cuilinn an t-aon chumann Gaeltachta nach raibh i mbaol ísliú céime in 2018 agus d’éirigh leo dul chomh fada le cluiche ceathrú ceannais na craoibhe. Bhí rudaí níos crua do Naomh Anna, don Cheathrú Rua agus do Bhearna ach tháinig siad ar fad slán ar deireadh.

D’éirigh níos fearr le peileadóirí na Ceathrún Rua i gComórtas Peile na Gaeltachta i mbliana. Thug siad leo comórtas na Gaillimhe tar éis dóibh an Spidéal a chloí sa gcluiche ceannais agus bhí siad ar fheabhas ag an gcomórtas náisiúnta sna Dúnaibh.

Bhuaigh siad ar churaidh 2017, An Ghaeltacht, sa gcéad bhabhta sular bhuaigh siad ar sheaimpíní 2015 agus 2016, Naomh Conaill, sa gcluiche leathcheannais. Mar sin féin bhí fir na Mí, Bhulf Tón, róláidir dóibh sa gcluiche ceannais.

Bhí an-bhliain ag mná Naomh Anna chomh maith agus Craobh Shóisir A na Gaillimhe crochta leo acu. Bhuaigh siad ar Chill Fhir Iarainn sa gcluiche ceannais ach ní raibh aon ní cóir i ndán dóibh i gcluiche ceannais Chonnacht nuair a chailleadar le haon chúilín amháin i gcoinne Thuar Loistreáin Shligigh.

Thug buachaillí Leitir Móir craobhacha mionúir ‘B’ agus Faoi 20 ‘B’ an iarthair leo in 2018 chomh maith ach níor éirigh le ceachtar foireann craobh an chontae a thabhairt leo siar go Ceantar na nOileán.

Rinne Gaeil na Gaillimhe cúpla éacht in 2018 chomh maith. Bhuaigh foireann na bhfear a gcéad chluiche craoibhe mí Lúnasa nuair a bhuadar ar an bhFairche i gCraobh Shóisir C an Iarthair. Ba iad na mná a bhí ag ceiliúradh cúpla mí ina dhiaidh sin nuair a bhuaigh siad a gcéad chluiche riamh ar Ghráinne Mhaol sa tsraith.

Jonathan Donoghue (Béal an Mhuirthead) ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2018. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Maigh Eo

Beidh Béal an Mhuirthead ar ais i gCraobh Shinsir Mhaigh Eo den chéad uair le os cionn 20 bliain an bhliain seo chugainn tar éis dóibh craobh idirmheánach an chontae a thabhairt leo in 2018. Bhí fir Iorrais ag dul i bhfeabhas le roinnt blianta anuas ach is i mbliana a bhain siad an t-ardú céime amach.

Fuair siad an ceann is fearr ar Bhuiríos Umhaill sa gcluiche ceannais mí Dheireadh Fómhair, 2-10 in aghaidh 0-9, agus cé go bhfuair seaimpíní na Gaillimhe, an Spidéal, an ceann is fearr orthu i gCraobh Chonnacht, ba é an t-ardú céime an sprioc is mó a bhí acu don bhliain.

Díomá a bhí i ndán d’fhoireann Gaeltachta eile i Maigh Eo nuair a chaill Acaill cluiche ceannais chraobh shóisir Mhaigh Eo. Bua cúig chúilín a bhí ag Balla orthu, 1-12 in aghaidh 1-7, sa gcluiche ceannais a imríodh mí Mheán Fómhair.

Imreoirí Bhulf Tón ag ceiliúradh a mbua i gComórtas Peile na Gaeltachta 2018. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

An Mhí

Thug cumann Bhaile Ghib, Bhulf Tón, Comórtas Peile na Gaeltachta leo den chéad uair riamh tar éis dóibh an chraobh shinsir a bhuachan sna Dúnaibh deireadh seachtaine na Cincíse.

Bhí fir na Mí ar fheabhas ar feadh an deireadh seachtaine agus fuair siad an ceann is fearr ar Bhéal an Mhuirthead agus Naomh Columba chun áit sa chluiche ceannais a bhaint amach. Ba iad fir Chonamara, an Cheathrú Rua, a bhí rompu sa gcluiche ceannais ach bhí Bhulf Tón róláidir dóibh agus an bua tuillte go maith ag fir na Mí.

Ní raibh an t-ádh céanna orthu sa gcraobh agus níor éirigh leo dul níos faide ná an réamhbhabhta ceathrú ceannais i gCraobh Shinsir na Mí.

Idir mhaith agus olc a bhí ag Clann na nGael le bliain anuas. Bhí cúis cheiliúrtha acu ag tús mhí na Nollag nuair a thug foireann Faoi-20 an chumainn craobh iomána ‘B’ an chontae leo i gcoinne chumann Uí Mhathúna.

Chlis ar dhá fhoireann eile ón gcumann Gaeltachta i mbabhtaí leathcheannais – na hiománaithe idirmheánacha agus na peileadóirí Faoi-20. Níor éirigh leis an bhfoireann shóisir teacht slán óna ngrúpa sa gcraobh ach oiread.

Ciarán Mac Fhearghusa ag imirt do na Gaeil Óga ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2018. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Baile Átha Cliath

Bhí sárfheachtas sraithe ag  foireann peile Na Gaeil Óga i mBaile Átha Cliath arís i mbliana agus tá ardú céime eile faighte acu. Bhain peileadóirí an chumainn ardú céime amach sa tsraith den tríú bliain as a chéile agus den séú huair le seacht mbliana anuas. Ní hamháin gur chríochnaigh na Gaeil Óga ar bharr an tábla i Roinn 6 ach bhuaigh siad gach ceann den 15 cluiche sraithe a d’imir siad in 2018.

Bhí foireann chamógaíochta an chumainn ag ceiliúradh i mbliana chomh maith agus Roinn 8 na sraithe buaite acu. Bhuaigh na mná gach cluiche a d’imir siad chomh maith chun ardú céime a bhaint amach den chéad uair.

Imreoir Laochra Loch Lao, Seán Ó hAinbheith, ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2018. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Aontroim

Ba í 2018 an chéad bhliain do Laochra Loch Lao páirt a ghlacadh i gcomórtais CLG Aontroma agus cé go raibh bliain dhúshlánach acu, bhí ábhar misnigh acu chomh maith. Bhuaigh an cumann a gcéad chluiche sraithe riamh nuair a bhuaigh na mná ar Ghaeil Chollainn i Roinn 3 na sraithe mí Aibreáin. Ceithre chluiche sraithe a bhuaigh na mná agus bhuaigh foireann na bhfear a gcéad chluiche craoibhe riamh i mí Bealtaine, bua stairiúil ann féin.

Fág freagra ar 'SPÓRT NA GAELTACHTA: Bliain stairiúil ag an Spidéal, gaiscí Naomh Anna agus rath ar fhoirne na cathrach'