Sos cogaidh in Mariupol le deis a thabhairt do shibhialtaigh monarcha cruach faoi léigear a fhágáil

Deir Rúnaí Stáit Stáit Aontaithe Mheiriceá go bhfuil ag teip ar an Rúis agus go bhfuil ag éirí leis an Úcráin sa chogadh

Sos cogaidh in Mariupol le deis a thabhairt do shibhialtaigh monarcha cruach faoi léigear a fhágáil

Tá sos cogaidh fógartha ag an Rúis in Mariupol chun deis a thabhairt do shibhialtaigh atá teanntaithe i monarcha cruach Azovstal sa chathair an áit a fhágáil.

Dúirt roinn cosanta na Rúise go dtosódh an sos cogaidh daonnúil ó 14.00, am Mhoscó, nó 11.00 GMT.

Tá sibhialtaigh agus saighdiúirí teanntaithe i monarcha cruach Azovstal, an daingean deireanach ag an Úcráin sa chathair chalafoirt faoi léigear i ndeisceart na tíre.

Deir údaráis na hÚcráine go bhfuil thart ar 1,000 sibhialtach ar foscadh sa mhonarcha.

Dúirt an Rúis an tseachtain seo caite go bhféadfadh na saighdiúirí atá ag seasamh an fhóid sa mhonarcha an áit a fhágáil dá ngéillfidís.

Dúradh an uair sin go gcuirfí tús le sos cogaidh a luaithe is a d’ardódh na saighdiúirí atá sa mhonarcha bratacha bána.

Bheadh Mariupol ar an gcathair is mó atá gafa ag an Rúis ó cuireadh tús leis an ionradh mí Feabhra.

Tá an Rúis ag súil bealach ar tír a fháil idir an Chrimé agus an t-oirthear ach an chonstaic is mó atá rompu san obair sin ná an chosaint dhiongbháilte atá déanta ag an Úcráin ar Mariupol.

Idir an dá linn, dúirt Rúnaí Stáit Stáit Aontaithe Mheiriceá go raibh ag teip ar an Rúis agus go raibh ag éirí leis an Úcráin sa chogadh.

I ndiaidh dó cuairt rúnda a thabhairt ar Kyiv, dúirt Antony Blinken nach raibh ag éirí leis an Rúis aon cheann dá haidhmeanna míleata a bhaint amach sa chogadh. Dúirt sé go raibh an Rúis ag caitheamh go brúidiúil le muintir na hÚcráine ach go raibh fórsaí na hÚcráine ag seasamh an fhóid go diongbháilte.

“Seo é bun agus barr an scéil, níl a fhios againn cad a tharlóidh sa chuid eile den chogadh ach tá a fhios againn an méid seo, beidh Úcráin cheannasach neamhspleách ann i bhfad níos faide ná mar a bheidh Vladimir Putin timpeall. Agus leanfaimid orainn ag tacú leis an Úcráin agus leanfaidh an tacaíocht sinn go dtí go mbeidh an bua acu,” arsa Antony Blinken, Rúnaí Stáit Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Thug  Blinken agus Rúnaí Cosanta Stáit Aontaithe Mheiriceá, Lloyd Austin, cuairt ar Kyiv inné.

Dúirt Austin chomh maith go raibh teipthe ar fheachtas míleata na Rúise agus go leor dá dtrúpaí caillte acu. Dúirt sé go raibh lucht an Pentagon ag obair lena chinntiú nach n-éireodh leis an Rúis an méid a rinne siad san Úcráin a dhéanamh arís.

Idir an dá linn buaileadh cúig stáisiúin traenach i lár agus in iarthar na hÚcráine maidin inniu. Buaileadh stáisiúin in Krasne, gar do Lviv san iarthar, agus in Zhmerynka agus Kozyatyn i lár na tíre.

Ní fios go fóill cén líon daoine a maraíodh nó a gortaíodh sna hionsaithe. Maraíodh ar a laghad 50 duine an mhí seo caite in ionsaí diúracáin ar chathair Kramatorsk in oirthear na hÚcráine.

 

Fág freagra ar 'Sos cogaidh in Mariupol le deis a thabhairt do shibhialtaigh monarcha cruach faoi léigear a fhágáil'