Socrú cánach €175,000 déanta ag siopa Gaeltachta leis na Coimisinéirí Ioncaim

De réir an liosta mainnitheoirí cánach is déanaí ó na Coimisinéirí Ioncaim, rinne 65 dream socrú cánach leo, socruithe arbh fhiú €13 milliún iad

Socrú cánach €175,000 déanta ag siopa Gaeltachta leis na Coimisinéirí Ioncaim

Tháinig úinéirí siopa Gaeltachta ar réiteach leis na Coimisinéirí Ioncaim go n-íocfaí €174,167 mar shocrú ar cháin nár íocadh.

De réir liosta na mainnitheoirí cánach a d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim inniu, bhí €84,947 ag dul dóibh ón gcomhlacht M.E. Powell Limited a bhfuil siopa grósaera acu i gCill Rónáin ar Inis Mór, Árainn.

Bhain an bille sin le dearbhú CBL, PAYE, PRSI agus USC an chomhlachta a bheith easnamhach.

Gearradh ús €42,900 ar an mbille nár íocadh agus cuireadh pionós eile €46,282 ar an gcomhlacht, a ghlac leis an socrú sin.

De réir liosta na mainnitheoirí cánach, go dtí an 30 Meán Fómhair 2018, a d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim tráthnóna, rinne 65 dream socrú cánach lasmuigh den chúirt, socruithe arbh fhiú €13 milliún iad. €3.4 milliún a bhí fós le híoc faoin 30 Meán Fómhair.

Bhí socrú níos mó ná €100,000 i gceist le 25 cás, os cionn €500,000 a bhí i gceist le cúig chás acusan agus os cionn €1 milliún a bhí le híoc in dhá chás.

I measc na ndreamanna eile ar an liosta tá Comhairle Chontae Ros Comáin a rinne socrú €456,000 a bhain le CBL nár íocadh.

Bhain an socrú is mó – os cionn €2.5 milliún – a d’íoc an Westenra Hotel i Muineachán, a bhfuil an bainisteoir peile aitheanta GAA Seamus ‘Banty’ McEnaney ar dhuine de na stiúrthóirí air.

Fág freagra ar 'Socrú cánach €175,000 déanta ag siopa Gaeltachta leis na Coimisinéirí Ioncaim'