Soiscéal Dé aon rud a deir an múinteoir, bréagnuacht aon rud a deir Mamaí

Tharraing ár gcolúnaí go leor trioblóide uirthi féin an tseachtain seo nuair a fiafraíodh di cé a roghnaíonn dath na súl

Soiscéal Dé aon rud a deir an múinteoir, bréagnuacht aon rud a deir Mamaí

‘Mamaí, cén fáth gur phioc tusa agus Daidí dath difriúil súile domsa le hais gach duine eile sa teach?’ a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag díom agus í ag dul a chodladh an oíche cheana.

Ar ndóigh, tá tuairim agam cén dath súile atá aici, ach uair ar bith a ndéanaim tagairt dhó ceartaíonn sí mé agus ní bhím in ann cuimhneamh riamh cé acu dath a bhí ceart sa deireadh thiar.

Ní bhíonn a fhios agam an súile glasa atá aici nó glasa gorma, nó gorma glasa. ‘Súile glasa atá agatsa, nach ea?’ a d’fhiafraigh mé di. ‘Ní hea, Mamaí,’ a deir sí agus an oifigiúlacht ina glór, ‘gorm glas atá siad.’

‘Ó sea,’ a dúirt mé, ‘cuimhním anois air. Chonaic muid an dath ‘gorm glas’ sa gcatalóg nuair a bhí muid do d’ordú ón idirlíon agus cheap muid go mbeadh siad go hálainn,’ a dúirt mé agus bhreathnaigh mé uirthi ag súil go dtosódh sí ag gáire.

Leath an dá shúil inti agus bhí cuma na himní ar a héadan. Bhí mé imithe rófhada, ba léir.

Bhí mé ar tí a rá nach raibh mé ach ag ealaín nuair a chuir an Bheainín focal isteach sa gcomhrá. ‘Ná bac léi!’ a dúirt sí le húdarás. Chas sí ormsa ansin. ‘Níl aon chatalóg ann Mamaí, tá tú ag insint bréaga!’

Thit ciúnas sa seomra. Bhí rud an-tromchúiseach curtha i mo leith. Ní sheasfainn é. Chaithfinn iarracht éigin a dhéanamh mo chlú is mo cháil a chosaint. ‘Bhuel, tá an focal ‘bréag’ an-láidir,’ a dúirt mé ag smutráil go stadach.

‘Tá sé fíor!’ a d’fhógair an Cailín Mór Beag.

Is beag a cheap mé gur ón gcúinne sin a thiocfadh mo shlánaitheoir. Bhreathnaigh muid beirt anonn ar m’ailibí. Ní raibh tuairim na ngrást agam céard a spreag an taispeántas dílseachta seo.

‘Dúirt an múinteoir linn go bpiocann do Mhamaí agus do Dhaidí an dath atá ar do shúile.’

Bhain an ráiteas seo an chaint den Bheainín. Bhí sí i bponc. Ba léir go raibh tuairim mhaith aici nár phioc muid amach dath a gcuid súl, ach, ar an lámh eile, má dúirt an múinteoir é, chaithfeadh go raibh sé fíor.

Is geall le soiscéal Dé aon rud a insíonn an múinteoir di, agus is geall le bréagnuacht nó scéalta tablóideacha aon rud a déarfadh mise léi. Caithfidh mé a admháil go bhfuil cuid den locht orm féin ó dúirt mé léi gur cheannaigh muid iad ón gcatalóg.

‘Ní cheapaim gurb é sin go baileach a bhí i gceist ag an múinteoir,’ a d’fhreagair mé. ‘Tá baint ag do mhuintir le dath do shúl, ach ní hé go bpiocann siad é.’

‘Cé a phiocann mar sin é?’ a d’fhiafraigh sí.

‘Ní phiocann aon duine é,’ a dúirt mé. ‘Ar chuala tú aon chaint fós ar DNA?’ a d’fhiafraigh mé di.

Gearradh trasna uirthi sula raibh deis aici freagra a thabhairt ar an gceist.

‘Chuala! Tá’s agamsa chuile shórt faoi DNA,’ a d’fhógair an Bheainín, géineolaí beag an tí. ‘Braitheann sé cén dath a bhí ar na jíons a bhí do mhamaí a chaitheamh an lá a rugadh thú.’

Fág freagra ar 'Soiscéal Dé aon rud a deir an múinteoir, bréagnuacht aon rud a deir Mamaí'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An-mhaith! Nach maith nach raibh Mamaí ag caitheamh jíons breacaithe an lá úd… :-)

  • Eoin Ó Murchú

    Tuigim an scéal. Bhí me ag caint le mo ghariníon lá, agus cheartaigh sí mo chuid Ghaeilge. “Deir an múinteoir mar seo é,” dúirt sí go húdarásach is go postúil.
    Mar a tharlaonn is agamsa a bhí an ceart ach ba chuma sin. Is ag an múinteoir a bhi an focal deiridh.