Solas caite i ‘Dark Waters’ ar throid Thaidhg an mhargaidh in aghaidh na mboc mór

Cuirfidh an chamastaíl a léirítear i scannán nua Todd Haynes alltacht ort agus cuirfidh na himpleachtaí sláinte a bhaineann léi eagla ort

Solas caite i ‘Dark Waters’ ar throid Thaidhg an mhargaidh in aghaidh na mboc mór

Dark Waters

Stiúrthóir: Todd Haynes

Cliar: Mark Ruffalo, Anne Hathaway, Tim Robbins, Bill Pullman, Bill Camp, Victor Garber

Is dá ainneoin féin a bhí, agus atá, Rob Bilott (Mark Ruffalo) ar thosach cadhnaíochta sa bhfeachtas dlí i gcoinne na cúblála a dhein an comhlacht ceimice DuPont thar bhlianta fada, cúbláil a d’fhág lorg trom ar shláinte mórán daoine.

Lá de na laethanta i 1998 ghabh Wilbur Tennant (Bill Camp), feirmeoir ó Parkesburg, West Virginia, isteach sa chomhlacht dlí in Cincinnati mar a raibh Bilott ag obair. Bhí Wilbur ag cur de faoin truailliú a dúirt sé a bhí á dhéanamh ag DuPont ar a fheirm is a chuid beithíoch. Ní nach ionadh baineadh siar as Bilott agus thug sé an chluas bhodhar dó go béasach.

Ní bheadh aon nath curtha aige sa scéal ach amháin gurbh ón dúthaigh chéanna a sheanmháthair agus chaith sé go leor ama ann ina óige. Fuair an fhiosracht agus an nasc pearsanta leis an gceantar an ceann is fearr air agus thosaigh sé ag tochailt. Cuireadh tús le haighneas, scannail agus cásanna cúirte a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann.

Déantar iarracht fhónta sa saothar seo, atá bunaithe ar alt de chuid Nathaniel Rich don New York Times, léargas a thabhairt ar an aistear fadálach achrannach sin. Gan amhras tá sé deacair comparáidí le leithéidí Erin Brokovich (2000) agus A Civil Action (1998) a sheachaint. Tá an saothar seo i bhfad Éireann níos sollúnta ná na cinn sin, áfach, agus is amhlaidh go suaithfidh an saothar tú seachas tú a shásamh. Cuirfidh an chamastaíl alltacht ort agus cuirfidh na himpleachtaí sláinte eagla ort.

Cás an leoin agus na luiche atá anseo againn agus cuirtear abhaile orainn go minic i gcaitheamh an scannáin gur fál go haer ag Tadhg an mhargaidh é iarracht a dhéanamh fathach corparáide a chloí. 

Comhlacht mór gustalach ba ea/is ea DuPont agus cumhacht pholaitiúil aige dá réir. Tá stádas faoi leith aige sa phobal in Parkesburg mar gheall ar an bhfostaíocht a chruthaíonn sé. Go deimhin tá mórán, in ainneoin na heasláinte, an-dílis don chomhlacht.  Dá bharr sin agus uile léirítear arís agus arís eile gur féidir leis an rachmas agus an neart na hiarrachtaí teacht ar chothrom na Féinne a mhúchadh is a phlúchadh.

Ní haon ionadh mar sin go raibh caint na gcarachtar ceartaiseach go maith go minic.

Treabhann Bilott leis agus an bhreis ina aghaidh. Déantar sinn a bhá san eolaíocht agus i sonraí dlí. Ag tarrac i dtreo an deiridh déanann radharcanna beaga gearra sinn a thabhairt ar aghaidh bliain ar bhliain, rud a fhágann blas eipeasóideach ar chúrsaí.

Tá cliar bhreá bailithe le chéile agus tugann siad ar fad taispeántais bháúla, inchreidte uathu. Déanann Ruffalo an-léiriú ar an gceann feadhna, duine beagfhoclach diongbháilte agus idéalach.

Fágann an comhrac a rian ar a shláinte agus ar a shaol pearsanta agus léiríonn an chríoch nach bhfuil a bhuille tugtha ná an cogadh thart go fóill.

Fág freagra ar 'Solas caite i ‘Dark Waters’ ar throid Thaidhg an mhargaidh in aghaidh na mboc mór'