Sos taraifí 90 lá fógartha ag Donald Trump, taraif ar an tSín ardaithe

Dúirt Rúnaí Státchiste Stáit Aontaithe Mheiriceá tráthnóna go raibh gach rud ag dul de réir an phlean a bhí ag Donald Trump ón tús

Sos taraifí 90 lá fógartha ag Donald Trump, taraif ar an tSín ardaithe

Tá sos 90 lá fógartha ag Donald Trump maidir leis na taraifí arda a bhí beartaithe aige a ghearradh ar go leor tíortha, ach tá na taraifí ar an tSín ardaithe go dtí 125% aige.

Dúirt Rúnaí Státchiste Stáit Aontaithe Mheiriceá Scott Bessent tráthnóna go raibh gach rud ag dul de réir an phlean a bhí ag Trump ón tús agus gurb é an “straitéis” a bhí aige i gcónaí ná sos 90 lá a thabhairt isteach d’fhormhór na dtíortha ach buille níos láidre a bhualadh ar an tSín.

“Ba í seo an straitéis a bhí aige i rith an ama agus tá sé chomh maith agat a rá gur shaighid sé an tSín nó go raibh siad i ndrochshlí,” arsa Bessent.

Dúirt an Rúnaí Trádála Howard Lutnick go raibh “an domhan réidh le dul ag obair i gcomhar leis an Uachtarán Trump chun an trádáil dhomhanda a chur ina ceart”.

Tá teacht aniar déanta ag na stocmhargaí, ó tharraing Trump siar óna chogadh trádála.

Bhí sé ina imní mhór go gcuirfeadh taraifí Trump agus a chogadh trádála tús le cúlú eacnamaíochta ar fud an domhain.

Cuirfidh Stáit Aontaithe Mheiriceá tús anois le hidirbheartaíocht leis na scórtha tíortha ar fud an domhain.

D’fhógair Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá taraifí cómhalartacha ar thíortha ar fud an domhain an mhí seo caite. 10% an bhuntaraif a bhí i gceist ach d’fhógair sé taraifí níos airde ná sin ar go leor tíortha ag brath ar cé chomh mór, dar leis, is a bhí siad ag baint leas as Meiriceá ó thaobh na trádála de.

D’fhógair Trump tráthnóna go gcuirfí stop ar na taraifí is airde ar feadh 90 lá agus gur 10% an taraif a ghearrfar ar fhormhór na dtíortha le linn na tréimhse sin.

125% a bheadh i gceist i gcás na Síne, áfach, mar gheall ar “an easpa measa”, a deir sé, a léirigh an tSín “ar mhargaí an domhain”. Mar fhreagra ar tharaif 104% a d’fhógair Trump roimhe seo, d’fhógair an tSín níos luaithe inniu taraif díoltais 84% ar earraí a iompórtáiltear as Meiriceá.

Dúirt preasrúnaí an Tí Bháin tráthnóna gur ardaigh Trump taraif níos airde fós ar an tSín “mar nuair a tharraingíonn tú dorn ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, buailfidh an tUachtarán Trump buille níos láidre ar ais ort”.

Agus a tharaifí á bhfógairt aige an mhí seo caite, mhaígh Trump go gcuirfeadh na taraifí cómhalartacha tús le “ré ógra Mheiriceá” agus go bhfillfeadh “poist agus monarchana” ar ais go tréan go dtí an tír.

Dúirt Trump go ndéanfadh a pholasaí nua taraifí “na trilliúin agus na trilliúin dollar” do Stáit Aontaithe Mheiriceá agus gur laghdú ar chánacha agus ar an bhfiachas náisiúnta an toradh a bheadh air.

Fág freagra ar 'Sos taraifí 90 lá fógartha ag Donald Trump, taraif ar an tSín ardaithe'