‘So no Irish Language Act, but Irish Language on a Red Hand Commando flag’ – míshuaimhneas faoi bhratacha paraimíleatacha

Tá an mana ‘Lamh Derg Abu’ (Lámh Dhearg Abú) le feiceáil ar na bratacha atá curtha in airde ag an ngrúpa paraimíleatach dílseach an Red Hand Commando i lár Bhaile na hInse

‘So no Irish Language Act, but Irish Language on a Red Hand Commando flag’ – míshuaimhneas faoi bhratacha paraimíleatacha

Tá mana Gaeilge le feiceáil ar bhratacha de chuid an ghrúpa pharaimíleataigh an Red Hand Commando, bratacha atá ag cothú míshuaimhnis i gcontae an Dúin.

Tá an mana ‘Lamh Derg Abu’ (Lámh Dhearg Abú) le feiceáil ar na bratacha atá curtha in airde ag an ngrúpa paraimíleatach dílseach i lár Bhaile na hInse.

Dúirt cuid de mhuintir an bhaile leis an Irish News go rabhthas “míshuaimhneach” faoina leithéid de bhratacha a bheith ar foluain in áit phoiblí atá gar do leabharlann agus d’ionad sláinte.

Bunaíodh an Red Hand Commando in 1972 agus bhí an grúpa gníomhach go háirithe in oirthear Bhéal Feirste agus i gcontae an Dúin. Dearbhaíodh gur eagraíocht mhídhleathach a bhí inti i 1973. Mharaigh an grúpa, a bhfuil nasc láidir aige leis an UVF, 13 duine le linn na dtrioblóidí, 12 sibhialtach agus ball amháin den eagraíocht féin ach meastar go raibh baint acu chomh maith le dúnmharuithe eile.

Tá iarratas déanta ag an Red Hand Commando le hOifig Gnóthaí Baile na Breataine go mbainfí an grúpa de liosta na ngrúpaí sceimhlitheoireachta toirmiscthe agus lucht an ghrúpa ag maíomh go bhfuil fúthu an RHC a fhorbairt mar eagraíocht phobail.

Murab ionann agus grúpaí paraimíleatacha dílseacha eile baineann an Red Hand Commando úsáid as mana Gaeilge go minic.

Ba é JJ Magee, comhairleoir cathrach de chuid Shinn Féin i dtuaisceart Bhéal Feirste, is túisce a tharraing aird ar an nGaeilge ar na bratacha atá ar foluain i mBaile na hInse. Thagair Magee ina tvuít faoin scéal don éileamh ar acht Gaeilge.

Fág freagra ar '‘So no Irish Language Act, but Irish Language on a Red Hand Commando flag’ – míshuaimhneas faoi bhratacha paraimíleatacha'

  • Aonghus

    Nuair a bhí na haontachtaí ag agóidíocht cupla bliain ó shin faoi laghdú na n-ocáidí a bhféadfaí brat an Aontais a bheith ar folún ar fhoirgnimh phoiblí sa Tuaisceart bhí stocaigh óga ag cur bac ar thrácht ag timpealláin agus soilse tráchta le Gaeilge ar a mbratacha agus ní h’amháin sin ach an mana -“Fág a’ Bealach”- ag teacht go hiomlán salach ar an sprioc a bhí acu! Nuair a cuireadh seo ar a súile dóibh le leitir sa BT caitheadh na bratacha i dtraipisí lá arna mhárach ach chonacthas iad ina dhiaidh sin ag mórshúil na nOráisteach i bhFearmanach. Beidh siad ina gcainteoirí dúchasa fós!

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Gan dearmad a dhéanamh ar amhrán iomráiteach na mBuachaillí Buí – Lillibulero:
    Lero Lero Lillibullero / Lillibullero bullen a la
    [Is] léir [is] léir [an] lile ba léir [é] / [An] lile ba léir, ba linn an lá.