‘Sonraí pléite ach faic aontaithe,’ a deir Varadkar i ndiaidh bualadh le Johnson

Dúirt Boris Johnson i ndiaidh an chruinnithe leis an Taoiseach go raibh ‘dóchas áirithe’ aige go dtiocfaí ar mhargadh Breatimeachta eile

‘Sonraí pléite ach faic aontaithe,’ a deir Varadkar i ndiaidh bualadh le Johnson

Tá ráite ag Leo Varadkar go raibh níos mó plé faoi “shonraí” ag a chruinniú tráthnóna le Boris Johnson, ach go raibh “bearna mhór” i gcónaí idir an tAE agus an Ríocht Aontaithe maidir leis an mBreatimeacht. 

Dúirt an Taoiseach i ndiaidh an chruinnithe i Nua-Eabhrac “nár aontaíodh aon rud ar chor ar bith”. 

Tháinig cruinniú na beirte sna sála ar bhreith na Cúirte Uachtaraí i Sasana ar maidin go raibh cinneadh Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson parlaimint Westminster a chur ar fionraí go dtí an 14 Deireadh Fómhair mídhleathach.

Dúirt Johnson i ndiaidh an chruinnithe leis an Taoiseach go raibh “dóchas áirithe” aige go dtiocfaí ar mhargadh Breatimeachta eile.

“Tá dóchas áirithe againn i gcónaí, ach táimid faichilleach,” arsa Johnson.

Dúirt Leo Varadkar go gcaithfí barántais áirithe a thabhairt chun go ndéanfaí margadh. 

“Ba mhaith linn go mór go mbeadh margadh ann, go n-éireodh leis an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil faoi dhea-eagar. Is chun leas na hÉireann é sin agus is chun leas na Breataine é chomh maith. 

“Ach tá gealltanais áirithe ann a bhfuilimid ag súil go gcomhlíonfar iad – nach mbeidh teorainn chrua idir Tuaisceart agus Deisceart, go leanfar leis an gcomhoibriú thuaidh/theas mar atá leagtha amach i gComhaontú Aoine an Chéasta – gealltanais a thug Rialtas na Breataine dúinn mí na Nollag 2017,” arsa an Taoiseach.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt Boris Johnson gur “cinnte” go seasfaí leis na gealltanais a luaigh an Taoiseach.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn níos túisce tráthnóna gur chóir do Johnson éirí as mar phríomh-aire i bhfianaise chinneadh na cúirte uachtaraí.

Dúirt Corbyn nach n-éireodh “go deo” le Boris Johnson  an daonlathas “a chur ó mhaith” ná “guth na ndaoine a chur ina thost”. 

Dúírt Johnson féin go gcloífí le cinneadh na cúirte cé gur easaontaigh sé go láidir leis. 

Dúirt leascheannaire an DUP Nigel Dodds gur fhág an cinneadh cúirte gur lú an chumhacht a bhí ag Johnson agus é i mbun idirbheartaíochta d’fhonn margadh a fháil roimh an 31 Deireadh Fómhair. 

Mhol Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá do Boris Johnson gan aon aird a thabhairt ar chinneadh na cúirte uachtaraí agus cloí ar an gcúrsa a bhí socraithe aige.

Ag tagairt don bhreithiúnas cúirte go raibh cinneadh Johnson neamhdhleathach, dúirt Trump gur chóir féachaint air “mar ghnáthlá eile san oifig”.

Fág freagra ar '‘Sonraí pléite ach faic aontaithe,’ a deir Varadkar i ndiaidh bualadh le Johnson'