Spéir Spóirt na hÉireann déanta ag TG4 de fhéin agus spórt fola ar RnaG

Táimid in ann craos a dhéanamh orainn féin le spórt i láthair na huaire

Ard an Rátha (glas) in aghaidh Naomh Conaill
Ard an Rátha (glas) in aghaidh Naomh Conaill

Is geall le cainéal spóirt é TG4 na laethanta seo: Comórtas Peile na Gaeltachta ar an Satharn agus an Domhnach; cluiche ceannais an Pro 12 ar an Satharn (mar a bhfacthas geansaí na Mumhan ar Paul O’Connell den uair dheireanach); craoladh beo ar Áth Cliath v Cill Chainnigh sa chraobhchomórtas iomána faoi 21 aréir, agus inné chomh maith bhí craoladh beo ar Éire v an Airgintín i gcraobhchomórtas rugbaí an domhain faoi 20 as Stadio Sergio in Parma. Deirimse Spéir Spóirt na hÉireann leat.  

Thit an tóin as an spéir in Ard an Rátha inné mar a rabhthas le cluichí ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta a imirt. Bhí obair na gcapall déanta ag TG4 agus RnaG ag tuairisciú na hócáide ach fágadh san fhaopach inné iad nuair ab éigean na cluichí a chur ar ceal de bharr na drochaimsire. Léirigh an radharc ina raibh oifigeach éigin ag iarraidh an chaid a chur fan na talún, agus nach raibh aon oidhre uirthi ach céachta i gConamara, nach raibh an dara rogha acu.

Bhí an buille buailte agus an gaiste tabhartha agus b’éigean dul i muinín an athchraolta leis an mbearna mhór sa sceideal a líonadh.

Timpeall an ama chéanna bhí cluiche ceannais an FA Cup ar siúl (TV3 agus BBC, Dé Sathairn), mar ar buaileadh lúdó ar Aston Villa agus Shay Given le ceithre bháid á scóráil ar fhear Dhún na nGall. Tráth dá raibh, ba é an FA Cup buaichphointe na bliana sacair ach tá sé in áit na leathphingne anois. Is tábhachtaí d’fhoireann mar Arsenal nó Man Utd cáiliú do Shraith na Seaimpíní ná an cupán ársa seo a thabhairt leo. Ach más ea, ní dúirt éinne leis an BBC é agus iad ag craoladh ábhair faoin gcluiche ó éirí na gréine.

Ina theannta sin ar fad, tá craobhchomórtas na caide faoi lánseol (RTÉ 2, Dé Domhnaigh). Ní haon ionadh go raibh an goile lán.

Tuigeann madraí an bhaile canathaobh go bhfuil an oiread sin dúile ag TG4 i gcláracha spóirt. Is féidir leo daoine ar bheagán Gaeilge, nó daoine gan aon Ghaeilge, a mhealladh agus is iad a bhíonn ar thosach cadhnaíochta i scóranna féachana an stáisiúin. Níl aon dabht ná go bhfuil gaisce déanta maidir leis an tSraith Náisiúnta agus Craobhchomórtais na gClub ach an féidir dul thar fóir?

An bhfuiltear ag cloí leis an tsluaghairm agus an bharrshamhail ‘Súil Eile’ nuair atáthar ag craoladh an fuílleach spóirt nach bhfuil cainéil níos gustalaí sásta a chraoladh?

Ós ag caint ar chúrsaí spóirt mé, bhí spórt fola ar Cormac ag a Cúig tráthnóna Dé hAoine le Máire Treasa Ní Cheallaigh sa chathaoir do Chormac a bhí le cloisint ar Drivetime ag an am céanna. Bhí Dinny McGinley agus Donncha Ó hEallaithe ag caitheamh sleaiseanna ar a chéile. Dúirt Donncha faoi dhó (ar a laghad) gurb é Dinny an tAire Gaeltachta ba mheasa a bhí riamh ann agus chaith Dinny carúl le Ó hÉallaithe (ar ó Thiobraid Árann ó dhúchas dó), á rá go raibh muintir na Gaeltachta tuirseach do dhaoine a bheith ag teacht isteach ón dtaobh amuigh ag insint dóibh cad ba cheart dóibh a dhéanamh. Anois, sin coimhlint agus gearradh craoibhe duit. 

Fág freagra ar 'Spéir Spóirt na hÉireann déanta ag TG4 de fhéin agus spórt fola ar RnaG'