Socrú déanta ag Ó Clochartaigh le grúpa seanadóirí ó Pháirtí an Lucht Oibre ar mhaithe le cearta cainte

Tháinig an grúpa teicniúil nua le chéile chun a chinntiú go mbeadh cearta cainte acu le linn díospóireachtaí an tSeanaid

Socrú déanta ag Ó Clochartaigh le grúpa seanadóirí ó Pháirtí an Lucht Oibre ar mhaithe le cearta cainte

Trevor O Clochartaigh. Pictiúr: RollingNews.ie

Tá an Seanadóir Gaeltachta Trevor Ó Clochartaigh anois ina chuid de ghrúpa nua sa Seanad le ceathrar seanadóirí de chuid Pháirtí an Lucht Oibre.

Tháinig an grúpa teicniúil nua le chéile chun a chinntiú go mbeadh cearta cainte acu le linn díospóireachtaí an tSeanaid agus chun go mbeadh cead acu billí comhaltaí príobháideacha a chur chun cinn.

Bíonn na cearta cainte agus eile a bhíonn ag Seanadóirí bunaithe ar líon na ndaoine sna páirtithe nó na grúpaí lena mbaineann siad.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh, a d’éirigh as Sinn Féin le déanaí, nach raibh aon “cheangal polaitiúil” aige leis na baill eile sa ghrúpa nua agus gur socrú a bhí ann lena chinntiú go bhféadfadh siad a gcúram a dhéanamh go héifeachtach sa Seanad.

Is iad an ceathrar eile atá sa ghrúpa teicniúil ná Aodhán Ó Ríordáin, Ivana Bacik, Kevin Humphreys agus Ged Nash.

Chaill an ceathrar sin na cearta cainte a bhíodh acu nuair a d’éirigh Denis Landy as an Seanad de bharr easláinte. D’fhág imeacht Landy nach raibh an cúigear ball atá riachtanach chun chearta cainte ag Páirtí an Lucht Oibre  a thuilleadh sa Seanad.

Is iarbhall den pháirtí sin an Seanadóir Ó Clochartaigh ach deir sé nach bhfuil aon bhaint ag cúrsaí polaitíochta leis an socrú nua agus gur roghnaigh sé dul sa ghrúpa teicniúil nua seachas le grúpa neamhspleách mar gheall gurb é sin a rinne “ciall ó thaobh uimhríochta”.

Fágann an socrú nua chomh maith go mbeidh níos mó cearta ag baill na comhghuaillíochta nua ar bhallraíocht ar choistí Oireachtais.

Tá an Seanadóir Ó Clochartaigh, ina bhall de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ach meastar go gceapfaidh Sinn Féin ionadaí eile ina áit i bhfianaise a chinnidh éirí as an bpáirtí.

Tá ceist curtha ag Tuairisc.ie ar Shinn Féin faoi bhallraíocht Uí Chlochartaigh ar an gcoiste Gaeilge agus Gaeltachta agus faoina mianta maidir le hionadaí a cheapadh ina áit, ach níl aon fhreagra faighte againn ar an gceist sin.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh go leanfaidh sé air ag freastal ar chruinnithe an choiste má thagann deireadh lena bhallraíocht agus go leanfaidh sé air ag “obair ar son an phobail agus ag cur ceisteanna tábhachtacha ar son an phobail”.

D’éirigh Trevor Ó Clochartaigh as Sinn Féin ag deireadh na míosa seo caite. Dúirt sé gur chinn sé éirí as mar nach raibh aon iarracht déanta déileáil le “fadhbanna tromchúiseacha” agus “iompar nimhneach” i measc bhaill áirithe den pháirtí i ndáilcheantar Ghaillimh Thiar-Maigh Eo Theas. Dúirt sé chomh maith go raibh coinbhinsiún toghcháin a bhí ‘réamhshocraithe’ beartaithe ag an bpáirtí.

I ráiteas a chuir an páirtí amach, dúradh go raibh sé soiléir go raibh “imní” ar Ó Clochartaigh nach roghnódh baill an pháirtí go daonlathach é ag an gcoinbhinsiún.

Dúirt an Seanadóir le Tuairisc.ie aréir nach raibh aon chinneadh déanta aige an seasfadh sé arís don Dáil.

Fág freagra ar 'Socrú déanta ag Ó Clochartaigh le grúpa seanadóirí ó Pháirtí an Lucht Oibre ar mhaithe le cearta cainte'